Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 3 Márta 2014

Díríonn an Chomhairle ar an aeráid, ar an bhfuinneamh agus ar OGManna

Phléigh airí comhshaoil an Aontais creat beartais 2030 maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh agus roinn siad tuairimí ar a chéile i ndáil le togra maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna).

Chomhaontaigh na hairí go raibh an díospóireacht maidir le creat 2030 riachtanach mar go dteastódh soiléireacht agus intuarthacht ó infheisteoirí, ó ghnólachtaí agus ó shaoránaigh maidir le beartais aeráide agus fuinnimh a bheidh ann amach anseo.

"Bunús fónta le haghaidh plé atá i gcreat beartais 2030 a mholtar. Bhí an chéad bhabhta den phlé a rinneamar leis na hairí comhshaoil an-suimiúil agus an-úsáideach agus leanfar ar aghaidh leis sin amárach lenár gcomhghleacaithe fuinnimh," a dúirt Yannis Maniatis, aire comhshaoil, fuinnimh agus athrú aeráide na Gréige, a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún le haghaidh creat beartais maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh sa tréimhse 2020-2030 dul chun cinn leantach a spreagadh d'fhonn geilleagar ísealcharbóin agus córas fuinnimh iomaíoch agus slán a bhaint amach.

Tabharfaidh an uachtaránacht tuarascáil maidir le toradh phlé na n-airí d'Uachtarán na Comhairle Eorpaí. I measc na saincheisteanna a phléifear ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 20-21 Márta 2014, beidh an aeráid agus fuinneamh.

Creat 2030 do bheartais aeráide agus fuinnimh

Áirítear iad seo a leanas ar phríomhghnéithe an chreata a bheartaítear:

  • laghdú 40% faoi leibhéil 1990 a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, atá le baint amach trí bhearta intíre amháin (gan creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid)
  • sprioc fuinnimh inathnuaite ar a laghad 27% de thomhaltas fuinnimh agus solúbthacht ag na Ballstáit lena gcuspóirí náisiúnta a leagan síos
  • éifeachtúlacht fuinnimh mar chuid lárnach de chreat 2030: déanfar athbhreithniú ar an Treoir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh níos déanaí in 2014.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Orgánaigh ghéinmhodhnaithe

Bhí plé ag an gComhairle maidir leis an dréachtrialachán lena leasaítear Treoir 2001/18/CE, i dtaca le deis a bheith ag Ballstáit srian nó toirmeasc a chur ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe a bheith á saothrú ina gcríoch. Dearbhaíodh le linn an phlé sin go raibh na Ballstáit ullamh dul i mbun cainteanna arís maidir leis an togra reachtach ar bhonn an téacs chomhréitigh ón uachtaránacht.

An Seimeastar Eorpach a ghlasú

Mar ullmhúchán do Chomhairle Eorpach an earraigh, phléigh na hairí Suirbhé Bliantúil Fáis 2014 freisin. Díríodh an díospóireacht ar an mbealach ina bhféadfaí feabhas a chur ar ghlacadh thosaíochtaí an gheilleagair ghlais sna cláir athchóirithe náisiúnta agus i dtimthriall foriomlán an tSeimeastair Eorpaigh.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025