"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An rún atá ag an gCróit teacht isteach i sásra ráta malairte an Aontais (ERM II)
Ar imeall chruinniú an Ghrúpa Euro, tháinig na hionadaithe ó Bhallstáit an limistéir Euro, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Danmhairg le chéile, agus an Coimisiún Eorpach agus an Chróit i láthair, chun plé a dhéanamh ar iarratas na Cróite a bheith rannpháirteach in ERM II. Ghlac siad ráiteas.
''Is léir ó rún na Cróite a bheith rannpháirteach in ERM II gur crann taca é an limistéar euro don chobhsaíocht agus don fhás san Eoraip a mheallann baill nua de shíor. Táim lánchinnte gur ag dul i dtreis a bheidh an limistéar euro sna blianta amach romhainn.''
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Phléigh an Grúpa Euro an tríú tuarascáil faireachais fheabhsaithe faoin nGréig. Níl aon bhaint ag an tuarascáil sin le cinneadh faoi bhearta fiachais atá ag brath ar bheartais.
Cuireadh an creat faireachais fheabhsaithe don Ghréig i ngníomh i mí Iúil 2018, agus tháinig sé i bhfeidhm, i mí Lúnasa 2018, nuair a tháinig deireadh le clár na Gréige a bhí á mhaoiniú ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Eisítear na tuarascálacha faireachais fheabhsaithe gach ráithe.
Phléigh na hairí an staid bhuiséadach sa limistéar euro ina iomláine agus dhírigh siad ar ionchais na bliana 2020. Ba é cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, Niels Thygesen, a rinne an tuarascáil ón mBord Fioscach Eorpach, a foilsíodh le déanaí, a chur i láthair. Cuireann an Bord Fioscach Eorpach comhairle ar an gCoimisiún faoi staid fhioscach ionchasach an limistéir euro.
Ina theannta sin, chuir an Coimisiún a mheasúnú ar an staid bhuiséadach i láthair, bunaithe ar an anailís a rinne sé ar chláir chobhsaíochta 2019 agus ar a réamhaisnéis eacnamaíoch don earrach. Cuirtear an plé sin san áireamh agus na dréachtphleananna buiséadacha agus na moltaí don limistéar euro don bhliain 2020 á n-ullmhú.
De réir dhlí an Aontais, tá ceangal ar an nGrúpa Euro staid bhuiséadach agus ionchais bhuiséadacha sa limistéar euro ina n-iomláine a phlé, faoi chuimsiú an mheasúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha na mBallstát atá sa limistéar euro. Dá bhrí sin, bíonn plé rialta aige ar staid fhioscach an limistéir euro.
Cuireadh príomhthorthaí an 11ú misean faireachais iarchláir chun na Spáinne, a bhí ar siúl ar an 7–8 de mhí na Bealtaine, faoi bhráid an ghrúpa Euro.
Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíocann an tír 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas. Bíonn misin faireachais iarchláir ann dhá uair sa bhliain.
Rinne na hairí a marana ar thoradh chomhairliúcháin earnála an Choimisiúin Eorpaigh agus ar an anailís eacnamaíoch is déanaí ón mBanc Ceannais Eorpach a mhéid a bhaineann le ról idirnáisiúnta an euro.
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú
Phléigh na hairí na bearta a tháinig as Cruinniú Mullaigh Euro mhí an Mheithimh 2019, lena n-áirítear athchóiriú SEC, an t-aontas baincéireachta agus an ionstraim bhuiséadach maidir le cóineasú agus iomaíochas.
D'iarr na hairí ar an nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach leanúint de bheith ag obair ar gach gné den phacáiste cuimsitheach chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a neartú, mar a leagtar amach sa litir ó Uachtarán an Ghrúpa Euro dar dáta an 15 Meitheamh 2019. Ina theannta sin, phléigh na hairí eagrú na hoibre a dhéanfar sa chéad seimeastar eile.
''Déanfaimid ár seacht ndícheall teacht ar réitigh chomhleanúnacha chiallmhara sna míonna romhainn amach. Chuige sin caithfidh gach dream a bheith solúbtha. Is maith is cuimhin linn an oíche fhada a bhí ag an nGrúpa Euro i mí an Mheithimh agus tá ualach oibre le déanamh againn fós. Leanfaidh mé orm ag treabhadh liom sa sprid sin.''
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.