Géarchéim thithíochta an Aontais
Tá géarchéim roimh an Eoraip mar gheall ar phraghsanna tithe agus ar chostais tithíochta a bheith ag dul i méid. Tá an tAontas ag obair ar phlean le haghaidh tithíocht níos inacmhainne.
Tá costas na tithíochta ag dul i méid
Tá méadú suas le 60% ar an meán tagtha ar phraghsanna tithe san Aontas ó 2015 i leith, tá ardú os cionn 200% tagtha ar phraghsanna cíosa agus ar chostais fuinnimh i roinnt Ballstát, agus tá an méadú ar phraghsanna cíosa agus ar chostais fuinnimh ag leanúint ar aghaidh.
Ag an am céanna, níor mhéadaigh ioncam teaghlaigh ar comhchéim leis na méaduithe sin, rud a fhágann go bhfuil go leor Eorpach ag streachailt chun a gcostais tithíochta a chumhdach. Ní hionann an difear a dhéantar do thíortha agus réigiúin an Aontais, ach fágann tionchar leathan na géarchéime gur ábhar imní coiteann do mhuintir uile na hEorpa é.
Sa lá atá inniu ann, caitear beagnach an cúigiú cuid de mheánioncam theaghlaigh an Aontais ar an tithíocht, agus tuairiscíonn thart ar dhuine as gach deichniúr nach bhfuil in ann a gcíos ná a morgáiste a íoc in am. I gcathracha móra na hEorpa, tá an brú níos airde fós: caitheann duine as gach deichniúr de chónaitheoirí uirbeacha níos mó ná 40 % dá ioncam ar thithíocht.
Cuireann na méaduithe sin teorainn leis na roghanna a bhíonn ag ceannaitheoirí ionchasacha agus cíosaithe araon agus fágann sé gur ábhar mór imní eacnamaíoch agus sóisialta ar fud an Aontais í an inacmhainneacht.
Tá líon na n-árasán inacmhainne i mór-lárionaid chathracha na hEorpa ag méadú
Léirítear sa ghraf céatadán an tuarastail a mheastar a chaithfear ar chíos in 2025 ar fud mhórchathracha na hEorpa. Léiríonn cóimheas 100% go n-úsáidtear an tuarastal iomlán chun cíos a íoc, agus ciallaíonn aon luach os cionn 100% go sáraíonn cíos an meántuarastal. Meastar go ginearálta go bhfuil sé optamach suas le 30% de do thuarastal a íoc ar chíos.
Léirítear sa ghraf céatadán an tuarastail a mheastar a chaithfear ar chíos in 2025 ar fud mhórchathracha éagsúla na hEorpa.
Taispeánann Liospóin an céatadán tuarastail is airde a mheastar a chaithfear ar chíos, is é sin 116%.
Téann sciar suntasach den tuarastal i dtreo cíosa i gcathracha eile freisin, 74% i mBarcelona agus i Maidrid araon.
Tá Milano agus an Róimh suntasach freisin, 72% agus 65% faoi seach.
Timpeallacht tithíochta mhíchothrom
Tá éagsúlacht mhór sna dálaí tithíochta ar fud an Aontais mar gheall ar struchtúir an mhargaidh, creataí dlíthiúla agus córais airgeadais éagsúla. Tá ceannas ag úinéirí tí ar na margaí i roinnt Ballstát, agus bíonn Ballstáit eile ag brath go mór ar thithíocht phríobháideach ar cíos nó ar thithíocht fhóirdheonaithe.
Tá a dteach féin ag thart ar dhá thrian de mhuintir na hEorpa, ach tá an sciar sin an-éagsúil ó thír go tír. Tá teach ag níos mó ná 90 % de mhuintir na Rómáine, i gcomparáid le beagán os cionn 10 % de dhaonra na hÍsiltíre; is iad sin na tíortha ag bun agus barr an speictrim. An tráth céanna, cé go mbíonn níos mó ná an cúigiú cuid de mhuintir na Fraince ag brath ar chíos lena ngabhann fóirdheonú, ní hamhlaidh an scéal sin ach le 0.6% de mhuintir na Sualainne.
Bíonn tionchar ag na difríochtaí struchtúracha sin ar an gcaoi a dtéann rátaí úis méadaitheacha, brúnna déimeagrafacha agus éileamh i limistéir uirbeacha i bhfeidhm ar thíortha. I roinnt stát, méadaíonn praghsanna de dheasca neamhfhairsinge na margaí cíosa; i dtíortha eile, is mar gheall ar an tógáil a bheith teoranta agus an t-éileamh a bheith láidir gur deacra úinéireacht tí a bhaint amach.
Is éagsúil freisin sna Ballstáit an sciar den tithíocht ar árasáin agus ar tithe iad: tá cónaí ar bheagnach 72 % de chónaitheoirí uirbeacha in árasáin, agus tá cónaí ar 82 % de chónaitheoirí tuaithe i dtithe. Meastar go sroichfidh daonra uirbeach na hEorpa 83 % faoi 2050, agus mar sin meastar go dtiocfaidh méadú ar bhrúnna tithíochta, go háirithe i gcathracha atá ag fás go tapa ina bhfuil an infhaighteacht agus an inacmhainneacht faoi bhrú cheana féin.
Stádas tithíochta i dtíortha an Aontais: úinéireacht tí i gcomparáid le teach ar cíos
Déantar comparáid sa ghraf seo a leanas idir na stádais tithíochta ar fud thíortha na hEorpa, rud a léiríonn difríochtaí in úinéireacht tí agus i rátaí tithe ar cíos. Leagtar béim sna sonraí ar na rátaí úinéireachta tí a bheith níos airde i dtíortha in Oirthear na hEorpa mar shampla an Rómáin, an Bhulgáir nó an tSlóvaic, i gcodarsnacht le rátaí na dtithe ar cíos a bheith níos airde i dtíortha eile, mar shampla an Ostair, an Ghearmáin agus an Fhrainc.
Taispeántar sa ghraf an stádas tithíochta ar fud thíortha éagsúla na hEorpa, rud a léiríonn staid tithíochta an daonra i ngach tír faoi cheithre chatagóir:
Úinéir, gan morgáiste ná iasacht tithíochta gan íoc: céatadán na ndaoine ar leo a dtithe glan amach, gan aon mhorgáiste ná iasacht a bheith acu. Mar shampla, is ag an Rómáin atá an cion is airde acu sin ‑ 92.8 %.
Úinéir, le morgáiste nó iasacht: céatadán na ndaoine ar leo a dtithe ach ag a bhfuil morgáiste nó iasacht nár glanadh fós. San Ísiltír, tá morgáiste ag 58 % d’úinéirí tí.
Tionónta, cíos ar phraghas an mhargaidh: céatadán na ndaoine a bhfuil cónaí ar cíos ar phraghas an mhargaidh acu. Sa Ghearmáin, íocann 46.9% de dhaoine praghas an mhargaidh, i gcomparáid le 2.4% sa Bhulgáir.
Tionónta, cíos ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce: céatadán na ndaoine ar tionóntaí iad ach a íocann cíos laghdaithe nó nach bhfuil cíos le híoc acu. Mar shampla, sin an scéal maidir le 21.9% de dhaoine sa Fhrainc agus ní bhaineann sé ach le 0.6% sa tSualainn.
Is é an aidhm atá ann na difríochtaí san úinéireacht tí i gcomparáid le teach ar cíos ar fud an Aontais a léiriú, agus béim á leagan ar rátaí úinéireachta tí níos airde i dtíortha in Oirthear na hEorpa, mar shampla an Rómáin agus an Bhulgáir i gcomparáid le rátaí cíosa níos airde i dtíortha eile, mar shampla an Chróit agus an Ungáir.
Plean an Aontais maidir le tithíocht inacmhainne
Is freagracht náisiúnta é an beartas tithíochta, ós rud é nach bhfuil aon inniúlacht ag an Aontas sa réimse sin. Is minic a bhíonn ról lárnach ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta, ós rud é go bhfuil siad freagrach as beartais tithíochta a chur chun feidhme, pleanáil spásúlachta agus rialacháin chriosaithe a bhainistiú, chomh maith le réitigh tithíochta inacmhainne a chur ar fáil lena dtugtar aghaidh ar riachtanais phobalsonracha.
Mar sin féin, tá iarmhairtí na géarchéime tithíochta le brath ar fud thírdhreach eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa. Bíonn tionchar ag costais tithíochta méadaitheacha ar shoghluaisteacht an lucht saothair, cuireann siad teorainn le rochtain ar phoist agus ar oideachas, agus cuireann siad le neamhionannais idir réigiúin agus grúpaí sóisialta. Tugann na héifeachtaí trasteorann sin ábharthacht shoiléir don tsaincheist ar leibhéal an Aontais.
Agus an méid sin á aithint acu, phléigh ceannairí an Aontais an staid tithíochta ag Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair 2025 agus d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach plean a thíolacadh le haghaidh tithíocht inacmhainne a thacaíonn le hiarrachtaí na mBallstát sa réimse sin. Tá sé beartaithe go sealadach go bhfoilseofar an plean Eorpach um thithíocht inacmhainne ón gCoimisiún i mí na Nollag 2025.
Thíolaic Uachtaránacht na Danmhairge conclúidí cheana féin maidir leis an bplean atá le teacht, a d’fhormhuinigh 26 Bhallstát. Go háirithe, leag siad béim ar cheithre phríomhréimse fócais: maoiniú, tógáil agus inbhuanaitheacht, pleanáil agus cuimsiú sóisialta.
An 29 Meitheamh 2026, d’iarr an Chomhairle ar lucht ceaptha beartas machnamh a dhéanamh ar an idirghníomhú idir riachtanais tithíochta agus treochtaí déimeagrafacha, mar shampla aosú an daonra, laghdú ar mhéideanna teaghlaigh agus imirce ón tuath go ceantair uirbeacha. Tarraingíodh aird ar chineál ilghnéitheach idirghlúine ghéarchéim thithíochta na hEorpa agus ar an tionchar atá aici ar ghnéithe a bhfuil orthu an comhtháthú, an inbhuanaitheacht agus an t-iomaíochas.
Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?
Beartas sóisialta
Soghluaisteacht ghlan inbhuanaithe
An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Meitheamh 2026