Na príomhthorthaí
Fostaíocht agus an beartas sóisialta - 21 Meitheamh
Comhordú na gcóras slándála sóisialta
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil le comhordú na gcóras slándála sóisialta (athbhreithniú ar Rialachán 883/2004 agus Rialachán 987/2009).
Dírítear sa dréachtrialachán leasaitheach ar chúig réimse: sochair dhífhostaíochta, sochair cúraim fhadtéarmaigh, rochtain ar shochair do dhaoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, sochair theaghlaigh agus reachtaíocht is infheidhme maidir le hoibrithe ar postú agus le daoine atá ag obair i níos mó ná Ballstát amháin. Áirithítear leis roinnt leasuithe beaga eile.
Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.
Tá comhordú na gcóras slándála sóisialta ríthábhachtach lena áirithiú go n-oibríonn saorghluaiseacht daoine go praiticiúil. Leis an uasdátú seo ar na rialacha, fágfaidh sé go mbeidh siad níos soiléire, níos cothroime agus níos éasca a fhorfheidhmiú.
Biser Petkov, Aire Saothair agus Beartas Sóisialta na Bulgáire
Cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí
D'aontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir maidir le cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí.
Is éard is aidhm leis an togra go bhfeabhsófar rochtain ar shocruithe oibre don chothromaíocht oibre agus saoil, amhail saoire agus socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus do chúramóirí. Ba cheart go gcuirfí borradh faoi líon na bhfear a ghlacann saoire a bhaineann leis an teaghlach, rud a chuirfeadh le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh fostaíochta.
Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.
Dálaí oibre atá trédhearcach intuartha
D'aontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (an cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir maidir le dálaí intuartha trédhearcacha oibre. Leis an dréacht-treoir seo, tugtar aghaidh ar na dúshláin a thugtar de bharr forbairtí i saol na hoibre, lena n-áirítear solúbthacht mhéadaitheach sa mhargadh fostaíochta.
Ar bhonn an tsainordaithe sin, rachaidh Uachtaránacht na Comhairle i gceann caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa a luaithe a bheidh a seasamh glactha ag an bParlaimint.
Oibrithe a phostú
Ghlac an Chomhairle an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le hoibrithe a phostú. Is é is aidhm leis an treoir go n-áiritheofar luach saothair cóir agus cothrom na Féinne idir cuideachtaí postála agus cuideachtaí áitiúla sa tír óstach, fad is a chaomhnaítear an prionsabal a bhaineann le saorghluaiseacht seirbhísí.
A bhfuil i ndán do chúrsaí sláinte san Aontas
Phléigh na hairí a bhfuil i ndán do chúrsaí sláinte san Aontas. Thug na Ballstáit aird ar a úsáidí a bhíonn gníomhaíocht an Aontais lena ndírítear ar an tsláinte go háirithe nuair a bhíonn gné thrasteorann i gceist nó nuair a éascaíonn sí feabhsú ar bhearta náisiúnta bunaithe ar dhea-chleachtais a chomhroinnt. Rinne siad trácht ar réimsí éagsúla ina dtig le comhar an Aontais dul chun sochair do na Ballstáit, amhail dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le galair a chosc agus i réimse na ngalar neamhthógálach, bagairtí sláinte trasteorann, sábháilteacht na n-othar, an Sásra Foláirimh, ríomhsheirbhísí sláinte, taighde, agus comhar idir lárionaid shainfheidhmithe nó comhar deonach idir grúpaí Ballstát i ndáil le saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.
Tá an tAontas ag iarraidh go mbeadh na beartais sin a théann chun sochair, ar bhealach díreach, do dhaoine, go mbeidís níos infheicthe: ina measc tá an beartas sláinte. Sa phlé inniu, tugadh aird ar na réimsí sin inar féidir leis an Aontas luach breise a chur ar fáil. Leag muid amach creat do ghníomhaíocht sa todhchaí: beartas cúraim sláinte a chuirfeadh na Ballstáit chun tosaigh, agus é dírithe ar chreat a théann chun sochair do dhaoine agus lena ráthaítear cáilíocht bheatha ar ár mór-roinn.
Kiril Ananiev, Aire Sláinte na Bulgáire
Cúrsaí Sláinte - 22 Meitheamh
Measúnú ar theicneolaíocht na sláinte
Bhí díospóireacht ag na hairí faoin rialachán atá beartaithe maidir le measúnú ar theicneolaíocht na sláinte, lena gcuirfeadh treoir ar fáil faoi na bealaí a d'fhéadfaí feabhas a chur ar chomhar i láthair na huaire. Sa phlé seo, díríodh ar an rogha idir cur chuige éigeantach agus cur chuige níos deonaí lena mbeadh solúbthacht níos mó do na Ballstáit. Chinn an Uachtaránacht gur léiríodh spéis faoi leith sa díospóireacht i gcur chuige deonach, lena mbeadh gá le plé ar réitigh éagsúla, agus gur léiríodh go mbeadh roinnt ama de dhíth chun an plé sin a dhéanamh sa Chomhairle.
Conclúidí maidir le Healthy nutrition for children: the healthy future of Europe [Cothú folláin do leanaí: todhchaí fholláin na hEorpa]
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir Healthy nutrition for children: the healthy future of Europe [Cothú folláin do leanaí: todhchaí fholláin na hEorpa]le cothú folláin do leanaí.Todhchaí fholláin na hEorpa'.
Agus é a chur san áireamh go bhfuil cothú mífholláin ina chúis riosca (inseachanta) le galair ainsealacha thromchúiseacha, dírítear sna conclúidí ar aistí bia níos folláine i gcomhair páistí, agus iad seo ar na hinfheistíochtaí is fearr i ndea-fholláine glúine óig Eorpaí a bhfuil an tsláinte aici.
Rialachán 726/2004 mar chuid de phacáiste na tréidlíochta
Leag an tAire Ananiev béim freisin ar an dea-thoradh a bhí ar an gcaibidlíocht faoi leasuithe ar Rialachán 726/2004 mar chuid de phacáiste na tréidlíochta. Tosaíocht ag uachtaránacht na Bulgáire a bhí sa sainchomhad. Tá roinnt athruithe sa chomhaontú, mar shampla, glacadh na dtáillí don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, béim faoi leith ar an ngá le cur chuige-sláinte-amháin i leith an tSásra Foláirimh, chomh maith le Liospónú comhuaineach na bhforálacha i reachtaíocht ghaolmhar.