- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 07/03/2016, 7 Márta 2016
Na príomhthorthaí
An Seimeastar Eorpach
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis na gnéithe sin den Seimeastar Eorpachdon bhliain 2016 a bhaineann leis an mbeartas fostaíochta agus sóisialta.
Bhí an díospóireacht dírithe ar chur chun feidhme na moltaí tír-shonracha agus úsáideadh an deighilt i margadh an tsaothair agus socruithe conarthacha mar chás-staidéar.
Clár oibre do scileanna
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le clár oibre do scileanna nua, ar clár é a chuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle sa Bhealtaine, mar a mheastar.
Pacáiste maidir le soghluaisteacht an lucht saothair
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoin bpacáiste maidir le soghluaisteacht an lucht saothair a fógraíodh ina chlár oibre do 2016.
An comhionannas
Ní raibh an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú i ndáil le Conclúidí faoin gcomhionannas inscne agus comhionannas LGBTI.
D'aontaigh 27 dtír inniu go nglacfaidh siad bearta chun an pobal LGBTI a chosaint. Déanann an Ísiltír amach go bhfuil sé an-tábhachtach bearta a ghlacadh chun cabhrú leis an bpobal LGBTI” arsa Lodewijk Asscher, Leas-Phríomh-Aire na hÍsiltíre agus an tAire Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíochta
Cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg
D’fhormhuinigh an Chomhairle na príomhtheachtaireachtaí maidir leis an mbealach chun forás a dhéanamh ar an Ráthaíocht don Aos Óg ó 2016 ar aghaidh.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Background brief
- Treoir do na meáin, an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 7 Márta 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Fostaíochta, Beartas Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, an 7 Márta 2016
- Liosta na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025