- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 27/4/2018, 27 Aibreán 2018
Na príomhthorthaí
Clár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige
Chuir na hinstitiúidí an Grúpa Euro ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an gceathrú athbhreithniú ar chlár cúnaimh airgeadais na Gréige, atá ar siúl faoi láthair. Chuir an tAire Tsakalotos straitéis chuimsitheach fáis na Gréige i láthair, inar leag sé amach spriocanna agus tosaíochtaí na Gréige do na blianta atá le teacht.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi na príomhábhair is ábhartha do chur i gcrích rathúil an chláir. Thairis sin, cuireadh ar an eolas iad faoin obair theicniúil a rinneadh go dtí seo ar an sásra coigeartaithe fáis, a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de bhearta fiachais meántéarmacha na Gréige. Phléigh siad freisin an fhoirm a d'fhéadfadh an creat iarchláir a ghlacadh.
An t-aontas baincéireachta: gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro
Chuir Danièle Nouy, Cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus Elke König, Cathaoirleach Bhord Aonair Réitigh, cur i láthair leathbhliantúil faoi ghníomhaíochtaí is déanaí Bhord maoirseachta BCE agus an Bhoird Aonair Réitigh os comhair an Ghrúpa Euro.
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: dinimicí tuarastail
Rinne an Grúpa Euro plé ar dhinimicí tuarastail agus iad ina mbealach coigeartaithe maicreacnamaíocha san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Bunaíodh an plé ar nóta ón gCoimisiún agus ar chur i láthair leis an Ollamh Tito Boeri, atá ina Uachtarán ar Institiúid Náisiúnta Slándála Sóisialta na hIodáile freisin.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025