- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 22/1/2018, 22 Eanáir 2018
Na príomhthorthaí
Clár coigeartaithe na Gréige: staid na hoibre
Tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú polaitiúil i dtaca leis an tríú hathbhreithniú ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige, ar an ábhar go bhfuil gach leasú, a bheag nó a mhór, a éilíodh faoin athbhreithniú sin, curtha chun feidhme ag údaráis na Gréige.
Cuireann an comhaontú sin ar chumas Mheitheal an Ghrúpa Euro agus ar chomhlachtaí rialaithe de chuid an tsásra cobhsaíochta Eorpaigh na céimeanna cuí a ghlacadh chun an chéad tráinse eile a íoc amach ach a gcomhlíonfar a bhfuil fanta de choinníollacha an chomhaontaithe. Forálfar don chéad íocaíocht amach i mí Feabhra agus don dara ceann san earrach.
Ráiteas eisithe ag an nGrúpa Euro.
- Ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an nGréig (22/1/2018)
- An Ghréig: an tríú clár coigeartaithe eacnamaíoch (faisnéis chúlra)
Uachtarán nua ceaptha ar Mheitheal an Ghrúpa Euro
Cheap an Grúpa Euro Hans Vijlbrief ina uachtarán nua ar Mheitheal an Ghrúpa Euro, go ceann téarma dhá bhliain. Tiocfaidh Hans Vijlbrief i gcomharbacht ar Thomas Wieser, a bhí ina uachtarán ar an ngrúpa ó mhí Eanáir 2012 i leith.
- Hans Vijlbrief ceaptha ina uachtarán nua ar Mheitheal an Ghrúpa Euro (preaseisiúint, 22/1/2018)
- Hans Vijlbrief
Leas-Uachtarán ar BCE le ceapadh
Chuir uachtarán an Ghrúpa Euro tús leis an nós imeachta chun Leas-Uachtarán nua a cheapadh ar an mBanc Ceannais Eorpach le glao ar iarrthóirí. Rachaidh téarma an té atá in oifig, Vítor Constâncio, in éag ar an 31 Bealtaine.
An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta
Tar éis an Chruinnithe Mullaigh Euro, a bhí ar siúl ar an 15 Nollaig 2017, bhí plé leantach ag na hairí maidir leis na céimeanna breise chun an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú.
An Seimeastar Eorpach: Moladh maidir leis an limistéar euro do 2018
Phléigh an Grúpa Euro an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2018, a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, sásra an Aontais maidir le comhordú beartais.
Déanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an dréachtmholadh a fhormheas ar an 23 Eanáir. Glacfaidh an Chomhairle é go foirmiúil tar éis do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta é a fhormhuiniú.
Misean faireacháin iarchláir go dtí an Phortaingéil
Cuirfear an Grúpa Euro ar an eolas faoi thorthaí an tseachtú misean faireacháin iarchláir go dtí an Phortaingéil, a bhí ar siúl ón 28 Samhain go dtí an 6 Nollaig 2017.
Comhairliúchán CAI faoi Airteagal IV leis an limistéar euro
Rinne an Grúpa Euro tuairimí a mhalartú faoi léiriú an chiste airgeadaíochta idirnáisiúnta ar phríomh-réamhthorthaí a mhisin eatramhaigh a bhaineann lena chomhairliúchán leis an limistéar euro faoi Airteagal IV.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025