Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20/01/2014, 20 Eanáir 2014

Cuireann an Chomhairle deireadh le smachtbhannaí áirithe a bhí ar an Iaráin

Ag an gcruinniú den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 20 Eanáir, rinne na hAirí bearta sriantacha áirithe i gcoinne na hIaráine a chur ar fionraí, tar éis dóibh deimhniú a fháil go bhfuil na bearta núicléacha sa phlean gníomhaíochta comhpháirteach á gcomhlíonadh aici.

Leis an bplean gníomhaíochta a chomhaontaigh AE+3 (an tSín, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe) agus an Iaráin an 24 Samhain 2013, leagtar amach sraith de bhearta chun an imní dhomhanda faoi chlár núicléach na hIaráine a mhaolú. Mar chéad chéim, caithfidh an dá thaobh sraith de bhearta deonacha a chur chun feidhme ar feadh tréimhse sé mhí. Thiomnaigh an Iaráin go bhféachfadh sí le feabhas a chur ar an méid is mó is ábhar imní ina cuid gníomhaíochtaí núicléacha, lena n-áirítear saibhriú núicléach os cionn 5% a chur ar fionraí, an acmhainneacht saibhrithe a chalcadh, an stoc-charn d'úráiniam saibhrithe atá aici a laghdú go sonrach agus rochtain níos fearr a thabhairt do chigirí idirnáisiúnta ar phríomhshuíomhanna núicléacha na hIaráine.

Dheimhnigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach le linn chruinniú na Comhairle go bhfuil an Iaráin tar éis tosú ar na bearta sin a chur chun feidhme. Mar thoradh ar sin, chuir an Chomhairle na smachtbhannaí i gcoinne na hIaráine ar fionraí don amhola, do pheitriceimiceáin, d'ór agus do mhiotail lómhara. Leis sin, ceadófar freisin seirbhísí iompair agus árachais a chur ar fáil do thíortha a dhéanann ola na hIaráine a allmhairiú. Tréimhse sé mhí a bheidh i gceist leis an bhfionraí.

Poblacht na hAfraice Láir

Tar éis an staid i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) a phlé, ghlac na hAirí Conclúidí lena leagtar béim ar a thiomanta atá an tAontas tacú le cobhsúchán sa tír sin. D'fhormheas siad oibríocht mhíleata an Aontais i bPoblacht na hAfraice Láir agus an coincheap gaolmhar géarchéime don mhisean. Is é is aidhm don mhisean cuidiú chun timpeallacht níos sábháilte a fhorbairt do shaoránaigh sa limistéar thart timpeall ar an bpríomhchathair, Bangui. Seasfaidh an misean ar feadh suas go dtí 6 mhí agus tiocfaidh misean tacaíochta idirnáisiúnta faoi stiúir Afracach (MISCA) ina áit ina dhiaidh sin. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an misean a imscaradh go gasta nuair a bheidh na bearta riachtanacha ullmhaithe. 

Ábhair eile ar an gclár oibre

Le linn an lóin, phléigh na hAirí an caidreamh leis an Rúis, mar chuid den ullmhúcháín don chruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Rúis, atá le reáchtáil sa Bhruiséil an 28 Eanáir.

Phléigh an Chomhairle freisin an staid san Éigipt, tar éis an reifrinn bhunreachtúil a reáchtáladh an 14/15 Eanáir. D'aontaigh siad go bhfillfidís ar an ábhar go mion ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha (10 Feabhrú).

Phléigh na hairí na hábhair seo a leanas agus ghlac Conclúidí ina leith:

  • an méid is deireannaí a tharla sa tSiria, agus aird á tabhairt ar thacaíocht an Aontais do Chomhdháil Síochána an Ghinéiv II, atá sceidealaithe don 22 Eanáir
  • páirt an Aontais Eorpaigh san Afganastáin tar éis 2014
  • a bhfuil tarlaithe le déanaí san Úcráin
  • an ghéarchéim sa tSúdáin Theas

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025