"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 17 Deireadh Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh
D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh, agus béim á leagan ar shlite chun iad chosc, a luathbhrath agus idirghabháil a dhéanamh ina leith. Leag an Chomhairle béim ar an ról ríthábhachtach atá ag gairmithe agus ag daoine a fheiceann an foréigean nó a bhfuil a fhios acu faoi maidir le tacú le híospartaigh agus timthriall an fhoréigin a bhriseadh, agus d’iarr sí go n-ardófaí feasacht i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an mbealach is fearr chun freagairt nó idirghabháil a dhéanamh sna cásanna sin.
Thángamar ar chomhaontú chun cosc, luathbhrath agus idirghabháil i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe a neartú. Tá ról ag gach duine againn maidir leis an tost a bhriseadh agus deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus leis an bhforéigean teaghlaigh. Is suntasach an difear is féidir le daoine a fheiceann an foréigean nó a bhfuil a fhios acu faoi agus gairmithe a dhéanamh i saol na n-íospartach agus cuidiú le cásanna foréigin amach anseo a chosc.
Magnus Heunicke, Aire Comhshaoil agus Comhionannais Inscne na Danmhairge
Go sonrach, iarrtar sna conclúidí ón gComhairle go ndéanfaí an méid seo a leanas:
oiliúint fheabhsaithe a chur ar oibrithe i réimsí ábhartha, cuir i gcás sa chúram sláinte agus seirbhísí sóisialta
bearta chun leanaí atá thíos leis an foréigean teaghlaigh a chosaint agus chun tacú leo
sonraí maidir le leitheadúlacht agus iarmhairtí an fhoréigin in aghaidh na mban a bhailiú ar bhealach níos fearr
iarrachtaí chun fir agus buachaillí a spreagadh a thuilleadh chun an comhionannas inscne a chothú
bearta maidir leis an gcosc, an luathbhrath agus an t-idirghabháil a áireamh i Straitéis an Choimisiúin maidir le Comhionannas Inscne atá ar na bacáin tar éis 2025
An fuath, an t-idirdhealú agus an foréigean in aghaidh daoine LADTIA a chomhrac
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le bealaí chun an fuath, an t-idirdhealú agus an foréigean in aghaidh daoine LADTIA a chomhrac. Leag siad béim ar na dea-chleachtais atá ann cheana ina dtíortha féin agus mhol siad gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a chinntiú go bhféadfadh daoine agus teaghlaigh LADTIA a saol a chaitheamh gan bhac agus go hoscailte, lena n-áirítear thar theorainneacha.
Cuimsiú sóisialta na ndaoine faoi mhíchumas (i seisiún poiblí)
D’fhormheas na hairí na dréacht-chonclúidí ón gComhairle maidir le cuimsiú sóisialta na ndaoine faoi mhíchumas tríd an maireachtáil neamhspleách a chur chun cinn.
Tá Uachtaránacht na Danmhairge ag obair chun Eoraip níos láidre a bhaint amach — agus ní Eoraip láidir go sochaithe láidre, cuimsitheacha a thacaíonn leis na saoránaigh uile, daoine faoi mhíchumas ina measc. Táimid meáite ar dhaoine faoi mhíchumas a chuimsiú tríd an maireachtáil neamhspleách a chur chun cinn agus tríd an idirdhealú a chomhrac. Ní beag an dul chun cinn atá déanta againn go nuige seo, ach tá tuilleadh le baint amach againn fós. Is céimeanna tábhachtacha iad an plé agus na torthaí a baineadh amach chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine faoi mhíchumas — agus leanfaimid den obair thábhachtach sin a dhéanamh.
Sophie Hæstorp Andersen, Aire Gnóthaí Sóisialta agus Tithíochta na Danmhairge
Sna conclúidí uaithi, iarrann an Chomhairle go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
rochtain ar sheirbhísí tacaíochta duinelárnacha inacmhainne a chur chun cinn agus a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil don phobal i gcoitinne atá inrochtana, inacmhainne, cuimsitheach agus inoiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas
feabhas a chur ar infhaighteacht na n-áiteanna cónaithe inrochtana, inacmhainne agus neamhscartha
teicneolaíochtaí agus seirbhísí inrochtana faisnéise agus cumarsáide a chur chun cinn, lena n-áirítear trí scileanna digiteacha a fhorbairt
míchumais a phríomhshruthú go córasach i mbeartais uile an Aontais
leanúint de bheith ag díriú ar an maireachtáil neamhspleách sa dara leath (2025–2030) den Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas
Cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn san Aontas
Rinneadh plé maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn san Aontas, agus leagadh béim ar na dúshláin, an dul chun cinn agus na treonna a bheidh ann amach anseo.
Chuir na hairí a gcuid tuairimí in iúl maidir leis na bearta agus na huirlisí beartaisis tábhachtaí chun cearta na ndaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn a thuilleadh, agus phléigh siad na réimsí is mó ina bhfuil dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu.
Leag siad amach freisin na príomhthosaíochtaí don dara leath (2025–2030) den Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, agus phléigh siad na slite ina bhféadfadh an straitéis tacú ar bhealach níos éifeachtaí leis na hathchóirithe náisiúnta agus lecur chun feidhme na reachtaíochta agus na mbeartas a bhaineann le míchumas.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Faoi ‘aon ghnó eile’, ardaíodh an méid seo a leanas:
D’iarr Uachtaránacht na Danmhairge ar Carlien Scheele, arb í Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (IECI) í, cur i láthair a dhéanamh ar an Innéacs Comhionannais Inscne, agus is mian leí go leagfaidh sí béim ar leith ar na steiréitíopaí inscne.
Thug an Uachtaránacht forléargas ar na himeachtaí a tharla le déanaí, lena n-áirítear cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta a bhí ar siúl i mí Iúil 2025.
Roinn an Ungáir eolas faoi thionscnamh le haghaidh Lá Eorpach na dTeangacha comharthaíochta. agus thacaigh an Chipir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn leis.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Le linn an lóin, phléigh na hairí bearta is féidir a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun foréigean gnéasach a chomhrac agus toiliú i gcaidrimh ghnéis a chur chun cinn.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.