"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Thug an Grúpa Euro a thacaíocht d’aontoil d’iarrthóireacht Isabel Schnabel chun bheith ina comhalta de bhord feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), i gcomharbas ar Sabine Lautenschläger. Glacfaidh an Chomhairle moladh foirmiúil a thabharfar don Chomhairle Eorpach.
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: infheistíocht sa nuálaíocht
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le hinfheistíocht sa nuálaíocht agus i dtaighde d'fhonn cur le táirgiúlacht agus iomaíochas sa limistéar euro.
Chuir an Coimisiún Eorpach in iúl nach bhfuil dóthain infheistíochta á déanamh ag an limistéar euro sa taighde agus sa nuálaíocht i gcomparáid lena iomaitheoirí. Tá caiteachas T&F(taighde & forbairt) ón earnáil phríobháideach íseal fós i gcomparáid leis an tSeapáin, na Stáit Aontaithe nó an tSín.
Roinn Albert Bravo-Biosca, stiúrthóir na saotharlainne fáis nuálaíochta in Nesta, moltaí nithiúla maidir le conas éifeachtúlacht an bheartais nuálaíochta a mhéadú.
Chuir an t-ionadaí ón bPortaingéil na tosaíochtaí beartais atá ag rialtas nua na Portaingéile i láthair. Sin é an gnáthchleachtas nuair a thagann rialtas nua i gcumhacht sa limistéar euro.
Formáid chuimsitheach
An conradh SEC: Pacáiste na Samhna
Thug na hairí dá n-aire an dul chun cinn atá déanta maidir leis na doiciméid dhlíthiúla a bhaineann le conradh an tSásra Eorpaigh um Chobhsaíocht (SEC), go háirithe, doiciméid dhlíthiúla a bhaineann leis an gcúlstop coiteann do réiteach bainc agus leis na hionstraimí réamhchúraim.
Is é an aidhm atá ann an pacáiste iomlán a thabhairt chun críche i mí na Nollag.
Cuirfidh Cathaoirleach na Meithle Ardleibhéil um an scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT) an dul chun cinn a rinneadh sa phlé ar threochlár don chaibidlíocht pholaitiúil agus leagadh amach an obair bhreise atá beartaithe as seo go mí na Nollag.
Feicim go bhfuil gealltanas soiléir anois ó na hairí uile chun dul i mbun díospóireachta, díospóireacht a bhfuil géarghá léi, chun an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích. An chéad chéim eile teacht ar chomhaontú maidir le treochlár chun tús a chur leis an gcaibidlíocht pholaitiúil faoi SEÁT i mí na Nollag.
Uachtarán an Limistéir Euro, Mário Centeno
Obair leantach ar an ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais (BICC)
Chuir Uachtarán Mheitheal an Ghrúpa Euro staid na hoibre teicniúla don ionstraim bhuiséadach cóineasaithe agus iomaíochais (BICC) i láthair i gcomhréir le comhaontú an Ghrúpa Euro maidir le bileog téarmaí i mí Dheireadh Fómhair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.