Skip to content

Saoirse na meán san Aontas Eorpach

Tráth atá go leor tíortha ar fud an domhain ag cur i gcoinne na meán saor, tá tograí nua á moladh chun saoirse na meán san Aontas a neartú a thuilleadh.

Cuid riachtanach den daonlathas

Is cuid ríthábhachtach den daonlathas agus de chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais iad saoirse agus iolrachas na meán. Ní féidir fíordhaonlathas a bheith ann mura bhfuil na meáin saor chun grinnscrúdú a dhéanamh orthu siúd atá i gcumhacht.

Is príomhcholún iad na meáin sa chóras srianta agus ceartúcháin atá mar bhonn agus mar thaca ag an riail dhaonlathach. Ar an gcúis sin is minic a thosaítear ar an gconair i dtreo riail fhorlámhach trí bheith ag díriú ar na meáin neamhspleácha. Le blianta beaga anuas, tá roinnt stát tosaithe ar an gconair sin, ag baint úsáide as an gcomhéigean agus, go minic, as an bhforéigean chun géarleanúint a dhéanamh ar eagraíochtaí meán agus iriseoirí aonair.

Is bocht na dálaí oibre a bhíonn ag iriseoirí lena ngabhann brú méadaitheach airgeadais agus polaitiúil, faireachas, pianbhreitheanna treallacha príosúin nó foréigean as a gcuid oibre a dhéanamh. Is cuid riachtanach den daonlathas iad agus fós féin, de réir Fhaireachlann UNESCO, maraíodh 129 iriseoir agus oibrí meán in 2025 agus maraíodh 1 922 acu ó 1993 i leith ar fud an domhain, agus gabhadh, ciapadh nó rinneadh bagairt ar go leor eile.

Léaráid de nuachtán ar a bhfuil íomhá de pheann luaidhe agus duine ag éalú chun saoirse a chur in iúl.
Is cuid ríthábhachtach den daonlathas iad saoirse agus iolrachas na meán

Fiú san Aontas Eorpach, ní mór saoirse agus iolrachas na meán a chosaint. Tá siad ar cheann de na ceithre cholún a dtéitear i ngleic leo sa tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an smacht reachta, ina ndírítear ar roinnt príomhréimsí, an méid seo a leanas san áireamh:

  • neamhspleáchas údaráis rialála na meán
  • trédhearcacht úinéireacht na meán
  • trédhearcacht agus cothroime i ndáil le fógraíocht stáit a leithdháileadh
  • sábháilteacht iriseoirí agus rochtain ar fhaisnéis

Chuige sin, tá sé beartaithe go gcomhlánóidh dhá thogra nua ón gCoimisiún maidir le saoirse na meán an reachtaíocht atá ann cheana:

  • an treoir maidir le cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail
  • An gníomh Eorpach um shaoirse na meán

An Treoir maidir le cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail

I mí Aibreáin 2022, mhol an Coimisiún Eorpach treoir maidir le cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, ar a dtugtar SLAPPanna de ghnáth. Is imeachtaí cúirte gan bhunús nó mí-úsáideacha iad SLAPPanna. Úsáidtear iad i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine eile chun a rannpháirtíocht maidir le saincheisteanna a bhaineann le leas an phobail a chosc, a shrianadh nó chun pionós a ghearradh ina leith.

coimircí sa treoir atá beartaithe dóibh siúd ar a ndírítear le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Beidh feidhm ag na coimircí atá beartaithe maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Áirítear leo sin:

  • a chur ar a gcumas do chúirteanna imeachtaí a dhíbhe trí nós imeachta brostaithe más follasach go bhfuil siad gan bhunús chun a dtionchair (ar na híospartaigh) a íoslaghdú
  • an fhéidearthacht leigheasanna airgeadais a fhorchur chun cúiteamh a thabhairt dóibh siúd ar a ndírítear SLAPPanna as an díobháil a rinneadh dóibh
  • cosaint i gcoinne breithiúnais tríú tír, chun a chinntiú nach mbainfear an bonn de na coimircí a leagtar síos sa treoir atá beartaithe trí bheith in ann dul i muinín imeachtaí cúirte i ndlínsí eile

Tá scrúdú á dhéanamh ag an gComhairle ar an togra seo ó mhí na Nollag 2022. Pléadh é sa Mheitheal um Ábhair Dlí Shibhialta.

An 9 Meitheamh 2023, an Chomhairle tagtha ar chomhsheasamh maidir leis an reachtaíocht lena gcosnófar iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha.

Leis an dréacht-treoir, cuirfear coimircí nós imeachta i bhfeidhm in aghaidh éilimh den sórt sin, mar shampla:

  • díbhe luath ar éilimh gan bhunús
  • costais imeachtaí le hiompar ag an éilitheoir
  • pionóis arna bhforchur ar an éilitheoir
  • cosaint ar bhreithiúnais ó thríú tíortha

Is é an chéad chéim eile go gcuirfidh an Chomhairle tús leis an bplé le Parlaimint na hEorpa.

An 30 Samhain 2023, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir le dlí an Aontais lena gcosnaítear iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine.

An 19 Márta 2024, ghlac an Chomhairle dlí chun cosaint a thabhairt do dhaoine a labhraíonn amach ar ábhair a bhaineann le leas an phobail i gcoinne cásanna dlí mí-úsáideacha a bhfuil sé mar aidhm leo iad a chur ina dtost.

Moladh do na Ballstáit

Tá moladh comhlántach ag gabháil leis an treoir, moladh a ghlacfar láithreach. Moltar do na Ballstáit sa mholadh sin na coimircí sa treoir atá beartaithe a chur i bhfeidhm maidir le cásanna intíre agus maidir le gach ábhar agus ní maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála amháin. Iarrann sí freisin ar na Ballstáit réimse beart eile a dhéanamh, mar shampla:

  • oiliúint bhreithiúnach
  • ardú feasachta
  • bailiú comhiomlánaithe sonraí ar an leibhéal náisiúnta

An gníomh Eorpach um shaoirse na meán

Tugadh céim eile i dtreo shaoirse na meán a chosaint san Aontas i mí an Mhárta 2024, nuair a ghlac an Chomhairle an gníomh Eorpach um shaoirse na meán (EMFA). Tháinig an gníomh i bhfeidhm an 7 Bealtaine 2024. Tháinig an chuid is mó de na forálacha atá ann i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2025.

Leis an EMFA bunaítear creat coiteann do sheirbhísí na meán i margadh inmheánach an Aontais agus bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh iriseoirí agus soláthraithe na meán a chosaint ar chur isteach polaitiúil agus, ag an am céanna, é a dhéanamh níos éasca dóibh feidhmiú thar theorainneacha inmheánacha an Aontais.

Leis na rialacha nua, ráthaítear ceart na saoránach rochtain a fháil ar fhaisnéis atá in aisce agus iolraíoch agus leagfar amach ann an fhreagracht atá ar na Ballstáit na coinníollacha agus an creat iomchuí a chur ar fáil chun í a chosaint.

Cuireann an gníomh um shaoirse na meán leis an treoir athbhreithnithe maidir le seirbhísí meán closamhairc agus leathnaítear a raon feidhme chun raidió agus preas a chur san áireamh.

Moltar ann sraith nua rialacha agus sásraí lena gcuirtear iolrachas agus neamhspleáchas na meán chun cinn ar fud an Aontais.

Leis an rialachán, freagraítear na hábhair imní atá ag dul i méid san Aontas maidir le polaitiú na meán agus leis an easpa trédhearcachta i dtaobh úinéireacht na meán agus i dtaobh fógraíocht stáit a leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán.

Féachann sé le coimircí a chur i bhfeidhm chun cur isteach polaitiúil ar chinntí eagarthóireachta a chomhrac i gcás soláthraithe meán na seirbhíse príobháidí agus poiblí araon, iriseoirí agus a bhfoinsí a chosaint, agus saoirse agus iolrachas na meán a ráthú.

I measc phríomhghnéithe an rialacháin, tá an méid seo a leanas:

  • meáin neamhspleácha seirbhíse poiblí ag a bhfuil foinse chobhsaí chistiúcháin
  • trédhearcacht úinéireacht na meán
  • neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint
  • cosaintí chun iolrachas na meán a chinntiú agus comhchruinniú na meán a chosc
  • an Bord Eorpach um Sheirbhísí na Meán, foras faire nua le haghaidh saoirse na meán

Cuireann an rialachán sásraí feabhsaithe ar bun freisin le haghaidh comhar idir údaráis agus comhlachtaí rialála náisiúnta na mBallstát. Is é is cuspóir dó sin cur chun feidhme éifeachtach agus comhsheasmhach an ghnímh um shaoirse na meán agus na treorach maidir le seirbhísí na meán closamhairc a éascú.

Beidh na Ballstáit in ann rialacha níos déine nó níos mionsonraithe a ghlacadh ná na rialacha a leagtar amach i gcodanna ábhartha den rialachán.

Coimircí inmheánacha i gcomhair neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéirí

Ag gabháil leis an togra reachtach maidir le saoirse na meán, bhí moladh ón gCoimisiún, arna ghlacadh láithreach, do sholáthraithe seirbhíse meán atá bunaithe san Aontas agus do na Ballstáit. Moltar sa mholadh cnuasach beart deonach i gcomhair soláthraithe seirbhíse meán chun a neamhspleáchas eagarthóireachta féin a ráthú. Moltar do sholáthraithe seirbhíse meán agus do na Ballstáit ann freisin gníomhaíocht a dhéanamh chun trédhearcacht úinéireacht na meán a chur chun cinn sa mhargadh inmheánach.

Tacaíocht ón Aontas do shaoirse na meán

Tá an tacaíocht atá ann cheana do shaoirse na meán san Aontas Eorpach bunaithe ar thionscnaimh ar nós an pacáiste seirbhísí digiteacha, plean gníomhaíochta na meán agus an chlosamhairc, an plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach agus na conclúidí ón gComhairle maidir le cosaint agus sábháilteacht iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin.

Ar chuid de na príomhbhearta atá mar chuid den tacaíocht sin, áirítear an méid seo a leanas :

  • córas faireacháin ar úinéireacht na meán a chur i bhfeidhm chun bunachar sonraí tírbhunaithe a bhunú ina bhfuil faisnéis faoi úinéireacht na meán
  • deontais a chur ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht sna meáin áitiúla agus réigiúnacha agus chun borradh a chur faoin iolrachas
  • sásra mearfhreagartha a bheith ann chun cúnamh praiticiúil a chur ar fáil d’iriseoirí atá faoi bhagairt
  • ciste tacaíochta éigeandála a chur ar fáil d’iriseoirí iniúchacha agus d’eagraíochtaí meán
  • faireachán ar iolrachas na meán a chur chun feidhme chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann d’iolrachas na meán a shainaithint