- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 19/06/2014, 19 Meitheamh 2014
An Liotuáin leis an euro a ghlacadh in 2015
Dearbhaíonn an Grúpa Euro go gcomhlíonann an Liotuáin na critéir aontachais don limistéar euro chun an euro a ghlacadh mar airgeadra i mí Eanáir 2015.
Tháinig an Grúpa Euro ar an tuairim go gcomhlíonann an Liotuáin na critéir chun dul isteach sa limistéar euro i bhfianaise na hanailíse ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach. Rinne Uachtarán an Ghrúpa Euro J.Dijsselbloem an cur síos a leanas ar an méid sin: "gaisce é seo atá tuillte go maith ag an Liotuáin" a thagann i ndiaidh dóibh "teacht slán as an ngéarchéim airgeadais ar bhealach suntasach". Tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú maidir le dréacht-mholadh don Liotuáin chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2015.
Agus é ag freastal ar an nGrúpa Euro go heisceachtúil, leag Aire Airgeadais na Liotuáine, an tUasal Rimantas Šadžius, béim ar thiomantas na Liotuáine do bheartais a cheaptar chun an geilleagar a choinneáil i gcomhréir leis an gcuid eile den limistéar euro. Freastalóidh an Liotuáin ar chruinnithe an Ghrúpa Euro ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh mar bhreathnóir, ón uair a ndéanfaidh an Chomhairle formhuiniú ar a haontachas. Tiocfaidh sí isteach mar bhall iomlán i mí Eanáir nuair a bheidh an t-athrú go dtí an euro tugtha chun críche.
Tugann an Grúpa Euro tosaíocht do chomhordú na n-athchóirithe struchtúracha
Rinne an Grúpa Euro machnamh ar na bealaí chun an fás a mhéadú sa limistéar euro i bhfianaise na moltaí ó CAI agus ón gCoimisiún chuig an limistéar euro.
D'aontaigh na hAirí go gcaithfí díriú ar na geilleagair a dhéanamh níos iomaíche agus ar phoist a chruthú. D'fhonn sin a bhaint amach, tá gá le breis oibre chun athchóirithe struchtúracha a chomhordú sa limistéir euro ar mhaithe lena dtionchar a uasmhéadú. Mar thús, díreoidh an Grúpa Euro ar bhearta atá dírithe ar an ding cánach a ghearrtar ar shaothar a laghdú sula bpléifidh siad le hathchóiriú ar an margadh seirbhísí. Bhí na tosaíochtaí sin mar chuid de Chlár Oibre an Ghrúpa Euro don dara leath de 2014.
Pléadh freisin na moltaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta le haghaidh athbhreithnithe ar an gcreat faireachais bhuiséadaigh reatha d'fhonn a fheiceáil an bhféadfaí é a shimpliú. "Leag na hAirí uile béim ar a thábhachtaí atá sé cloí leis na rialacha mar atá siad anois," arsa Uachtarán an Ghrúpa Euro.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025