"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 12-13 Bealtaine 2025
Na príomhthorthaí
Dé Máirt, an 13 Bealtaine
Cultúr/closamharc
Seirbhísí na meán closamhairc
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an measúnú ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh seirbhísí meán closamhairc agus seirbhísí ardáin comhroinnte físeán.
Tá tírdhreach na meán ag athrú de shíor, agus dá réir sin tá sé riachtanach go mbeidh rialacha láidre, inoiriúnaithe i bhfeidhm. Leagtar béim sna conclúidí ar na dúshláin is práinní atá roimh earnáil na meán closamhairc san Aontas, agus iarrtar cur chuige iontu lena gcinnteofaí go gcosnófaí ár saoránaigh go léir ar ábhar díobhálach sna blianta amach romhainn. Ní féidir forbairt na teicneolaíochta a shrianadh - is ceart dúinn a bheith faoi réir lena húsáid go héifeachtach, seachas í a shéanadh.
Hanna Wróblewska, Aire Cultúir agus Oidhreachta Náisiúnta na Polainne
Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar an ról tábhachtach atá ag Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc a mhéid a bhaineann le creat dlíthiúil a chur ar fáil lena gcosnaítear margadh atá éagsúil, cothrom, slán, iontaofa agus iomaíoch do na meán closamhairc san Aontais agus lena chur chun cinn, chomh maith le cinntiú go gcuirtear ábhar closamhairc neamhspleách, iontaofa agus éagsúil ó thaobh cultúir de ar fáil.
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí óga agus do ghairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha chun tús a chur lena ngairmeacha beatha.
Ar na príomhthosaíochtaí atá ag Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026, tá ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha, agus tacaíocht d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Mar sin féin, tá go leor dúshlán fós roimh ealaíontóirí agus cruthaitheoirí óga, agus tá sé mar aidhm ag na conclúidí seo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí roinnt tionscnamh agus gníomhaíochtaí molta.
An Compás Cultúir agus a bhfuil i ndán d’Eoraip na Cruthaitheachta
Ghlac na hairí páirt i ndíospóireacht bheartais inar díríodh ar dhá ábhar: a bhfuil i ndán do chlár Eoraip na Cruthaitheachta, agus an creat straitéiseach don chultúr atá ar na bacáin ar a dtugtar an ‘Compás Cultúir’.
Go háirithe, phléigh na hairí na dúshláin atá roimh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta faoi láthair, agus ar cheart Clár Eoraip na Cruthaitheachta a choigeartú chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin sin, agus, a mhéid ba cheart é a choigeartú.
Ina theannta sin, d’fhéach siad ar bhealaí ina bhféadfadh an Compás Cultúir droim láimhe a thabhairt don status quo agus a chinntiú go n-aithneofar tábhacht straitéiseach an chultúir, in éineacht leis na tosaíochtaí polaitiúla nua atá ag teacht chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.
Éachtaí na samhla Eorpaí cistiúcháin agus rialála don scannánaíocht (faisnéis ón bhFrainc)
Kiruna: Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2029 (faisnéis ón tSualainn)
Páipéar Bán Chemnitz: 40 moladh tar éis 40 bliain de Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa (faisnéis ón nGearmáin)
Luach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i bhforbairt na hintleachta saorga: cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint agus an trédhearcacht a chinntiú sa Chód Cleachtais faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga (faisnéis ón Spáinn agus ón bPortaingéil, le tacaíocht ón Iodáil)
Mondiacult 2025: Comhdháil Dhomhanda UNESCO ar Bheartais Chultúrtha agus an Fhorbairt Inbhuanaithe (Barcelona, 29 Meán Fómhair – 1 Deireadh Fómhair 2025) (faisnéis ón Spáinn)
Trédhearcacht úinéireacht agus chistiú na meán (faisnéis ón gCróit)
Tús a chur le tacaíocht dhomhanda do chultúr agus d’oidhreacht chultúrtha na hÚcráine ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine sa Róimh, an 10-11 Iúil 2025 (faisnéis ón Iodáil)
Rannchuidiú chomhar an Aontais chun cuimhneachán Eorpach comhroinnte i gcultúr a chothú agus athléimneacht an Aontais a neartú (faisnéis ón Liotuáin, ón Eastóin agus ón Laitvia)
Rannchuidiú an chultúir le hullmhacht an Aontais: caomhnú fadtéarmach na hoidhreachta cultúrtha digití (faisnéis ón Eastóin)
Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (faisnéis ón Danmhairg)
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cur chuige comhtháite i leith an spóirt agus na gníomhaíochta coirp i gcomhthéacs an oideachais.
Tá leanaí agus daoine óga ag éirí níos neamhghníomhaí de réir a chéile, agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige sin ar a sláinte coirp agus ar a meabhairshláinte. Ach béim níos mó a chur ar ghníomhaíocht choirp san oideachas agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shaoráidí spóirt i suíomhanna oideachais, féadfar dul i ngleic leis an treocht sin ar ábhar imní í, nósanna sláintiúla agus grá aclaíochta a mhairfidh go deo a spreagadh.
Piotr Borys, Státrúnaí san Aireacht Spóirt agus Turasóireachta
Is é is aidhm do na conclúidí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le leibhéil gníomhaíochta coirp na leanaí agus na ndaoine óga a mhéadú agus an spórt a chur chun cinn mar uirlis don tsláinte coirp agus don mheabhairshláinte, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir an timpeallacht oideachais (le linn ranganna agus lasmuigh díobh) a úsáid chun an ghníomhaíocht choirp a ionchorprú sa saol laethúil.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le ról na lúthchleasaithe i gceapadh beartas spóirt. Dhírigh na hairí ar an luach a bhaineann le taithí agus dearcadh gairmiúil na lúthchleasaithe agus phléigh siad bealaí chun páirt a thabhairt dóibh i mbeartais spóirt a mhúnlú agus a chur chun feidhme ar gach leibhéal, go háirithe maidir le dúshláin a shainaithint, réitigh a mholadh, agus a chinntiú go léirítear riachtanais an phobail spóirt sna beartais.
Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:
Tionchar ionradh iomlán na Rúise ar earnáil an spóirt san Úcráin (faisnéis ón uachtaránacht)
An ghné Eorpach agus shóisialta de Chluichí Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha an Gheimhridh XXV (Milano-Cortina 2026): mórimeachtaí spóirt, an tSamhail Eorpach Spóirt, agus ról na hoibre deonaí (faisnéis ón Iodáil)
An Ghníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála (WADA): Cruinniú den Bhord Fondúireachta an 5 Nollaig 2024 (faisnéis ó ionadaí de chuid Bhallstáit an Aontais ar Bhord Fondúireachta WADA)
An 9 Bealtaine 2025: Lá na hEorpa á chéiliúradh ag an spórt (faisnéis ón Spáinn)
Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón Danmhairg)
Lón neamhfhoirmiúil
Ghlac na hairí spóirt páirt i ndíospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin maidir le comhar trasearnálach chun spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn i scoileanna.
Mar chuid den phacáiste ardoideachais, ghlac an Chomhairle moladh maidir le córas Eorpach um dhearbhú cáilíochta agus um aitheantas san ardoideachas agus d’fhormheas sí rún maidir le lipéad céime Eorpaí comhpháirteach agus na chéad chéimeanna eile i dtreo céim Eorpach chomhpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ann.
Leis na comhaontuithe ar thángthas orthu, is gaire muid do cheann de na príomhthosaíochtaí straitéiseacha do thodhchaí an ardoideachais san Aontas a bhaint amach: is é sin, céim Eorpach chomhpháirteach a d’fhéadfadh a bheith ann a chuirfeadh le tarraingteacht agus iomaíochas an ardoideachais Eorpaigh ar scála domhanda. Is cloch mhíle thábhachtach iad sna hiarrachtaí atá ar bun againn an comhar Eorpach a dhoimhniú in earnáil an ardoideachais agus a seasamh domhanda a threisiú.
Andrzej Szeptycki, Leas-Aire Eolaíochta agus Ardoideachais na Polainne
Dírítear sa mholadh ar fheabhas a chur ar chórais dearbhaithe cáilíochta san ardoideachas chun muinín, cuntasacht agus comhar trasnáisiúnta a fheabhsú ar fud an Aontais. Áirítear ann sraith critéar ar ar a mbonn a d’fhéadfaí lipéad céime Eorpaí comhpháirteach a bhronnadh ar chláir chomhpháirteacha a chuirtear ar fáil trí chomhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais ó thíortha éagsúla, lena n-áirítear dhá Bhallstát de chuid an Aontais ar a laghad. Leagtar amach sa rún fís na Comhairle maidir le lipéad céime Eorpaí comhpháirteach agus moltar treochlár ina mbeidh trí chéim le cur i gcrích faoi 2029.
Cleachtais chuimsitheacha atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir
D’fhormheas airí oideachais an Aontais conclúidí maidir le cleachtais chuimsitheacha atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir in oideachas agus cúram na luath-óige agus san oideachas scoile. Léirítear sna conclúidí gur gá córais oideachais agus oiliúna níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil, agus rochtain a chinntiú do chách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le ról Aontas na Scileanna chun an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a neartú.
Phléigh na hairí an chaoi is fearr a d’fhéadfadh an tAontas agus LEO a chéile a chomhlánú chun oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta a chinntiú do gach foghlaimeoir, agus dúbailt agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo á seachaint ag an am céanna.
Roinn siad a dtuairimí freisin maidir leis na príomhghnéithe d’Aontas na Scileanna ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh chun tacú le cuspóirí LEO, agus scrúdaigh siad conas a d’fhéadfaí rialachas a shimpliú chun comhleanúnachas níos fearr agus cinnteoireacht níos tapúla a chinntiú.
Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:
Feasacht an Aontais a chur chun cinn tríd an oideachas (faisnéis ón Uachtaránacht)
An tionchar diúltach a bhíonn ag úsáid fón cliste i scoileanna (faisnéis ón Ostair, ón Iodáil agus ón tSualainn)
Comhdháil neamhfhoirmiúil sa Róimh, an 27-28 Meitheamh 2025: Bliain amháin tar éis Chruinniú Aireachta G7 maidir leis an Oideachas: cad iad na bearta ba cheart a dhéanamh chun an comhar maidir leis an oideachas a fheabhsú a thuilleadh? (faisnéis ón Iodáil)
Rannchuidiú chomhar an Aontais san oideachas chun feasacht a mhéadú maidir le córais ollsmachtacha agus chun athléimneacht an Aontais a neartú (faisnéis ón Liotuáin, ón Eastóin agus ón Laitvia)
7ú Fóram Domhanda ECFE maidir le Todhchaí an Oideachais agus na Scileanna 2040 (an Bhratasláiv, an 24-26 Samhain 2025 (faisnéis ón tSlóvaic)
Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón Danmhairg)
Lón neamhfhoirmiúil
Bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ann le linn an lóin maidir le hathléimneacht agus ullmhacht na gcóras oideachais agus oiliúna.
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le bréagaisnéis, ionramháil agus bagairtí sa chibearspás agus an tionchar atá acu sin ar shaol daoine óga.
Tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine óga atá thíos leis an mbréagaisnéis ar líne, rud a chuireann a ndearcadh ar shaincheisteanna criticiúla as a riocht agus a mbíonn tionchar diúltach aici ar a meabhairshláinte. Chun dul i ngleic leis na bagairtí sin atá ag dul i méid, ní mór dúinn gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a chothú i measc na nglúnta óga, rud a neartóidh an teacht aniar atá iontu i ndáil le hionramháil ar líne agus a chothóidh timpeallacht dhigiteach níos sábháilte.
Barbara Nowacka, Aire Oideachais na Polainne
Go háirithe, phléigh na hairí conas na scileanna digiteacha, na scileanna smaointeoireachta criticiúla agus an litearthacht sna meáin a thabhairt do dhaoine óga ar bhealach níos fearr, ós rud é go bhfuil gá acu leis na scileanna sin chun measúnú a dhéanamh ar ábhar ar líne agus chun teacht aniar a chothú iontu in aghaidh na bréagaisnéise agus na hionramhála sa timpeallacht dhigiteach.
Ina theannta sin, mhol siad ionstraimí agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais a d’fhéadfadh feabhas a chur ar theacht aniar daoine óga i leith na bréagaisnéise agus na hionramhála ar líne, rannpháirtíocht dhearfach fhreagrach i dtaobh úsáid uirlisí digiteacha a chur chun cinn, agus iad a ullmhú ar bhealach níos fearr do rannpháirtíocht dhaonlathach eolasach ghníomhach sa ré dhigiteach.
D’fhormheas airí óige an Aontais conclúidí ón gComhairle maidir le pobal daoine óga san Eoraip, bunaithe ar luachanna Eorpacha ar mhaithe le hEoraip choiteann shábháilte.
I gcomhréir le tosaíochtaí Uachtaránacht na Polainne, fiosraítear sna conclúidí bealaí chun féiniúlacht Eorpach a neartú i measc aos óg na hEorpa, go háirithe trí ghnéithe an oideachais agus oiliúna, mar shampla, maidir le saoránacht dhaonlathach, litearthacht dhigiteach, litearthacht sna meáin, agus tógáil pobail a chur chun cinn.
Is léiriú iad ar an toradh a bhí ar Chomhdháil Óige an Aontais, a bhí ar siúl in Lublin i mí an Mhárta mar chuid d’Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg.
Rialachas Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg
D’fhormheas na hairí rún ón gComhairle lena ndéantar athbhreithniú ar na treoirlínte maidir le rialachas Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg.
Tá sé d’aidhm ag an rún an rialachas a thabhairt cothrom le dáta, agus forbairtí agus ceachtanna a foghlaimíodh ó rinneadh an t-athbhreithniú roimhe seo in 2019 á gcur san áireamh, faoi chuimsiú Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027.
Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnó eile’:
Toradh an phlé ag cruinniú neamhfhoirmiúil bricfeasta Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg (faisnéis ón Uachtaránacht)
Tionchar mhór-ionradh na Rúise ar aos óg na hÚcráine (faisnéis ón Uachtaránacht)
Rannchuidiú chomhar an Aontais trí bheartas óige chun cuimhneachán Eorpach comhroinnte a chothú agus athléimneacht an Aontais a neartú (faisnéis ón Liotuáin, le tacaíocht ón Eastóin agus ón Laitvia)
Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón Danmhairg)
Bricfeasta neamhfhoirmiúil
Tionóladh cruinniú neamhfhoirmiúil céadphroinne, dar teideal ‘Connected but at what cost? Youth, social media and the future of online well-being’ [An bhfuil praghas le híoc as a bheith nasctha? An óige, na meáin shóisialta agus todhchaí na folláine ar líne]. [An bhfuil praghas le híoc as a bheith nasctha? An óige, na meáin shóisialta agus todhchaí na folláine ar líne’].
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.