Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20/02/2014, 20 Feabhra 2014

An Úcráin: Tháinig an tAontas Eorpach ar chomhaontú maidir le smachtbhannaí spriocdhírithe

Ag cruinniú urghnách an 20 Feabhra, chinn airí eachtracha an Aontais Eorpaigh smachtbhannaí a thabhairt isteach i gcoinne na ndaoine atá freagrach as an bhforéigean agus as úsáid cumhachta iomarcaí san Úcráin.

Sna bearta sriantacha áirítear calcadh sócmhainní agus toirmeasc ar víosaí i gcoinne na ndaoine atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine, as an bhforéigean agus as úsáid cumhachta iomarcaí. Chomhaontaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh ceadúnais onnmhairiúcháin ar threalamh a fhionraí, a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh brú faoi chois inmheánaigh, agus ceadúnais onnmhairiúcháin do threalamh a chumhdaítear i gComhsheasamh 2008/944/CFSP a mheasúnú.

Chuir an Chomhairle de chúram ar na Meithleacha ábhartha na hullmhúcháin riachtanacha a dhéanamh láithreach.

Glaonna chun deireadh a chur leis an bhforéigean

Sna conclúidí, chuir na hairí in iúl go bhfuil díomá mhór orthu faoin staid san Úcráin atá ag dul in olcas. D'iarr siad go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean láithreach bonn agus go n-urramófaí ina n-iomláine cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun rochtana ar chúnamh míochaine, agus go ndéanfaí imscrúduithe neamhspleácha práinneacha ar sháruithe ar chearta an duine.

D'áitigh siad ar rialtas na hÚcráine an oiread sriain agus is féidir a fheidhmiú agus ar cheannairí lucht an fhreasúra iad féin a scaradh amach ó na daoine a iompaíonn ar ghníomhaíocht radacach, lena n-áirítear an foréigean.

"Iarraimid ar gach taobh páirt a ghlacadh in idirphlé cuimsitheach agus fónta chun an lasóg a bhaint den bharrach agus chun teacht ar réiteach polaitiúil. Is é an tUachtarán Janukovych atá freagrach as tús a chur le hidirphlé den sórt sin", arsa Catherine Ashton, Ardionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Tacaíocht do phróiseas athchóirithe na hÚcráine

D'athdhearbhaigh airí go gcaithfear athchóiriú bunreachtúil, bunú rialtais nua chuimsithigh agus coinníollacha do thoghcháin dhaonlathacha a áireamh ar aon réiteach buan ar an ngéarchéim pholaitiúil san Úcráin. I ndáil leis an méid sin, tá an tAontas Eorpach fós ullamh tacú leis an Úcráin sa phróiseas athchóirithe ionas go mbeidh todhchaí chobhsaí agus dhaonlathach ann dá saoránaigh.

Ina theannta sin, chuir na hairí i dtreis go bhfuil a dtairiscint maidir le comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch bailí i gcónaí agus nach ionann an Comhaontú Comhlachais agus an sprioc dheiridh don chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin.

Ar deireadh, d'athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici teagmháil idirphearsanta a fheabhsú idir saoránaigh an Aontais Eorpaigh agus na hÚcráine. Spreag sí ballstáit chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as forálacha an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú agus as an tsolúbthacht a bhaineann leis an gCód Víosaí.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025