- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 12/3/2018, 12 Márta 2018
Na príomhthorthaí
An Ghréig
Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro go ndearna an Ghréig na réamhghníomhaíochtaí a bhí fós le déanamh a thabhairt chun críche, mar a ceanglaíodh faoin tríú hathbhreithniú ar a clár coigeartaithe eacnamaíoch.
Fágann sin gur féidir an ceathrú tráinse den chúnamh airgeadais atá ar fáil don Ghréig faoin gclár ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach a scaoileadh, a luaithe a bheidh na nósanna imeachta náisiúnta curtha i gcrích. EUR 6.7 billiún is luach don cheathrú tráinse agus íocfar in dhá thráthchuid é.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoin gcéad mhisean den cheathrú hathbhreithniú ar an gclár, a bhí ann ag deireadh mhí Feabhra.
Ullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh Euro an Mhárta
Phléigh an Grúpa Euro bealaí ina bhféadfaí an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú, roimh an gCruinniú Mullaigh Euro a bheidh ar siúl ar an 23 Márta.
Thug airí aird ar an obair leanúnach atá á déanamh chun an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche agus an t-athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Ina theannta sin, thrácht na hairí ar na saincheisteanna fioscacha. Déanfaidh Uachtarán an Ghrúpa Euro an plé sin a thuairisciú do na ceannairí ag an gCruinniú Mullaigh Euro.
Ullmhúcháin do chruinnithe idirnáisiúnta: an boilsciú agus na forbairtí i ndáil leis an ráta malairte
Rinne an Grúpa Euro tuairimí a mhalartú faoin mboilsciú agus faoi fhorbairtí i ndáil leis an ráta malairte sa limistéar Euro le cúpla mí anuas.
Gnáthphlé de chuid an Ghrúpa Euro is ea é seo roimh chruinnithe an earraigh den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bheidh ann i mí Aibreáin.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025