Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 28/10/2014, 28 Deireadh Fómhair 2014

Iarrann an Chomhairle straitéis Eoraip 2020 'níos glaise'

Ag teacht le chéile dóibh i Lucsamburg an 28 Deireadh Fómhair, ghlac na hairí comhshaoil conclúidí maidir leis an Seimeastar Eorpach agus straitéis Eoraip 2020 'a ghlasú'.

Aithnítear sna conclúidí go gcuirtear le rathúnas fadtéarma le geilleagar níos glaise agus leagtar béim ann ar an ngá atá le haistriú i dtreo geilleagar ciorclach a bheidh éifeachtúil ó thaobh acmhainní. Cuirtear béim sna conclúidí go háirithe ar an ngá atá leis an méid a leanas:

  • éifeachtúlacht acmhainní sa straitéis Eoraip 2020 a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, trí sprioc mhianaidhme neamhcheangailteach a thabhairt isteach
  • prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus an acmhainneacht d'fhostaíocht ghlas a chur san áireamh sa Seimeastar Eorpach
  • tuairisciú struchtúrach agus rialta a dhéanamh i ndáil le scileanna glasa, fostaíocht agus fás mar chuid den tuarascáil chomhpháirteach maidir leis an bhfostaíocht atá i gceangal leis an tsuirbhé bliantúil fáis
  • tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an sainmhíniú ar phoist ghlasa, chun nach ndéanfar é a theorannú do phoist in 'earnálacha glasa'
  • feabhas a chur ar an modheolaíocht tomhais chun go n-áireofaí an dul chun cinn a dhéantar i dtreo éifeachtúlacht acmhainní ar an leibhéal náisiúnta ar bhealach níos fearr
  • córas a fhorbairt le measúnú a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha, ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí éiceachórais a chuireann siad ar fáil (capita nádúrtha AE)
  • ról neartaithe na n-airí comhshaoil a thabhairt sa Seimeastar Eorpach

Tá na conclúidí sin mar chuid d'athbhreithniú fadtéarma ar an straitéis 2020. Mar aon leis na díospóireachtaí a dhéantar i gcumraíochtaí eile de chuid na Comhairle, beidh siad mar bhonn do thuarascáil sintéise a bheidh le formhuiniú ag an gComhairle Eorpach i mí na Nollag.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Thionóil an Chomhairle díospóireacht freisin ar threoir atá beartaithe maidir le bainistiú dramhaíola. Dhírigh sí ar chomh huaillmhianach agus atá an togra, ar an ngá atá ann le tuilleadh oibre a dhéanamh ar roinnt de na bearta a áirítear ann agus ar an measúnú a rinneadh maidir le saincheisteanna faoi chosc ar dhramhaíl agus athúsáid.

Phléigh na hairí conas a thabharfar ar aghaidh an creat 2030 maidir le hAeráid agus Fuinneamh a comhaontaíodh ag an gComhairle Eorpach an tseachtain seo caite. Ghlac siad conclúidí freisin lena sainítear seasamh AE do chomhdháil Lima, lena dtabharfar na páirtithe le Creat-Choinbhinsiún NA maidir leis an Athrú Aeráide le chéile.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025