Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 24/05/2018, 24 Bealtaine 2018

Na príomhthorthaí

Tionóladh cruinniú an Ghrúpa Euro in dhá fhoirmíocht - gnáthchruinniú idir airí an limistéir euro a bhí sa chéad chuid agus ina dhiaidh sin bhí cruinniú ag airí as 27 mBallstát an Aontais.

Cruinniú an Ghrúpa Euro sa ghnáthfhoirmíocht

Clár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige

Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas faoin gcomhaontú ar leibhéal na foirne a chuir na hinstitiúidí agus údaráis na Gréige i gcrích ar an 19 Bealtaine. Is faoin nGréig anois a bheidh sé na hathchóirithe comhaontaithe a chur i bhfeidhm go rathúil roimh an gcruinniú a bheidh ag an nGrúpa Euro i mí an Mheithimh.

Lean an Grúpa Euro lena idirphlé ar bhearta féideartha fiachais mar ullmhúchán do na cinntí atá beartaithe don chruinniú a bheidh ag an nGrúpa Euro i mí an Mheithimh.

Tá an ceathrú hathbhreithniú, arb é an ceann deireanach é, ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige ar siúl anois. Is ar an 20 Lúnasa 2018 a rachaidh an clár in éag go foirmiúil.

An staid eacnamaíoch sa limistéar euro: réamhaisnéis an earraigh ón gCoimisiún Eorpach

Chuir an Coimisiún Eorpach réamhaisnéisan earraigh 2018, a foilsíodh ar an 3 Bealtaine, i láthair.

Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: athbhreithnithe ar chaiteachas

Lean an Grúpa Euro den phlé ar na hathbhreithnithe ar chaiteachas, an uair seo ag díriú ar an dúshlán a bhaineann le freagracht a áirithiú agus na hathbhreithnithe ar chaiteachas ar bun. Phléigh airí as Éirinn agus as an Spáinn taithí a dtíortha féin agus na ceachtanna a d'fhoghlaim siad ó na hathbhreithnithe ar chaiteachas a cuireadh i gcrích le déanaí.

Phléigh an Grúpa Euro an t-ábhar seo i Meitheamh na bliana seo caite agus i Meán Fómhair 2016, nuair a ghlac an Grúpa Euro comhphrionsabail chun leithdháileadh caiteachais a fheabhsú.

Cuidíonn na hathbhreithnithe ar chaiteachasle rialtais réimsí a aimsiú ina bhfuil coigilteas agus gnóthachan éifeachtúlachta le déanamh agus ina bhféadfaí luach níos mó ar airgead a fháil ó thaobh caiteachais de.

Cruinniú san fhoirmíocht chuimsitheach

An t-aontas baincéireachta agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE)

Bhí malartú tuairimí ag airí airgeadais as 27 mBallstát de chuid an Aontais maidir leis an aontas baincéireachta a chur i gcrích agus maidir leis an ról a bheidh ag SCE feasta. Bhreathnaigh siad ar an dul chun a rinneadh go nuige seo agus phléigh siad an bealach ar aghaidh mar ullmhúchán don chruinniú a bheidh ag na ceannairí i mí an Mheithimh.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025