Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 14/01/2016, 14 Eanáir 2016

Na príomhthorthaí

An Ghréig: an staid mar atá

Thug na hinstitiúidí agus Aire Airgeadais na Gréige, Euclid Tsakalotos, eolas don Ghrúpa Euro maidir leis na chéad chéimeanna eile i gcur chun feidhme chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige.

Tá sé beartaithe ag na hinstitiúidí tús a chur leis an chéad athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir an tseachtain seo chugainn. Meastar go mbeidh an t-athbhreithniú dírithe ar na saincheisteanna seo a leanas:

  • athchóiriú na bpinsean
  • Buiséad 2016
  • an straitéis bhuiséadach mheántéarmach
  • nuachóiriú a dhéanamh ar riarachán poiblí na Gréige
  • athchóirithe ar an earnáil airgeadais
  • athchóirithe san earnáil leictreachais

D’iarr na hAirí ar údaráis na Gréige comhoibriú ar bhealach cuiditheach leis na hinstitiúidí lena chinntiú gur athbhreithniú rianúil, críochnúil a bheadh sa chéad athbhreithniú seo. Ach an t-athbhreithniú seo a bheith curtha i gcrích go rathúil, féadfar cinntí a dhéanamh maidir le bearta faoisimh fiachais agus clár CAI b'fhéidir, mar a chomhaontaigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais i mí Iúil 2015.

An Chipir: an staid mar atá 

Phléigh an Grúpa Euro an t-ochtú athbhreithniú, arb é an t-athbhreithniú deiridh é, ar chlár coigeartaithe na Cipire. Ba é tuairim na nInstitiúidí go raibh dul chun cinn suntasach déanta ag an gCipir ó thaobh chur chun feidhme an chláir.

Táthar ag súil anois go gcomhlíonfaidh an Chipir dhá cheann de choinníollacha atá fós ann: na ‘réamhghníomhaíochtaí’ mar a thugtar orthu, ar gá iad a chur chun feidhme go mbeifear in ann an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche go foirmiúil. Ach an t-athbhreithniú sin bheith críochnaithe, beifear in ann dul ar aghaidh le heisíocaíocht deiridh ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach de thimpeall EUR 300 milliún.

An Seimeastar Eorpach

Bhí plé ginearálta ag an nGrúpa Euro faoi chur chun feidhme mholadh 2015 don limistéar euro agus phléigh siad an dréacht-Mholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2016, dréacht atá le formheas ag an gComhairle ECOFIN an 15 Eanáir 2016.

Chomhaontaigh na hAirí faoi chúig cinn de thosaíochtaí beartais don limistéar euro in 2016-2017, ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach: 

  • athchóirithe struchtúracha
  • tacú le fostaíocht
  • beartais fhónta bhuiséadacha
  • laghdú an fhiachais
  • leanúint de bheith ag cur leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Cuirfear an moladh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí lena fhormhuiniú agus ansin chuig an gComhairle lena ghlacadh foirmiúil.

Comhairliúchán Airteagal IV idir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an limistéar euro 

Chuir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta an Grúpa Euro ar an eolas faoi phríomhthorthaí a mhisin eatramhaigh i gcomhthéacs an chomhairliúcháin de réir Airteagal IV a rinne an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta sa chéad leath de mhí Nollag na bliana 2015. 

D'aontaigh an Grúpa Euro leis an léamh a rinne an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar ionchas eacnamaíoch an limistéir euro agus ar na dúshláin bheartais atá ann.

Déanfar an misean deiridh a eagrú agus beidh teacht ar an tuarascáil iomlán níos déanaí i mbliana.

Plé téamach maidir le fás agus poist: creataí náisiúnta dócmhainneachta

I gcomhréir leis an Moladh don limistéar euro in 2015, bhí plé ginearálta ag an nGrúpa Euro ar na creataí náisiúnta dócmhainneachta agus ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad, a bhfuil difríochtaí suntasacha eatarthu ó stát go stát.

Aontaíonn an Grúpa Euro gur fíorábhartha an cheist í don limistéar euro ceist na gcreataí dócmhainneachta, go háirithe ó thaobh tabhairt faoin iarmharach fiachais, agus freisin de bharr geilleagair an limistéir euro a bheith go mór faoi thionchar éifeachtaí iarmhartacha.

Phléigh an Grúpa Euro cás tíortha ar leith agus iad ag athchóiriú a gcreataí náisiúnta dócmhainneachta. D'aontaigh na hAirí gur fónta an rud é tacar prionsabal agus tagarmharc a bhunú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcreataí sin agus socraíodh go leanfaí ar aghaidh leis an bplé in earrach na bliana 2016.

Comhartha é an méid sin ar an gcomhoibriú fónta atá ar siúl i limistéar an euro. Jeroen Dijsselbloem

Banc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar

Chuir Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro, in iúl do na hAirí go bhfuil Ballstáit uile an limistéir euro atá rannpháirteach faoi láthair i mBanc na hÁise don Infheistiú sa Bhonneagar tar éis a chinneadh toghlach aonar de chuid an limistéir euro a bhunú sa bhanc.

 

 

Beoshruthú na seisiún poiblí agus na n-imeachtaí preasa

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025