- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 07/12/2015, 7 Nollaig 2015
Na príomhthorthaí
An tAontas Baincéireachta: sásra maoirseachta aonair
Thug Cathaoirleach an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA), Danièle Nouy, tuairisc ar ghníomhaíochtaí an tSásra sin le sé mhí anuas, lena n-áirítear an measúnú cuimsitheach a rinneadh le déanaí ar naoi gcinn de bhainc, agus cur chun feidhme chreat dlí agus modheolaíoch an tSásra.
Chuir sí an Grúpa Euro ar an eolas maidir leis an gcomhairliúchán poiblí a d'eagraigh an Sásra Maoirseachta Aonair i dtaca le dréacht-Rialachán agus dréacht-Threoir ón mBanc Ceannais Eorpach, arb é an aidhm atá leo go ndéanfaí comhchuibhiú níos fearr ar an maoirseacht ar bhainc shuntasacha sa limistéar euro. Beidh an comhairliúchán ar siúl as seo go dtí an 16 Nollaig agus tá sé ar cheann de na príomhchéimeanna a ghlacfar chun cothrom na Féinne a thabhairt do chách in earnáil baincéireachta an limistéir euro.
An Ghréig: an staid mar atá
Chuir na hinstitiúidí agus Aire Airgeadais na Gréige, Euclid Tsakalotos, an Grúpa Euro ar an eolas faoin mbealach ar aghaidh chun clár Sásra Cobhsaíochta Eorpach na Gréige a chur chun feidhme, clár a comhaontaíodh i mí Lúnasa seo caite.
Tá an Grúpa Euro ag súil go ndéanfaidh údaráis na Gréige an reachtaíocht a comhaontaíodh faoin dara tacar garspriocanna a chur chun feidhme gan mhoill. Má chuireann, féadfar leas a bhaint as íocaíocht €1 billiún ón Sásra Cobhsaíochta.
Maidir le hearnáil baincéireachta na Gréige a athchaipitliú, dúradh leis na hAirí nach mbeidh gá le níos mó ná an méid atá ar fáil faoi láthair chun na críche sin faoin gclár, is é sin suas le €10 billiún. Is lú i bhfad an méid seo ná an luach €25 billiún de chlúdach a cuireadh in áirithe d'athchaipitliú na mbanc, agus clár na Gréige ina thús. Is é an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a dhéanfadh na cistí don athchaipitliú a íoc leis an tSaoráid Heilléanach um Chobhsaíocht Airgeadais.
Léiríonn cás na hÉireann gur féidir an geilleagar a chur ina cheart, ar leas na saoránach, ach clár coigeartaithe a chur chun feidhme go diongbháilte. Uachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem
Éire: faireachas iarchláir
Ba mhór ag an nGrúpa Euro na torthaí a bhí ar an gceathrú misean faireachais iarchláir go hÉirinn, a chuir an Coimisiún Eorpach i gcrích i mí na Samhna, i gcuibhreann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus i gcomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Ba é an tátal a baineadh as an misean, go raibh rath fós ar iarrachtaí leanúnacha na hÉireann coigeartú a dhéanamh, rath a léiríodh le fás láidir na holltáirgeachta intíre agus leis an dul chun cinn a bhí déanta chun an fiachas poiblí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar cheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha san earnáil airgeadais. Beidh an chéad mhisean faireachais iarchláir eile ar siúl in earrach na bliana 2016.
- Statement following the 4th post-programme surveillance mission to Ireland (November 2015)
- Post-programme surveillance for Ireland
Plé téamach faoin bhfás agus faoi phoist: pinsin
Phléigh na hAirí a dtuairimí agus a dtaithí maidir leis na dúshláin pholaitiúla ina dtíortha féin ó thaobh athchóirithe pinseana chur chun feidhme. Phléigh siad freisin an dúshlán a bhaineann le dul i ngleic, ar shlí atá inbhuanaithe go buiséadach, leis na costais a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.
Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar
Thug an Grúpa Euro dá aire an dul chun cinn a rinneadh maidir le teacht ar chomhaontú i bprionsabal i dtaca le toghlach de Bhallstáit an Limistéir Euro a bhunú, a bheadh i measc na mBallstát atá rannpháirteach i mBanc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar.
Chomh maith leis seo, ghlac an Grúpa Euro a chlár oibre don dara leath de 2016.
Beoshruth, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025