- An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 22-23/05/2018, 22-23 Bealtaine 2018
Na príomhthorthaí
22 Bealtaine 2018
Oideachas
Tá sé de cheart ag gach saoránach den Aontas oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach a fháil, d'fhonn scileanna a choinneáil agus a fháil a chuirfidh ar chumas an duine sin a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus oiriúnú mar is cuí don mhargadh saothair. Is mór is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun teacht i dtír ar phoitéinseal iomlán an oideachais chun fostaíocht, fás eacnamaíoch agus cothromas sóisialta a chruthú. Krasimir Valchev, Aire Oideachais agus Eolaíochta Phoblacht na Bulgáire agus Uachtarán na Comhairle
Ghlac an Chomhairle moladh athbhreithnithe maidir le hinniúlachtaí lárnacha d'fhoghlaim ar feadh an tsaoil, a bhfuil sé d'aidhm aige an moladh reatha ó 2006 a nuashonrú agus athruithe amhail an digitiú agus na margaí saothair a bhíonn ag athrú de shíor a chur san áireamh.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle moladh maidir le comhluachanna, an t-oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach den teagasc a chur chun cinn, mar aon le conclúidí maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais.
- Moladh ón gComhairle maidir le comhluachanna, an t-oideachas cuimsitheach, agus gné Eorpach den teagasc a chur chun cinn
- Conclúidí ón gComhairle maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais
Bhí deis ag na hairí plé a dhéanamh ar phoitéinseal na n-ollscoileanna fás réigiún agus scileanna fiontraíochta agus nuálacha a chur chun cinn, agus díríodh go háirithe ar na bearta agus na dreasachtaí is féidir leis na polaiteoirí a thabhairt isteach chun poitéinseal na n-institiúidí ardoideachais a fhorbairt, agus ról na straitéisí agus na sineirgí maidir leis an speisialtóireacht chliste.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin maidir le sraith saincheisteanna tábhachtacha amhail ról an oideachais maidir le haghaidh a thabhairt ar an bhfrith-Sheimíteachas, lá spóirt na scoileanna Eorpacha, agus clár oibre uachtaránacht inteachta na hOstaire.
An Óige
Tar éis plé a dhéanamh ag lón neamhfhoirmiúil faoi na sásraí atá ann faoi láthair le dul i gcomhairle le daoine óga a athchóiriú, dá ngairtear an t-idirphlé struchtúrtha maidir leis an óige, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ról daoine óga i ndáil le sochaí shlán chomhtháite chomhchuí a fhorbairt, mar aon le conclúidí maidir leis na daoine óga i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le ról daoine óga i ndáil le sochaí shlán chomhtháite chomhchuí san Eoraip a fhorbairt
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ról atá ag daoine óga i dtaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha laistigh den Aontas Eorpach
Bhí plé ag na hairí freisin faoi na tosaíochtaí a bheadh ann amach anseo i mbeartas óige an Aontais Eorpaigh, agus bhí Hassan Al Hilou, Ceannaire Pobail an YouthTalks Foundation i láthair don idirphlé sin freisin. Bhí sé i gceist go mbeadh an t-idirphlé sin mar ábhar machnaimh roimh an díospóireacht maidir le Straitéis athbhreithnithe an Aontais i leith na hÓige. Leagtar amach sa straitéis nua moltaí chun creat Eorpach a shainiú maidir le comhar don óige don tréimhse 2019-24 agus díríonn sí, i measc nithe eile, ar rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i saol daonlathach na hEorpa.
Cuireadh na hairí ar an eolas faoi dhearbhú maidir leis an radacú foréigneach a chosc, faoin tionscnamh Óige na hEorpa le Chéile, agus faoi chlár oibre uachtaránacht inteachta na hOstaire.
23 Bealtaine 2018
An Cultúr / Ábhair Chlosamhairc
Sna conclúidí uaithi i mí na Nollaig 2017, thug an Chomhairle Eorpach aitheantas do ról bunriachtanach an chultúir maidir le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin shóisialta agus eacnamaíocha atá ann. Táimid ag obair chun na prionsabail sin a iompú ina mbearta nithiúla agus chun fís fhadtéarmach a leagan amach do rannchuidiú an chultúir san Aontas tar éis 2020. Boil Banov, Aire Cultúir Phoblacht na Bulgáire agus Uachtarán na Comhairle
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle faoin bhfís fhadtéarmach atá ann do rannchuidiú an chultúir leis an Aontas tar éis 2020, lenar díríodh go háirithe ar na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun leibhéal na huaillmhéine i réimse an chultúir a mhéadú, sa chaoi go mbeidh an cultúr ina spreagadh don athrú amach anseo.
Ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir leis an oidhreacht chultúrtha a thabhairt chun cinn sna beartais ar fad san Aontas.
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi réimse ábhar tábhachtach amhail allmhairiú aindleathach earraí cultúrtha ó láithreáin seandálaíochta, príomhchathracha Eorpacha an chultúir in 2022, an togra atá ann chun an treoir maidir le CBL a athrú chun aird níos fearr a thabhairt ar na beartais chultúir, agus faoi chlár oibre uachtaránacht inteachta na hOstaire.
Spórt
Tá ról lárnach ag daoine óga agus ag an spórt ó thaobh sochaí shlán chomhtháite a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar athruithe sa tsochaí agus comhluachanna an Aontais a chur chun cinn. Tá sé de dhualgas orainn daoine óga a chumhachtú agus na dálaí cearta a chruthú don spórt agus don ról atá aige sa tsochaí. Krasen Kralev, Aire Óige agus Spóirt Phoblacht na Bulgáire agus Uachtarán na Comhairle
Tar éis lón neamhfhoirmiúil idir na hairí spóirt agus Uachtarán UEFA Aleksander Čeferin chun plé a dhéanamh ar thodhchaí chomórtais na gclubanna agus na bhfoirne náisiúnta, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le comhluachanna an Aontais a chur chun cinn tríd an spórt.
Ansin bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i gcuideachta Aleksander Čeferin maidir le tráchtálú na spórt scothaicmeach agus inbhuanaitheacht an mhúnla Eorpaigh spóirt. Dhírigh na hairí go háirithe ar na dúshláin atá ag an múnla Eorpach agus phléigh siad an chaoi a bhféadfaí a chinntiú go gcaomhnóidh an spórt san Eoraip a nádúr agus an bunús láidir atá faoi.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoi na cruinnithe is deireanaí den Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála, faoin dearbhú "Ar son Eoraip an spóirt", agus faoi chlár oibre uachtaránacht inteachta na hOstaire.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Bainistiú agus athchúrsáil dramhaíola: Rialacha nua glactha ag an gComhairle - 22/05/2018
Feirmeoireacht orgánach: rialacha nua ón Aontas glactha - 22/05/2018
Córas nua cineálcheadaithe agus faireachais margaidh le haghaidh mótarfheithiclí: Athchóiriú ar an earnáil curtha i gcrích ag an gComhairle - 22/05/2018
Dátaí do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa: Dátaí dearbhaithe ag an gComhairle: 23 go dtí 26 Bealtaine 2019 - 22/05/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EYCS
Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025