- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 03/03/2014, 3 Márta 2014
Cáineann an tAontas Eorpach gníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin, iarrann sé go mbeidh idirphlé ann agus tá sé réidh le bearta breise a ghlacadh
An 3 Márta, bhí cruinniú urghnách den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ag na hairí gnóthaí eachtracha maidir leis an staid san Úcráin.
Tá "an sárú glan ar cheannasacht agus ar shláine chríochach na hÚcráine de bhíthin na n-ionsaithe a rinne fórsaí armtha na Rúise agus an t-údarú a thug Comhairle Chónaidhme na Rúise an 1 Márta maidir le leas a bhaint as fórsaí armtha na Rúise ar chríoch na hÚcráine" cáinte ag an gComhairle.
"Gan amhras is sárú é seo ar oibleagáidí idirnáisiúnta agus ar ghealltanais na Rúise," arsa Catherine Ashton, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Glaoch le haghaidh réiteach síochánta
"Táimid iomlán cinnte gur gá réiteach síochánta a fháil ar an ngéarchéim, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta. Iarraimid ar an Rúis, mar sin, a fórsaí armtha a tharraingt siar láithreach chuig na limistéir ina mbíonn siad lonnaithe go buan ar bhonn an chomhaontaithe maidir le Cabhlach na Mara Duibhe atá lonnaithe san Úcráin," arsa an tArdionadaí.
Tá an tAontas Eorpach réidh le páirt a ghlacadh in idirphlé dearfach leis na páirtithe go léir agus is díol sásaimh dó go bhféadfadh misean cuairte faisnéise ESCE (Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip) a bheith ann san Úcráin.
Rannpháirtíocht sa G8 curtha ar fionraí
Tá cinneadh déanta, idir an dá linn, ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit sin ar rannpháirtithe in G8 iad, a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na hullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh G8 in Sochi i mí an Mheithimh a chur ar fionraí, go dtí go mbeidh dálaí ann an athuair ina bhféadfaidh an G8 plé éifeachtach a dhéanamh."
Iarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann don chaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Rúis
"Mura dtarraingeoidh an Rúis siar, glacfaidh an tAontas Eorpach cinneadh maidir leis na hiarmhairtí a bheidh ann don chaidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Rúis." a dúirt an Chomhairle.
I measc na mbeart sin, d'fhéadfaí an plé déthaobhach leis an Rúis i dtaca le víosaí agus i dtaca leis an gComhaontú Nua a chur ar fionraí. De bhreis air sin, chinn an Chomhairle "a bheith ullamh i gcónaí [maidir leis an ábhar], chun aon bheart riachtanach a ghlacadh go pras".
Tacaíocht don Úcráin
Dheimhnigh na hairí a réidhe atá an tAontas Eorpach tacaíocht a thabhairt don tír i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go háirithe.
Tabharfaidh an tAontas agus a Bhallstáit "a dtacaíocht iomlán do phacáiste idirnáisiúnta cúnaimh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha na hÚcráine, bunaithe ar thiomantas soiléir maidir le hathchóirithe." Tá tús curtha cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach le misean cuairte faisnéise go Cív, ag an am céanna ar seoladh an misean CAI, chun na críche sin.
D'athdheimhnigh an tAontas Eorpach an tairiscint a rinne sé maidir le Comhaontú Comhlachais, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála.
Leagtar béim sna conclúidí freisin go bhfuil gá le hathchóiriú cothrom agus bunreachtúil san Úcráin agus le saorthoghcháin chothroma, thrédhearcacha Uachtaránachta agus breathnóireacht á déanamh orthu ag ESCE-OIDCD.
Cruinniú urghnách de chuid na Comhairle Eorpaí
Chomóir Uachtarán na Comhairle Eorpaí Herman Van Rompuy cruinniú urghnách de cheannairí na hEorpa an 6 Márta 2014 chun na forbairtí is déanaí san Úcráin a phlé agus chun féachaint ar bhealaí a bhféadfaí an lasóg a bhaint den bharrach.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025