Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17/03/2014, 17 Márta 2014

Cáineann an Chomhairle an reifreann neamhdhleathach sa Chrimé

Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, cháin airí AE go láidir an reifreann sa Chrimé agus níor aithin siad toradh an reifrinn. Chinn siad freisin tacar breise bearta a thabhairt isteach i gcoinne 21 oifigeach atá freagrach as gníomhaíochtaí atá ag bagairt ar shláine chríochach na hÚcráine.

Measann an Chomhairle go raibh sé neamhdhleathach an reifreann a reáchtáil, agus gurbh léir gur sháraigh sé bunreacht na hÚcráine. Thug na hairí dá n-aire an dréacht-tuairim ó Choimisiún na Veinéise ina luaitear gur reáchtáladh reifreann na Crimé agus saighdiúirí armtha go soiléir i láthair. Ní aithníonn AE toradh reifrinn a eagraítear faoi chúinsí den chineál sin agus ní féidir leis an Aontas an toradh a aithint.

Ba oth le hairí gnóthaí eachtracha AE na forbairtí diúltacha a chonaic siad ar an láthair, ar forbairtí iad ar léir a sháraíonn ceannasacht agus sláine chríochach na hÚcráine.

I bhfianaise na bhforbairtí sin, agus i gcomhréir leis an ráiteas ó cheannairí stáit nó rialtais AE an 6 Márta, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha i gcoinne 21 oifigeach, agus na ndaoine agus na n-eintiteas a bhaineann leo mar thoradh ar an ról a bhí acu i ngníomhaíochtaí lena ndéantar bagairt ar shláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine. Tiocfaidh toirmisc taistil agus calcthaí sócmhainní i bhfeidhm san Aontas inniu.

Tá an Chomhairle ag iarraidh láithreacht idirnáisiúnta a chur ar an láthair agus tacaíonn sí le Misean Speisialta Faireacháin ESCE a imscaradh chun na hÚcráine.

Iarrann an Chomhairle réiteach síochánta trí bhíthin na caibidlíochta

Dúirt airí AE go bhfuil an t-am ann na forbairtí diúltacha atá ann i láthair na huaire a athrú. Tá an tAontas Eorpach réidh fós idirphlé idir an Úcráin agus an Rúis a éascú. D'iarr na hairí ar údaráis na Rúise céimeanna a dhéanamh chun an ghéarchéim a cheansú agus thug siad rabhadh uathu go mbeadh smachtbhannaí eacnamaíocha níos troime i gceist i gcás ina ndéanfadh an Rúis gníomhaíochtaí breise chun cur isteach ar an staid san Úcráin.

D'fhormheas an Chomhairle na rialacha mionsonraithe lena sínítear forálacha polaitiúla an Chomhaontaithe Comhlachais an 21 Márta sa Bhruiséil."Is comhartha láidir é sin dár dtacaíocht pholaitiúil," a dúirt an tArdionadaí.

Dheimhnigh an Chomhairle go bhfuil AE tiomanta an pacáiste cúnaimh don Úcráin a chur chun feidhme go pras.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Chuir Ardionadaí AE na hairí ar an eolas freisin faoin gcuairt a thug sí ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin áit ar phléigh sí an bealach lena bhféadfadh AE an tacaíocht is fearr a thabhairt do na dúshláin pholaitiúla, shóisialta agus eacnamaíocha atá os comhair na tíre.

Tugadh an t-eolas nua is déanaí do na hairí maidir le próiseas síochána an Mheánoirthir agus staid na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an dá pháirtí agus ag SA chun teacht ar réiteach buan do choinbhleacht Iosrael-na Palaistíne. Dheimhnigh an tArdionadaí go dtacaíonn AE go hiomlán leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh maidir le cainteanna síochána agus go bhféadfadh an dá pháirtí leas a bhaint as pacáiste gan fasach i gcás inar féidir teacht ar chomhaontú inbhuanaithe síochána.

Phléigh na hairí conclúidí maidir leis an méid a leanas agus ghlac siad iad:

  • straitéis AE maidir le Murascaill na Guine
  • Straitéis AE maidir le slándáil agus forbairt i réigiún na Saiheile a chur chun feidhme
  • Clár forbartha na hAfraice Thiar
  • an ghéarchéim atá fós ar siúl sa tSúdáin Theas
  • Poblacht na hAfraice Láir

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025