"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 20 Meitheamh 2025
Na príomhthorthaí
Meabhairshláinte leanaí agus déagóirí sa ré dhigiteach
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le meabhairshláinte leanaí agus déagóirí a chur chun cinn agus a chosaint sa ré dhigiteach.
Tá an tírdhreach digiteach ag síorathrú, agus dá bharr sin ní rogha é meabhairshláinte ár leanaí a chosaint — is amhlaidh is dualgas é. Ní mór dúinn gníomhú go soiléir agus go comhbhách chun na daoine is óige a chosaint ar dhíobháil agus iad a chumhachtú chun go mbeidh rath orthu ar líne agus san fhíorshaol. Sna conclúidí a formheasadh, leagtar amach gníomhaíochtaí soiléire spriocdhírithe chun ár leanaí agus ár ndéagóirí a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun a n-athléimneacht a neartú i dtimpeallacht ar líne atá ag síorathrú.
Izabela Leszczyna, Aire Sláinte na Polainne
Is é an aidhm do na conclúidí cosaint níos fearr a dhéanamh ar meabhairshláinte leanaí agus déagóirí trí úsáid shábháilte shláintiúil na n-uirlisí digiteacha a chur chun cinn agus trí thimpeallacht dhigiteach atá níos sláintiúla, níos sábháilte agus níos oiriúnaí ó thaobh aoise de a chruthú.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla (GTIS) atá beartaithe agus darb aidhm tacú leis an monarú agus feabhas a chur ar infhaighteacht na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas, i bhfianaise ganntanais thromchúiseacha in antaibheathaigh, inslin agus pianmhúcháin.
Shainaithin na hairí na codanna den GTIS ar mheas siad go raibh siad an-éifeachtach ó thaobh soláthar na dtáirgí íocshláinte criticiúla san Aontas a chinntiú, chomh maith le réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú. Leagtar amach iontu freisin tosaíochtaí agus ábhair imní a mBallstát maidir leis an rialachán atá beartaithe.
Ar an iomlán, bhí tuairimí dearfacha ag na hairí maidir leis an GTIS, agus bhí go leor acu ar aon intinn gur gá aghaidh a thabhairt ar na ganntanais i dtáirgí íocshláinte, go háirithe i gcomhthéacs an chreata slándála níos leithne. I measc na ngnéithe sonracha ar leagadh béim orthu, bhí tabhairt isteach tionscadal straitéiseach agus soláthar comhpháirteach le haghaidh táirgí íocshláinte criticiúla agus táirgí íocshláinte leasa choitinn. Leag roinnt Ballstát béim ar an ngá go ndéanfaí tuilleadh anailíse ar na stoic theagmhasacha sa togra, agus chuir Ballstáit eile in iúl go raibh amhras orthu faoi mhaoiniú na mbeart nua, agus d’iarr go leor acu go ndéanfaí cistiú ar leibhéal an Aontais.
I measc na dtosca eile a pléadh, bhí an gá leis na critéir soláthair phoiblí a choigeartú go mion, chomh maith leis an ngá gur bearta comhréireacha a bheadh sna bearta, agus nach gcuirfí isteach ar inniúlachtaí na mBallstát.
Bearta an Aontais maidir le cosc, lena n-áirítear caitheamh tobac agus alcóil a laghdú
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le bearta éifeachtacha beartais agus dlíthiúla ar leibhéal an Aontais, bearta darb aidhm caitheamh tobac agus táirgí gaolmhara chomh maith le halcól a chosc agus a laghdú. Go háirithe, phléigh na hairí príomhthosaíochtaí an Aontais i réimse na ngníomhaíochtaí sláinte poiblí, agus mhol siad gníomhaíochtaí praiticiúla a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun an comhar institiúideach a neartú maidir le galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn.
D’iarr roinnt airí go dtabharfaí tús áite don athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le tobac. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin tiomantas an Choimisiúin plean gníomhaíochta a ullmhú maidir le galair chardashoithíocha. Leag go leor Ballstát béim ar an ngá atá le díriú ar leanaí agus ar dhaoine óga a chosaint, go háirithe maidir le hinfhaighteacht agus tarraingteacht táirgí núíosacha tobac agus alcóil.
Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi na saincheisteanna seo a leanas:
Tograí reachtacha reatha
Teorainneacha idirnáisiúnta ar líon na bpáistí in aghaidh an deontóra speirme nó uibhe
An bhréagaisnéis maidir le saincheisteanna sláinte a chomhrac
Glao leanúnach práinneach ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun daoine óga a chosaint ar an díobháil a dhéanann táirgí nua tobac agus nicitín, go háirithe toitíní leictreonacha agus púitsí nicitín
Tionchar na freagrachta leathnaithe táirgeora faoin Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh ar an soláthar táirgí íocshláinte
Comhdhálacha na hUachtaránachta
Caibidlíocht le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí agus le haghaidh leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)
Clár oibre Uachtaránacht inteachta na Danmhairge
Díospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin
Le linn an lóin, bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ag na hairí, dar teideal Cybersecurity of hospitals and healthcare providers – paradigm shift in the healthcare sector: how to find a common approach in the EU [Cibearshlándáil na n-ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte – athrú paraidíme in earnáil an chúraim sláinte].
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.