- An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 22-23/05/2017, 22-23 Bealtaine 2017
Na príomhthorthaí (Lá 1)
An óige
An t-idirphlé le daoine óga agus an comhar Eorpach amach anseo i réimse na hóige, b’shin iad príomhábhair obair na Comhairle agus í ag teacht le chéile di i bhfoirmíocht na hÓige. Ghlac an Chomhairle
- rún maidir leis an idirphlé (struchtúrtha) le daoine óga a fhorbairt amach anseo i gcomhthéacs beartais le haghaidh comhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse i ndiaidh 2018. Sa rún, leagtar amach na príomhthosaíochtaí don chéad timthriall eile den idirphlé, arb é seo a leanas a phríomhthéama: "An Óige san Eoraip: an chéad rud eile?.
Sa rún, iarrtar go ndéanfar athbhreithniú ar cén chaoi feabhas a chur ar an idirphlé agus é a dhéanamh níos éifeachtaí amach anseo. Iarrtar freisin go bhféachfar cén chaoi a bhféadfar idirphlé cuiditheach agus comhar a fhorbairt le daoine óga ó chúlraí éagsúla, taighdeoirí agus lucht déanta beartas i réimse na hóige agus páirtithe leasmhara ó earnálacha gaolmhara eile. - ghlac sí conclúidí maidir le dearcthaí straitéiseacha don chomhar Eorpach i réimse na hóige i ndiaidh 2018, ina dtugtar treoir don Choimisiún agus é i mbun meastóireacht mheántéarma a dhéanamh ar an bpríomhionstraim beartais sa réimse seo, “Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige”.
Leagtar béim sna conclúidí ar a riachtanaí atá sé gur straitéis a bheadh trasearnálach, solúbtha, freagrúil agus trédhearcach a theastaíonn amach anseo agus go mbeadh sí in ann staid athraitheach na hEorpa ó thaobh polaitíochta, cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta, a chur san áireamh. - ghlac sí conclúidí maidir le ról na hoibre don óige chun tacú le daoine óga scileanna riachtanacha saoil a fhorbairt, le gur fusa dóibh aghaidh a thabhairt ar an saol mar dhaoine fásta agus mar shaoránaigh ghníomhacha agus le gur fusa dóibh freisin tabhairt faoi shaol na hoibre.
An t-oideachas
Ghlac an Chomhairle moladh maidir leis an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar thrédhearcacht, inchomparáideacht agus iniomparthacht cáilíochtaí ar fud na hEorpa trí chreat tagartha comhchoiteann a bhunú do chórais náisiúnta cáilíochtaí.
Leis an moladh, féachtar freisin le cabhrú leis na córais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus le hinfhostaitheacht, soghluaisteacht agus lánpháirtiú sóisialta oibrithe agus foghlaimeoirí a mhéadú.
Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn atá déanta maidir le Europass, atá ceaptha cabhrú le méadú na soghluaisteachta san Eoraip trí chreat a chur ar fáil lenar fearr a bheidh an rochtain ar fhaisnéis maidir le scileanna agus cáilíochtaí don oideachas agus don fhostaíocht.
“Is luachmhar é an t-idirphlé rialta a bhíonn againn le daoine óga. Is modh tábhachtach dúinne é chun foghlaim faoina gcuid ábhar buartha agus faoi na dúshláin atá rompu, agus tugann sé ionchur luachmhar dúinn ó thaobh beartais iomchuí a fhorbairt sa réimse seo. Ní mór dúinn pleanáil anois don todhchaí agus féachaint cén chaoi a bhféadfar feabhas a chur ar an gcomhar.”
Is díol sásaimh dúinn freisin gur glacadh an Creat Eorpach um Cháilíochtaí agus an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis an gcinneadh i ndáil le Europass. Tá dhá chomhpháirt thábhachtacha sa Chlár Oibre Nua Scileanna a chabhróidh le feabhas a chur ar infhostaitheacht agus soghluaisteacht shaoránaigh na hEorpa”.
Arsa Evarist Bartolo, Aire Oideachais agus Fostaíochta Mhálta
Príomhphointí an chláir oibre — 23 Bealtaine 2017
An cultúr
Déanfaidh an Chomhairle iarracht teacht ar chur chuige ginearálta maidir leis an togra le haghaidh treoir athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí meán closamhairc (AVMS). Tá sé mar aidhm ag an togra a áirithiú gur fearr a oirfidh an reachtaíocht seo don ré dhigiteach, mar shampla, ach an raon feidhme a leathnú chuig ardáin comhroinnte físeán. Sa togra seo, bunaítear oibleagáidí, atá níos doichte ná mar a bhí, chun saothair Eorpacha a chur chun cinn i gcomhair seirbhísí ar éileamh.
Ina theannta sin, glacfaidh an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis de chuid an Aontais le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, i ndiaidh na teachtaireachta comhpháirtí ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais maidir le straitéis de chuid an Aontais le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta.
An spórt
Glacfaidh an Chomhairle rún maidir le plean oibre an Aontais don spórt (2017-2020), arb é is aidhm leis dul i ngleic le dópáil agus cúbláil cluichí agus dea-rialachas in eagraíochtaí spóirt a fheabhsú.
Táthar ag dréim leis, freisin, go nglacfaidh an Chomhairle conclúidí maidir leis an spórt mar ardán don chuimsiú sóisialta.
De bhreis air sin, pléifidh na hairí conas is féidir beartas maidir leis na meáin a fhorbairt – beartas lena dtugtar tacaíocht do chuspóirí sóisialta i réimse an spóirt.
Youth
The dialogue with young people and future European cooperation in the youth field were the main topics of the Council's work in it's Youth configuration. In particular, the Council
- adopted a resolution on the future development of the (structured) dialogue with young people in the context of policies for European cooperation in the youth field post 2018. The resolution outlines the main priorities for the next cycle of the dialogues, which will have as its main theme: "Youth in Europe: what's next?.
The resolution calls for a review on how to improve the dialogue and make it more effective in the future. It also calls for particular attention to be given to ways of developing a constructive dialogue and cooperation with young people from diverse backgrounds, youth researchers and policy makers and interested parties from other related sectors. - adopted conclusions on the strategic perspectives for European cooperation in the youth field post-2018, which will provide guidance to the Commission as it carries out a mid-term evaluation of the key policy instrument in this area, the "EU Youth Strategy".
The conclusions underline the need for the future strategy to be cross-sectoral, flexible, responsive and transparent and take account of the rapidly changing political, social, cultural and economic situation in Europe. - adopted conclusions on the role of youth work in supporting young people's development of essential life skills to facilitate their transition to adulthood, active citizenship and working life.
Education
The Council adopted a recommendation on the European Qualifications Framework for lifelong learning. Its aim is to improve the transparency, comparability and portability of qualifications across Europe by establishing a common reference framework for national qualifications systems.
The recommendation also seeks to help modernise education and training systems and increase the employability, mobility and social integration of workers and learners.
The Council took note of progress on Europass, which is intended to help increase mobility in Europe by providing a framework which will improve access to information on skills and qualifications for education and employment purposes.
"We very much value our regular dialogue with young people. It is an important means for us to learn about their concerns and the challenges they face, and it offers valuable input into how we develop the most appropriate policies in this field. We must now plan ahead and examine how we can further improve our cooperation."
We also welcome the adoption of the European Qualifications Framework and the significant progress on the Europass decision. These are two important components of the New Skills Agenda that will contribute to improving the employability and mobility of European citizens".
Evarist Bartolo, Minister for Education and Employment of Malta
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, an 22-23 Bealtaine 2017
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí reachtacha, an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, an 22-23 Bealtaine 2017
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, an 22-23 Bealtaine 2017
Preaseisiúintí
- Oiriúnú d’athruithe teicneolaíochta, iomaíochas na hEorpa agus luachanna bunúsacha i seirbhisí closamhairc a chaomhnú
- 23/05/2017
- “Is cuid lárnach é an cultúr de chaidreamh idirnáisiúnta an Aontais”: Glacann an Chomhairle conclúidí
- 23/05/2017
- Rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle: Tuarascáil 2016
- 22/05/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EYCS
Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025