"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 1 Nollaig 2025
Na príomhthorthaí
Tithíocht inacmhainne
Thíolaic Uachtaránacht na Danmhairge conclúidí maidir leis an bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne atá ar na bacáin, atá beartaithe go sealadach lena fhoilsiú i mí na Nollag 2025. Thacaigh 26 Bhallstát leis na conclúidí.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh áit ag saoránaigh uile na hEorpa ar a dtugann siad an baile, ach tá géarchéim tithíochta roimh go leor tíortha ar fud an Aontais. Tá Uachtaránacht na Danmhairge, le tacaíocht ó 25 Bhallstát eile, ag iarraidh ar an gCoimisiún plean cuimsitheach um thithíochta inacmhainne a chur ar fáil lena dtabharfar tús áite don mhaoiniú, don tógáil inbhuanaithe, don phleanáil agus don chuimsiú sóisialta, agus lena dtacófar freisin leis na hiarrachtaí náisiúnta agus lena n-urramófar éagsúlacht chórais na mBallstát. Trí ghníomhaíocht chomhordaithe, is féidir linn rochtain ar thithíocht shábháilte inacmhainne a chur chun cinn ar mhaithe le gach duine san Aontas.
Sophie Hæstorp Andersen, Aire Gnóthaí Sóisialta agus Tithíochta na Danmhairge
Agus é á chur i bhfios go láidir acu gurb iad na Ballstáit i gcónaí atá freagrach as an mbeartas tithíochta, leag na hairí béim ar roinnt réimsí ina bhféadfadh an Coimisiún tacú le hiarrachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ar nós rochtain ar chistiú ón Aontas a éascú.
Go háirithe, leag siad béim ar cheithre phríomhréimse fócais: maoiniú, tógáil agus inbhuanaitheacht, pleanáil agus cuimsiú sóisialta.
Tagann an plé sin sna sála ar chruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaí a bhí ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2025, inar iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún plean uaillmhianach cuimsitheach a thíolacadh le haghaidh tithíocht inacmhainne.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair
D’fhormheas na hairí an seasamh caibidlíochta ón gComhairle maidir leis an séú hathbhreithniú ar an treoir maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh.
Níor cheart d’aon duine a bheith tinn ó dhul chun na hoibre. Trí na rialacha lena rialaítear nochtadh do cheimiceáin chontúirteacha san ionad oibre a thabhairt cothrom le dáta, táimid ag laghdú rioscaí sláinte agus ag tacú le folláine agus dálaí oibre cuibhiúla d’oibrithe ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is cúis áthais dom gur éirigh linn teacht ar chomhaontú sa Chomhairle maidir leis an gcomhad tábhachtach seo.
Kaare Dybvad Bek, Aire Fostaíochta na Danmhairge
Leagtar amach sa treoir maidir le carcanaiginí, só-ghineacha agus substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh bearta chun rioscaí a bhaineann le nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh ag an obair a chosc agus chun cosaint a thabhairt ina gcoinne, agus áirítear inti oibleagáid teorainnluachanna a bhunú i gcás inar féidir.
Ina seasamh caibidlíochta, chuir an Chomhairle tuilleadh feabhais ar na rialacha nuashonraithe trí theorainn nochta ceirde le haghaidh isipréine a chur leo.
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le rialachán arb aidhm dó raon feidhme an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú a leathnú chun oibrithe atá i ngarbhaol easáitithe a chur san áireamh.
Is é is cuspóir don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú dlúthpháirtíocht a léiriú le hoibrithe agus le daoine féinfhostaithe a chaill a bpost mar gheall ar athstruchtúrú cuideachta, rud a chuideoidh leo filleadh ar an bhfostaíocht.
Faoin rialachán athbhreithnithe, bheadh rochtain freisin ag oibrithe atá i ngarbhaol a bpost a chailleadh mar thoradh ar athstruchtúrú cuideachta ar thacaíocht faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, chun ráta na ndífhostuithe a laghdú agus chun cabhrú le hoibrithe aistriú chuig róil nua.
Leis an seasamh ón gComhairle, soiléirítear raon feidhme an rialacháin athbhreithnithe. Thairis sin, cinntítear coimircí leordhóthanacha leis, cuirtear teorainn leis an ualach riaracháin agus bunaítear uasteorainn cistiúcháin ceithre mhilliún euro in aghaidh na bliana d’aon chuideachta ar leith.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le ‘Simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú a bhaint amach sna réimsí fostaíochta agus sóisialta’, bunaithe ar an tuarascáil bhliantúil a thíolaic Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, Roxana Mînzatu, maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú do na réimsí beartais a thagann faoi shainchúram Chomhairle EPSCO.
Díríodh i ndíospóireacht na n-airí ar na bealaí is fearr chun clár oibre an Aontais maidir le simpliú a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Go háirithe, mhol siad bealaí don Choimisiún chun laghdú 25% ar an ualach riaracháin a bhaint amach faoi 2030, phléigh siad an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Comhairle EPSCO chun a chinntiú go bhfuil ionstraimí an Aontais i gcomhréir lena gcuspóirí, agus scrúdaigh siad bearta a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun cabhrú le clár oibre an Aontais maidir le simpliú a bhaint amach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn i ndáil leis an treoir maidir le cóir chomhionann a mholtar, lena gcuirfí toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta i réimsí a bhaineann le cosaint shóisialta, buntáistí sóisialta, oideachas, agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, an tithíocht ina measc.
Thíolaic an Coimisiún pacáiste an fhómhair don Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus togra le haghaidh moladh maidir le caipiteal daonna san Aontas.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an gcuimsiú sóisialta agus an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn trí bheartais chomhleanúnacha shóisialta agus tithíochta.
Faoi ‘aon ghnó eile’, cuireadh na hairí ar an eolas maidir le hábhair lena n-áirítear staid na himeartha i ndáil leis an treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus an moladh ón gComhairle maidir le creat cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, an Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach, agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh.
Díospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin
Le linn an lóin, ghlac na hairí páirt i ndíospóireacht neamhfhoirmiúil maidir le ‘Earcaíocht chothrom: dálaí oibre cuibhiúla do gach oibrí ar postú agus cothrom iomaíochta do chuideachtaí san Aontas’.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.