"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Geilleagar na dea-bhaile: thar a bhfuil sa OTI (Grafaic faisnéise)
An tSláinte, 9 Nollaig 2019
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir le ‘Geilleagar na dea-bhaile - na chéad chéimeanna eile d'infheistiú sa tsláinte mar phríomhghné de', bunaithe ar phlépháipéar. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le hábhair a bhaineann le réimse na sláinte, go háirithe an mheabhairshláinte, an t-aosú folláin agus claochlú digiteach na seirbhísí sláinte agus sóisialta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bunaithe ar nóta ón uachtaránacht, bhí díospóireacht ag na hairí freisin maidir leis an mbealach chun comhar agus comhordú a neartú agus é mar aidhm rochtain acu rochtain ar chógais leighis ar fud an Aontais a fheabhsú.
Bhí an díospóireacht sin thar a bheith tábhachtach toisc go bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar ghanntanais cógas leighis. Ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar conas is féidir déileáil leis na leibhéil éagsúla rochtana ar chógais nua ar fud an Aontais. Tá comhar agus comhordú ríthábhachtach, mar tá bearta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ag teastáil chun dul i ngleic leis na dúshláin sin.
Krista Kiuru, Aire Gnóthaí Teaghlaigh agus Seirbhísí Sóisialta na Fionlainne
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas i ndáil leis an obair atá á déanamh faoi láthair ar an Rialachán maidir le measúnú ar theicneolaíocht na sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE
Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil faoi staid na sláinte san Aontas Eorpach
Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin maidir le staid reatha chur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis agus Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro
Cuireadh na hairí ar an eolas faoi thorthaí na gcomhdhálacha a d'eagraigh Uachtaránacht na Fionlainne
Chuir uachtaránacht nua na Cróite a clár oibre i réimse na sláinte i láthair
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
An Fhostaíocht agus Beartas Sóisialta - 10 Nollaig 2019
Comhionannas inscne
Ar bhonn plépháipéir, bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí maidir le beartais a bheidh ann amach anseo maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne san Aontas Eorpach. Ag tús na díospóireachta chuir stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) na torthaí sa tuarascáil is déanaí uaithi maidir leis na príomhthreochtaí, an dul chun cinn reatha agus na dúshláin mhóra i réimse an chomhionannais inscne san Aontas Eorpach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le comhionannas inscne i ngeilleagair san Aontas Eorpach. Tá an glacadh sin mar chuid den athbhreithniú ar chur chun feidhme chlár oibre na Náisiún Aontaithe um Chomhionannas Inscne agus um Chumhachtú na mBan (Dearbhú agus Clár Oibre gníomhaíochta Bhéising).
Ghlac an Chomhairle freisin conclúidí i ndáil le creat straitéiseach nua an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair. Iarrtar ar an gCoimisiún sna conclúidí creat nua a thíolacadh don tréimhse 2021-2027.
A bhfuil i ndán do reachtaíocht shóisialta an Aontais
Ar bhonn nóta stiúrtha ón uachtaránacht, bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí maidir lena bhfuil i ndán don reachtaíocht shóisialta i gcomhthéacs na n-athruithe gasta i margadh an tsaothair. Ba é b'aidhm don phlé bealaí lena bhféadfaí reachtaíocht an Aontais a fhorbairt a thuilleadh i réimse na ngnóthaí sóisialta, chun deacrachtaí a bhaineann lena cur chun feidhme a shainaithint, moltaí maidir le conas is féidir na bearnaí reachtacha atá fós ann a líonadh agus na dlíthe atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ghlac airí freisin conclúidí maidir le margaí saothair cuimsitheacha. Is é príomhaidhm na gconclúidí seo aird a thabhairt ar an luach eacnamaíoch a bhaineann le deiseanna fostaíochta níos fearr a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, do dhaoine ar bheagán oiliúna agus do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, do dhaoine óga agus do dhaoine de bhunadh imirceach.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le roinnt tograí:
An Cinneadh lena leasaítear Cinneadh 573/2014/AE maidir le
comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)
An tAthbhreithniú ar na Rialacháin maidir le Comhordú na gCóras Slándála Sóisialta (883/04 agus 987/09)
An Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED)
An Treoir maidir le Cóir Chomhionann (Airteagal 19)
An Treoir maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir leis an staid reatha i dtaca leis an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir toscaireacht na Sualainne na hairí ar an eolas maidir le seimineár foghlama frithpháirtí ar an bhforéigean teaghlaigh le fir agus buachaillí a chosc (Stócólm, 16-17 Meán Fómhair 2019)
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir cathaoirleach an Choiste um Chosaint Shóisialta faisnéis ar fáil faoi na príomhtheachtaireachtaí atá sa tuarascáil deireanach ón gCoiste maidir le dul i ngleic le heaspa dídine agus le heisiamh tithíochta.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.