"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17 Deireadh Fómhair 2023
Na príomhthorthaí
Bhreathnaigh an Chomhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch agus leag sí béim ar an ngá atá le leanúint den phlé ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal polaitiúil araon.
Is éard atá i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais sraith comhrialacha do bheartais fhioscacha agus eacnamaíocha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit uile. Is é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú agus cóineasú a chur chun cinn agus, ag an am céanna, aghaidh á tabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
Táimid ag obair gan staonadh agus de mheon na comhthola chun teacht ar chomhaontú cothrom roimh dheireadh na bliana. Táimid an-uaillmhianach, ach tá neart i ngeall air — ár n-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú, agus bealach don fhás inbhuanaithe agus don fhreagracht fhioscach a chuirfidh ar ár gcumas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
Nadia Calviño, céad-Leas-Uachtarán gníomhach agus Aire Geilleagair agus Digiteála na Spáinne
Trí thogra atá san athchóiriú:
rialachán maidir le comhordú éifeachtach na mbeartas eacnamaíoch agus faireachas buiséadach iltaobhach
rialachán maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air
treoir maidir le ceanglais do chreataí buiséadacha na mBallstát
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le staid imeartha chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Ghlac an Chomhairle cinntí cur chun feidhme lena bhformheastar pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na Seicia, na Spáinne, na hÍsiltíre, na Portaingéile agus na Slóivéine.
Le linn 2023, meastar go dtíolacfaidh gach ceann de na 27 mBallstát leasuithe de réir a chéile ar a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta uair amháin ar a laghad, chun rochtain a fháil ar dheontais nua REPowerEU, nó chun iasachtaí atá ar fáil a iarraidh, nó chun leithdháileadh nuashonraithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le staid imeartha thionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin. Díríodh sa phlé ar an staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin, bunaithe ar ionchur ón gCoimisiún agus ón Uachtaránacht.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú aeráide mar ullmhúchán do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 28), a bheidh ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2023.
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 a tionóladh an 11 go dtí an 13 Deireadh Fómhair 2023.
Cánachas: liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha
Fuair na hAirí tuarascáil bunaithe ar an obair a rinneadh sa Mheitheal um an gCód Iompair (cánachas gnó), a bhaineann leis an nuashonrú rialta ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach. D’fhormheas an Chomhairle an nuashonrú ar liosta an Aontais.
Chuir an Chomhairle Antigua agus Barbúda, an Bheilís agus na Séiséil leis, agus bhain sí Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, Cósta Ríce agus Oileáin Marshall den liosta.
Ghlac an Chomhairle treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais. Leis an Treoir, déantar an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana sa réimse sin a neartú tríd an raon feidhme maidir le hoibleagáidí clárúcháin agus tuairiscithe agus comhar riaracháin foriomlán na riarachán cánach a mhéadú.
Baineann na leasuithe go príomha le tuairisciú agus malartú uathoibríoch faisnéise maidir le hioncam ó idirbhearta i gcriptea-shócmhainní agus maidir le réamhrialuithe cánach do na daoine is saibhre (ardfhiúntas).
Thíolaic an Uachtaránacht staid na himeartha i ndáil le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais. Bhreathnaigh na hairí ar staid na himeartha agus ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn a bhí déanta maidir leis na treoracha do sheirbhísí airgeadais a chur chun feidhme.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.