• An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 9 Deireadh Fómhair 2019

Fís-sleachta ó chruinniú an Ghrúpa Euro

Na príomhthorthaí

Formáid chuimsitheach

An ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais

I bhformáid chuimsitheach, tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú maidir leis na gnéithe criticiúla rialachais agus maoinithe uile a bhaineann leis an ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais (BICC) don limistéar euro.

Shainigh sé rialachas, maoiniú, leithdháileadh agus modhnú na hionstraime sin i mbileog téarmaí.

Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Dhá bhliain ó shin, ní mó ná teoiric acadúil a bhí sa choincheap go bhféadfadh acmhainneacht fhioscach a bheith ag an euro. Aréir, d'éirigh linn an teoiric sin a fhíorú. Is crann taca nua é seo don euro.

Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An ghnáthfhormáid

An t-aontas baincéireachta – gnéithe an limistéir euro

Chuir cathaoirleach bhord maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Andrea Enria, i láthair na gníomhaíochtaí a raibh an bord maoirseachta ina mbun le déanaí, ba iad sin, brabúsacht na mbanc, ullmhacht i gcomhair Brexit, bearta frithsciúrtha airgid, cur chun feidhme Basel 3 mar aon le dúshláin mhaoirseachta don bhliain 2019.

Chuir Elke König, Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair na hairí ar an eolas faoina bhfuil ar siúl ag BRA, ag díriú go háirithe ar an dul chun cinn maidir le pleanáil réitigh, an t-íoscheanglas atá ann do chistí dílse agus do dhliteanais incháilithe agus d'inréiteacht. Anuas air sin, tabharfaidh sí tuairisc, a bheidh cothrom le dáta, ar an gCiste Réitigh Aonair a neartú agus eolas maidir le hullmhúcháin do Brexit.

Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: Forbairtí maidir le hiomaíochas sa limistéar euro

Mar chuid den phlé ar an bhfás agus ar phoist, bhí malartú tuairimí ag na hairí i ndáil le forbairtí maidir le hiomaíochas sa limistéar euro, ar bhonn nóta teicniúil ón gCoimisiún.

Faireachas Iarchláir sa Phortaingéil – an 10ú hathbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) na hairí ar an eolas maidir le príomhthorthaí an 10ú misean faireachais iarchláirgo dtí an Phortaingéil a cuireadh i gcrích idir an 14 agus an 19 Meitheamh. Chuir an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) an Grúpa Euro ar an eolas faoina chóras réamhrabhaidh. Ag an am céanna, chuir an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) a mhisean faoi Airteagal IV i gcrích.

Tosaíonn an faireachas iarchláir (PPS) go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas. Faoi dhó sa bhliain a dhéantar tuairisciú agus misin.

Ábhair eile

Thacaigh an Grúpa Euro le hiarrthóireacht Fabio Panetta le teacht i gcomharbasar Benoît Cœuré, atá ag éirí as a chúraimí ar bhord BCE.

D'iarr Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno, ar na Ballstáit chomh maith a gcuid iarrthóirí a chur chun tosaigh chun teacht i gcomharbas ar Sabine Lautenschläger ar bhord feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh, d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le hiarrthóir ag Grúpa Euro mhí na Samhna.

Bhí plé leantach ag an nGrúpa Euro maidir leis an ionchas eacnamaíoch sa limistéar euro. Tá súil ghéar coinnithe ag an nGrúpa ar fhorbairtí eacnamaíocha le roinnt míonna anois agus chomhaontaigh siad go ndéanfaí dlúthchomhordú ar bheartais i gcás ina dtiocfadh rioscaí meathlaithe i gceist.

Thángamar ar chomhaontú nár cheart dúinn ár mbeartais a dhéanamh níos doichte agus níos déine má tharlaíonn cor chun donais ar eagla go ndéanfaidís níos measa é. I gcás inar féidir é, ba cheart ár seasamh fioscach a bheith níos cuidiúla.

Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Ina theannta sin, rinne na hairí a marana ar na forbairtí i ndáil leis an ráta malairte le roinnt míonna anuas i bhfianaise na gcruinnithe bliantúla a bheidh ag Grúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ón 14 go dtí an 20 Deireadh Fómhair.