Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 20-21/11/2017, 20-21 Samhain 2017

Na príomhthorthaí, 21/11/2017

"Tá níos mó i gceist leis an Eoraip ná an geilleagar agus an margadh aonair; is croíchuid di, freisin, an saothar ealaíne a chruthaímid, na leabhair a léimid, an ceol a n-éistimid leis, na cluichí a imrímid. Is leis an gcultúr, leis na healaíona agus leis an spórt a fhitear le chéile ár bpobail. Cruthaítear leo meon an chomhpháirteachais, agus is cuid iad de shochaithe sláintiúla cuimsitheacha comhtháite. I saol an lae inniu agus dúshláin roimh an Eoraip, tá sé níos tábhachtaí arís go gcuirfimid dlús, ar gach leibhéal, lenár n-iarrachtaí rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin. Inniu, ghlacamar dhá thacar de chonclúidí maidir le rochtain ar chultúr trí mheáin dhigiteacha agus maidir leis an ról atá ag cóistí sa tsochaí, agus tá mé lánchinnte go mbeidh siad ina gcuidiú againn agus muid ag iarraidh na spriocanna sin a bhaint amach."

Indrek Saar, Aire Cultúir na hEastóine, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair

An Cultúr / Ábhair Chlosamhairc

Bhí malartú tuairimí sa Chomhairle maidir leis an dóigh inar féidir leis an gcultúr cuidiú chun sochaithe na hEorpa a chomhtháthú ar bhealach níos fearr. Phléigh na hairí an comhar is féidir a dhéanamh, go háirithe ar leibhéal na hEorpa, d'fhonn gníomhaíocht a atreisiú ar an leibhéal náisiúnta, agus phléigh siad an ról sonrach atá ag eagraíochtaí cultúrtha agus oidhreachta, freisin.

Ina theannta sin, cuireadh na hairí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa faoin athbhreithniú ar an treoir maidir le seirbhísí na meán closamhairc, a rialaíonn comhordú uile-Aontais na reachtaíochta náisiúnta maidir le gach seirbhís sna meáin chlosamhairc, idir sheirbhísí craolacháin teilifíse traidisiúnta agus sheirbhísí ar éileamh.

Glacfaidh an Chomhairle conclúidí maidir le rochtain a chur chun cinn ar an gcultúr trí mheáin dhigiteacha. Léirítear sna conclúidí sin na deiseanna a chuireann na teicneolaíochtaí nua ar fáil d'eagraíochtaí cultúrtha agus iad ag iarraidh díriú níos fearr ar phobail mheáin atá ann cheana nó dul i dteagmháil le cinn nua.

Spórt

Phléigh na hairí na dúshláin is mó atá i ndán don spórt sa 21ú haois. Bhreathnaigh siad ar an dóigh le comhar a fheabhsú idir rialtais náisiúnta agus eagraíochtaí spóirt d'fhonn freagairt, ar bhealach níos éifeachtaí, ar shaincheisteanna amhail sláine agus rialachas an spóirt, agus an méid a chuireann an spórt leis an tsochaí. Den chéad uair ó tháinig ann don Chomhairle san fhoirmíocht sin, bhí Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC), Thomas Bach, páirteach sa phlé inti.

Ar a bharr sin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ról atá ag cóistí sa tsochaí, agus maidir le réiteach darb aidhm tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bplé ardleibhéil struchtúrtha idir institiúidí an Aontais, údaráis na mBallstát agus gluaiseacht an spóirt.

Na príomhthorthaí, 20/11/2017

An Óige

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta i ndáil le dréachtrialachán maidir le Cór Dlúthpháirtíochta na hEorpa. Is é is aidhm don rialachán comhtháthú, dlúthpháirtíocht agus daonlathas a neartú san Eoraip tríd an deis a thairiscint do dhaoine óga deonobair nó obair a dhéanamh ar thionscadail thairbhiúla ar fud na hEorpa.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hobair óige chliste. Moltar sna conclúidí leas a bhaint as na meáin dhigiteacha agus na teicneolaíochtaí digiteacha chun cleachtas i ndáil le hobair don óige, taighde don óige agus beartais don óige a fhorbairt, chun freagairt do na dúshláin agus do na deiseanna a eascraíonn as an ré dhigiteach.

Phléigh na hairí saincheisteanna freisin ar údar imní iad d'aos óg na hEorpa agus conas is féidir an tAontas aghaidh a thabhairt orthu siúd. Déanfaidh an Uachtaránacht na príomhtheachtaireachtaí ón díospóireacht sin a chur ar aghaidh i litir chuig uachtaráin na Comhairle Eorpaí, an Choimisiúin Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa.

Chuir Mailis Reps, Aire Oideachais agus Taighde na hEastóine, i dtreis a thábhachtaí atá sé tacaíocht a thabhairt d'aos óg na hEorpa agus go ndéanfaidh siad páirt a ghlacadh chucu féin:

"Más mian linn a áirithiú go n-éireoidh go maith leis an Eoraip feasta, ní mór dúinn a bheith ar an eolas faoin méid is údar imní d'aos óg na hEorpa agus cad is féidir linn a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt air sin. Ní mór dúinn a chinntiú freisin go bhfuil na scileanna agus na huirlisí is gá á gcur ar fáil againn don aos óg le dul isteach i margadh an tsaothair agus le go n-éireodh an saol go maith leo i saol tob-athraitheach an lae inniu."

Oideachas

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le clár oibre athnuaite i ndáil leis an ardoideachas. Is é an aidhm fhoriomlán an t-ardoideachas a nuachóiriú ionas go mbeidh sé cab ar chab le dálaí claochlaitheacha an tsaoil.

Ghlac sí conclúidí freisin maidir le forbairt scoile agus teagasc den scoth. Leagtar béim sna conclúidí ar a thábhachtaí atá sé oideachas ardcháilíochta, cuimsitheach a áirithiú do chách, a thugann níos mó cumhachta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, agus a bheith ag bogadh i dtreo rialachas atá níos éifeachtaí, níos cothroime agus níos éifeachtúla.

Ghlac an Chomhairle moladh maidir le céimithe a rianú, rud a thabharfaidh spreagadh agus tacaíocht do na Ballstáit lena gcuid iarrachtaí feabhas a chur ar cháilíocht agus ar infhaighteacht na faisnéise faoin méid a dhéanann céimithe tar éis dóibh an t-ardoideachas nó an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a fhágáil.

Leanann na conclúidí agus an moladh na teachtaireachtaí ón gCoimisiún ar an 30 Bealtaine 2017 maidir le forbairt scoile agus teagasc den scoth, agus clár oibre athnuaite de chuid an Aontais don ardoideachas.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Guy Milton Ceannaire ar chaidreamh leis na Meáin

  • +32 2 281 85 19
  • +32 477 67 06 60

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025