Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 10 Márta 2025

Na príomhthorthaí

Na dúshláin a bhaineann leis an gclaochlú geal‑liath

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le ‘dúshláin an chlaochlaithe gheal-léith: dreasachtaí agus réitigh shistéamacha chun gníomhaíocht ghairmiúil dheonach leathnaithe seanóirí a chur chun cinn’. Phléigh na hairí bealaí chun seanóirí a spreagadh chun fanacht sa lucht saothair nó filleadh air d’fhonn an ganntanas saothair agus scileanna a mhaolú agus an bhochtaineacht i measc seanóirí an Aontais a chosc nó a mhaolú ag an am céanna.

<p>Agnieszka Dziemianowicz-Bąk, Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne</p>

Tá claochlú geal-liath ag tarlú ar fud na hEorpa, rud a chruthaíonn dúshláin agus deiseanna araon. Tig le seanóirí tairbhe mhór a bhaint as a bheith gníomhach go gairmiúil, agus is féidir leo a gcuid scileanna agus taithí a úsáid chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair mar gheall ar aosú an daonra. Más mian linn seanóirí a chumhachtú ról gníomhach a imirt sa lucht saothair, ní mór dúinn deireadh a chur leis na bacainní agus na dídhreasachtaí a leagtar os a gcomhair seasta síoraí.

<p>Agnieszka Dziemianowicz-Bąk, Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne</p>

Agnieszka Dziemianowicz-Bąk, Aire Teaghlaigh, Saothair agus Beartais Shóisialta na Polainne

Díríodh sa díospóireacht go háirithe ar ról an tSeimeastair Eorpaigh maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna a bhaineann leis an aosú. Ar na pointí a luaigh na Ballstáit, bhí a thábhachtaí atá sé cabhrú le seanóirí uas-sciliú agus athsciliú a dhéanamh ar mhaithe le gairm nua, steiréitíopaí diúltacha a chomhrac, agus na dúshláin ar leith atá roimh mhná scothaosta a aithint. Léirigh roinnt de na hairí samplaí de dhreasachtaí beartais a úsáidtear ina dtír féin chun saol oibre níos faide a chur chun cinn.

An Seimeastar Eorpach

Mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh, d’fhormheas an Chomhairle an rannchuidiú maidir leis na gnéithe fostaíochta agus sóisialta de mholadh 2025 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Glacadh freisin Tuarascáil Chomhpháirteach 2025 ar Fhostaíocht agus formheasadh conclúidí ón gComhairle maidir leis an tuarascáil sin. Anuas air sin, thíolaic cathaoirleach an Choiste Fostaíochta agus cathaoirleach an Choiste um Chosaint Shóisialta litir inar cuireadh na hairí ar an eolas faoi ghnéithe de na pleananna fioscacha‑struchtúrtha meántéarmacha a bhaineann le hobair Chomhairle EPSCO.

Gnó eile

Faoi ‘aon ghnó eile’, ardaíodh an méid seo:

Cuireadh clár oibre an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta do 2025 i láthair freisin (faisnéis ón gCoiste Fostaíochta agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta):

Díospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin

Bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil le linn an lóin maidir leis an gceart chun dícheangail. Léirigh na hairí a dtuairimí féin maidir leis na bearta is fearr chun feasacht a mhúscailt i measc fostóirí agus fostaithe maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an gcultúr ‘ceangailte i gcónaí’, agus léiríodh roinnt samplaí den cheart chun dícheangail ar an leibhéal náisiúnta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Márta 2025