Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 05/10/2015, 5 Deireadh Fómhair 2015

De réir mar a éiríonn linn teacht as an ngéarchéim, is gá go gcoimeádfar saincheisteanna sóisialta agus fostaíochta i gcroílár ár mbeartas, agus dá dhroim sin is gá an rialachas sóisialta a neartú. I dTuarascáil na gCúig Uachtarán moltar roinnt tograí is gá a phlé sa Chomhairle. ” Is mar sin a labhair Nicolas Schmit, An tAire Saothair, Fostaíochta agus Geilleagair Shóisialta agus Dlúthpháirtíochta, Lucsamburg

Na príomhthorthaí 

Phléigh an Chomhairle an chaoi ina bhféadfar an ghné shóisialta a neartú i rialachas an Aontais. Thacaigh sí le príomhtheachtaireachtaí na tuarascála faoi athchóirithe ar an mbeartas sóisialta ina gcaitear súil ar na saincheisteanna a bhaineann le cuimsiú sóisialta, pinsin, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach. Dhearbhaigh Nicolas Schmit, Uachtarán na Comhairle, An tAire Saothair, Fostaíochta agus Geilleagair Shóisialta agus Dlúthpháirtíochta, Lucsamburg, mar a leanas: “De réir mar a éiríonn linn teacht as an ngéarchéim, is gá go gcoimeádfar saincheisteanna sóisialta agus fostaíochta i gcroílár ár mbeartas, agus dá dhroim sin is gá an rialachas sóisialta a neartú. I dTuarascáil na gCúig Uachtarán moltar roinnt tograí is gá a phlé sa Chomhairle. ” 

Dhearbhaigh Romain Schneider, an tAire Slándála Sóisialta, Lucsamburg, mar a leanas: “Bainfidh an Uachtaránacht earraíocht as an bplé a rinneadh i bhfoirmíochtaí ábhartha na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin agus tabharfaidh sí tuarascáil i scríbhinn don Uachtarán Tusk roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair.” 

Phléigh an Chomhairle moltaí an Choimisiúin faoin gcaoi ina bhféadfar daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú i margadh an tsaothair. Thagair na hAirí do na príomhdhúshláin agus thrácht siad ar a dtaithí féin ar an leibhéal náisiúnta agus an dífhostaíocht fhadtéarmach á comhrac acu. 

Thacaigh an Chomhairle le príomhtheachtaireachtaí na tuarascála 'Ioncam leordhóthanach scoir i gcomhthéacs sochaí atá ag dul in aois' agus conclúidí á nglacadh. 

Ghlac sí conclúidí maidir leis an gClár Oibre nua maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair agus é mar aidhm leo taobhú le coinníollacha oibre níos fearr. 

Ar deireadh, thacaigh an Chomhairle lena seasamh caibidlíochta maidir le dhá dhréacht-Rialachán atá dírithe ar a áirithiú go mbeidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro sábháilte agus ar ardchaighdeán. Leis sin, beidh ar chumas Uachtaránacht Lucsamburg dul i mbun cainteanna le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir. 

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025