- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 17/12/2014, 17 Nollaig 2014
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le hastaíochtaí CO2 ó longa
Ag an gcruinniú a bhí acu an 17 Nollaig 2014 sa Bhruiséil, tháinig Airí Comhshaoil AE ar chomhaontú polaitiúil faoi na rialacha nua uile-Aontais i ndáil le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó longa.
Faoi láthair is í an loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta an t-aon bhealach iompair nach bhfuil ar áireamh i ngealltanas an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is í an chéad chéim i gcur chuige oiriúnaithe faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó longa d'fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú san earnáil sin freisin.
Glacfar comhsheasamh foirmiúil tráth níos faide anonn, tar éis do shaineolaithe dlí/teangeolaíochta an téacs a fhéachaint.
Málaí plaisteacha
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le dréacht-treoir chun úsáid málaí plaisteacha éadroma a laghdú. Is í an aidhm atá leis na rialacha nua an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a bhíonn ag bruscar ó mhálaí siopadóireachta plaisteacha a theorannú.
De réir dlí nua an Aontais beidh ar rialtais rogha a dhéanamh táille a thabhairt isteach ar mhálaí plaisteacha aonúsáide faoi dheireadh 2018 nó bearta a ghlacadh chun a n-úsáid a laghdú.
Glacfar comhsheasamh foirmiúil tráth níos faide anonn, tar éis do shaineolaithe dlí/teangeolaíochta an téacs a sheiceáil.
Na príomhábhair eile ar an gclár oibre
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir le dréacht-treoir d'fhonn astaíochtaí truailleán áirithe san aer ó ghléasraí dócháin meánmhéide a theorannú. Rinne na hAirí an méid seo a leanas freisin:
- phléigh siad clár oibre an Choimisiúin do 2015, go háirithe an Pacáiste don Gheilleagar Ciorclach agus an Pacáiste Aeir Ghlain
- dheimhnigh siad comhaontú polaitiúil maidir leis an bpacáiste lenar daingníodh leasú Doha, le hionchas a dhaingniú agus a chur chun feidhme teicniúil a chumasú
- phléigh siad an staid mar atá maidir le dréacht-chinneadh chun cúltaca cobhsaíochta margaidh a bhunú do scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí (STA AE)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025