Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 18-19/06/2015, 18-19 Meitheamh 2015

Na príomhthorthaí

Céim chinntitheach chun tosaigh maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht na n-othar agus le hiomaíochas na hEorpa a neartú atá sa chomhaontú ar thángthas air inniu. Guntis Belēvičs, Aire Sláinte na Laitvia 

Sláinte

Feistí leighis 

Chomhaontaigh an Chomhairle ábhar a seasaimh caibidlíochta maidir le dhá dhréacht-rialachán atá dírithe ar rialacha an Aontais, i ndáil le feistí leighis agus le feistí leighis diagnóiseacha in vitro, a nuachóiriú. Is é príomhchuspóir an dá dhréacht-rialachán a áirithiú go mbeidh táirgí amhail cromáin nua, séadairí agus tástálacha saotharlainne sábháilte.

Mar thoradh ar an gcomhaontú ar thángthas air sa Chomhairle, beidh an chéad Uachtaránacht eile in ann teagmháil a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa chun caibidlíocht a ullmhú idir an dá institiúid.

"Céim chinntitheach chun tosaigh maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht na n-othar agus le hiomaíochas na hEorpa a neartú atá sa chomhaontú ar thángthas air inniu. Tá tuilleadh oibre ag teastáil laistigh den Chomhairle agus idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, áfach, lena áirithiú go gcuirfear na leasanna, a bhaineann leis na rialacha nua, i bhfeidhm", a dúirt Guntis Belēvičs, Aire Sláinte na Laitvia agus Uachtarán na Comhairle.  

Beartas Alcóil an Aontais 

Thacaigh tromlach na nAirí le hiarratas ó thoscaireacht na Slóivéine go gcuirfí creat nua i láthair do bheartas alcóil an Aontais. Leis an gcreat sin, chabhrófaí le Ballstáit dul i ngleic le mí-úsáid alcóil agus leis an dochar a dhéantar mar gheall ar alcól. De réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, is é an t-alcól an tríú toisc riosca is mó do ghalair agus don bhás san Eoraip.  

Clár oibre na hEorpa maidir leis an imirce 

Leag go leor Airí béim ar a thábhachtaí atá sé gné na sláinte a léiriú i gceart i gclár oibre na hEorpa maidir leis an imirce. 

Bhí díospóireacht fiúntach ag na hAirí maidir leis na gnéithe sin de na moltaí a bhain le bearta fostaíochta agus sóisialta. Tá dul chun cinn beag déanta ag an Aontas Eorpach ó thaobh téarnaimh anois, mar sin féin tá dúshláin fós le sárú.  Uldis Augulis, Aire Leasa na Laitvia

Fostaíocht agus Beartas Sóisialta  

Phléigh na hAirí na gnéithe sin de chleachtadh Sheimeastar Eorpach 2015 a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta.  

Arsa Uachtarán na Comhairle Uldis Augulis, Aire Leasa na Laitvia, "Bhí díospóireacht fiúntach ag na hAirí maidir leis na gnéithe sin de na moltaí a bhaineann leis an bhfostaíocht agus leis an mbeartas sóisialta. Tá dul chun cinn beag déanta ag an Aontas Eorpach ó thaobh téarnaimh anois, mar sin féin tá dúshláin fós ann le sárú. Tá athchóirithe struchtúracha tábhachtacha curtha chun feidhme ag na Ballstáit agus leanfar de na hiarrachtaí sin."  

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na ceithre treoirlínte a leanas do bheartais fostaíochta na mBallstát:

  • dlús a chur leis an éileamh ar shaothar
  • soláthar saothair, scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú
  • feidhmiú na margaí saothair a fheabhsú agus cuimsiú sóisialta a chothú 
  • bochtanas a chomhrac agus deiseanna comhionanna a chur chun cinn

Maidir le fostaíocht don ógra, ghlac an Chomhairle conclúidí ar an tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le scéim ráthaíochta an Aontais don aos óg agus bhreathnaigh sí ar an gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ráthaíocht don aos óg agus an comhaontas Eorpach do phrintíseachtaí.  

Thug sí dá h-aire tuarascálacha ar dhul chun cinn ar an Treoir maidir le Mná ar Bhoird Chuideachtaí agus ar an Treoir maidir le Cóir Chomhionann, agus ghlac sí conclúidí ar dheiseanna maidir le hioncam cothrom do mhná agus d'fhir: fáil réidh leis na difreálacha pinsin idir na hinscní.  

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025