Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 13/09/2019, 13 Meán Fómhair 2019

Na príomhthorthaí

An ghnáthfhormáid

Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist: Cáilíocht an airgeadais phoiblí

Mar chuid den phlé ar an bhfás agus ar phoist, mhalartaigh na hairí tuairimí faoi cháilíocht an airgeadais phoiblí sa limistéar euro, agus iad ag díriú go sonrach ar an infheistíocht phoiblí. Bhí sé mar aidhm ag an bplé comhroinnt na ndea-chleachtas a chothú i ndáil le hathbhreithnithe caiteachais a dhéanamh agus sócmhainní poiblí a bhainistiú chun borradh a chur faoi éifeachtúlacht na hinfheistíochta poiblí.

Tacaíodh leis an bplé le nóta teicniúil ón gCoimisiún agus le cur i láthair ón aoichainteoir, Dag Detter, ar saineolaí é ar bhainistiú sócmhainní poiblí.

Athbhreithniú ar thionscnamh trédhearcachta an Ghrúpa Euro

Scrúdaigh na hairí tionscnamh trédhearcachta reatha an Ghrúpa Euro agus mhalartaigh siad tuairimí faoi na roghanna atá ann chun é a fheabhsú a thuilleadh.

Faireachas Iarchláir in Éirinn - an 11ú athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) na hairí ar an eolas maidir le príomhthorthaí an 11ú misean faireachais iarchláir go hÉirinn a cuireadh i gcrích idir an 21 agus an 24 Bealtaine. Chuir an Sásra Cobhsaíochta Eorpach an Grúpa Euro ar an eolas freisin faoina chóras réamhrabhaidh. Ag an am céanna, chuir CAI a mhisean faoi Airteagal IV i gcrích.

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas. Déantar tuairisciú agus misin leis dhá uair sa bhliain.

Ábhair eile

Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno, na hairí ar an eolas faoi thoradh chruinniú na n-airí airgeadais G7. Ina theannta sin, sheol sé an glao ar iarrthóirí ar an bhfolúntas atá le teacht ar Bhord Feidhmiúcháin BCE. Sa bhreis air sin, rinne airí airgeadais nua na Gréige agus na hIodáile tosaíochtaí beartais a gcuid rialtas nua faoi seach a chur i láthair.

Formáid chuimsitheach

An ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais

Tar éis do cheannairí an Aontais sainordú a fháil ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí an Mheithimh, lean an Grúpa Euro d'obair a dhéanamh, i bhformáid chuimsitheach, ar dhoimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA). Dhírigh na hairí ar na saincheisteanna uile atá ar feitheamh a bhaineann leis an ionstraim bhuiséadach chóineasaithe agus iomaíochais(BICC) don limistéar euro agus do Bhallstáit an tsásra ráta malairte (ERM II) ar bhonn deonach. Tá sé mar aidhm ag na hairí tuairisciú go gasta do cheannairí an Aontais mar ullmhúchán don díospóireacht níos leithne i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile.

I mí an Mheithimh, tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú maidir le bileog téarmaí lena ndéantar cur síos ar ghnéithe BICC. Tháinig na hairí ar chomhaontú ginearálta freisin maidir le téacs Chonradh SCE a athbhreithniú chun an comhaontú polaitiúil ar thángthas air ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag 2018 a chur chun feidhme. Cumhdaítear sa chomhaontú saincheisteanna amhail an cúlstop coiteann le haghaidh réiteach bainc, na hionstraimí réamhchúraim chomh maith le gnéithe institiúideacha agus saincheist an chomhair idir SCE agus an Coimisiún Eorpach laistigh agus lasmuigh de na cláir.

Tuilleadh oibre déanta ag an nGrúpa Euro ar ionstraim bhuiséadach an limistéir euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025