"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 16 Eanáir 2024
Na príomhthorthaí
Clár oibre na huachtaránachta
Chuir Uachtaránacht na Beilge i láthair a clár oibre don chéad seimeastar den bhliain i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais.
Táimid tiomanta go mbeidh rath ar an Uachtaránacht seo agus go mbeidh an clár oibre uaillmhianach tugtha chun críche againn ag deireadh shainordú seo an Aontais. I measc na gcomhad seo, tá trí phríomhthosaíocht againn. Ar an gcéad dul síos, gan amhras, díreoimid isteach ar an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch agus ar an gcaibidlíocht thrípháirteach le Parlaimint na hEorpa. Ar an dara dul síos, oibreoimid ar an Aontas Baincéireachta Eorpach agus ar Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú a thuilleadh. Agus ina dteannta sin tá Uachtaránacht na Beilge lántiomanta leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin chomh fada agus is gá.
Vincent van Peteghem, Aire Airgeadais na Beilge
Díreoidh an Uachtaránacht ar an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais a thabhairt chun críche, ar thacaíocht leanúnach airgeadais a thabhairt don Úcráin, agus ar reachtaíocht lena rialaítear an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil.
Lena chois sin, oibreoidh an Uachtaránacht chun an bhearna CBL a laghdú, ar acmhainní dílse an Aontais, chun an t-athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a thabhairt chun críche, agus ar athbhreithniú ar reachtaíocht a bhaineann leis an gCód Custaim chomh maith le rialacha cánachais i ndáil le teilea-obair trasteorann.
Ós rud é go mbeidh Uachtaránacht na Beilge ag feidhmiú ag deireadh téarma parlaiminteach Eorpach amháin agus ag tús téarma eile, oibreoidh sí chun bailchríoch a chur ar na mórchomhaid nach bhfuil curtha i gcrích go fóill agus, ag an am céanna, spreagfaidh sí plé ar staid eacnamaíoch an Aontais agus a thodhchaí.
Chuir an Chomhairle tús le próiseas bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh chun faireachán a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát. D’fhormheas an Chomhairle conclúidí i ndáil le tuarascáil 2024 maidir leis an sásra foláirimh agus suirbhé bliantúil 2024 don fhás inbhuanaithe. Chomh maith leis sind’fhormheas an Chomhairle an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2024. Cuirfear an moladh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena fhormhuiniú ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta agus ina dhiaidh sin glacfaidh an Chomhairle é ag ceann de chruinnithe Ecofin a bheidh aici amach anseo.
Thug na hairí aird ar staid na himeartha maidir leis an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin. Fuair siad an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir leis an staid eacnamaíoch agus bhuiséadach san Úcráin agus phléigh siad an tacaíocht airgeadais ón Aontas don Úcráin agus an obair leanúnach atá á déanamh maidir le sócmhainní reoite agus blocáilte a úsáid.
Chuir na hairí treoir ar fáil maidir le tuilleadh oibre i bhfianaise chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 an 26-29 Feabhra 2024 in São Paulo, an Bhrasaíl. Thug an Chomhairle sainordú don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais bailchríoch a chur ar Théarmaí Tagartha an Aontais don chruinniú G20 sin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.