Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 10/02/2014, 10 Feabhra 2014

Táthar tar éis an oibríocht mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir a bhunú go foirmiúil

Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, bhunaigh airí an Aontais Eorpaigh oibríocht mhíleata an Aontais i bPoblacht na hAfraice Láir go foirmiúil, lena mbeifear in ann í a chur ar an bhfód go sciobtha sna seachtainí beaga seo amach romhainn.

Leis an gcinneadh sin a glacadh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha ar an Luan 10 Feabhra, leagadh síos an bunús dlí don oibríocht i bPoblacht na hAfraice Láir. EUFOR RCA ainm oifigiúil na hoibríochta agus cuirfidh sí tacaíocht shealadach ar fáil chun an ceantar timpeall na príomhchathrach, Bangui, a dhaingniú. Cuirfidh sé seo leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta atá á ndéanamh faoi láthair chun na daoine is leochailí a chosaint, agus lena chinntiú go sroichfidh an chabhair dhaonnúil na daoine sin a dteastaíonn sí uathu. Phléigh na hairí freisin an ghéarchéim slándála agus dhaonnúil i bPoblacht na hAfraice Láir agus ghlac siad Conclúidí ina leith.

Phléigh na hairí sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha freisin Comhpháirtíocht an Oirthir agus, go mórmhór, a bhfuil tarlaithe san Úcráin le deireanas. Chuir an Chomhairle in iúl go rabhthas buartha faoin ngéarchéim pholaitiúil leanúnach agus iarradh ar na rannpháirtithe uile staonadh ón bhforéigean agus ón radacachas. Dúirt an Chomhairle go raibh an tAontas Eorpach meáite go dtacóidh sé le hathchóiriú na Úcráine. Dúirt na hairí freisin go mbeadh an tAontas Eorpach sásta cabhrú leis an Úcráin, faoin rialtas nua, réiteach inbhuanaithe a aimsiú don ghéarchéim eacnamaíoch.

EUFOR RCA

Is in Bangui, príomhchathair Phoblacht na hAfraice Láir, a bheidh ceanncheathrú fhórsa mhisean míleata an Aontais Eorpaigh, agus is in Larissa na Gréige a bheidh ceanncheathrú na hoibríochta. Mairfidh an oibríocht ar feadh suas le sé mhí agus meastar gur €25.9 milliún na gnáthchostais a bhainfidh léi. Leis an oibríocht, tacófar go sealadach chun an ceantar timpeall Bangui a dhaingniú sula dtiocfaidh comhpháirtithe Afracacha ina háit.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Ghlac na hairí treoracha caibidlíochta le haghaidh idirphlé polaitiúil agus comhaontú comhair le Cúba. Le comhaontú déthaobhach, neartófaí an gaol idir an tAontas Eorpach agus Cúba agus bhunófaí creat d'idirphlé dearfach agus comhar feabhsaithe.

Sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, pléadh freisin an méid seo a leanas agus glacadh Conclúidí ina leith:

  • Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i bhfóraim Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe agus muid ag teannadh leis an 25ú seisiún de Chomhairle Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe an 17 Feabhra
  • an cruachás slándála san Iaráic, atá ag dul in olcas
  • An Éigipt
  • An Túinéis, anois agus bunreacht nua dhaonlathach glactha ag an tír
  • Éimin, tar éis chlabhsúr na Comhdhála Náisiúnta Idirplé

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025