Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19/01/2015, 19 Eanáir 2015

Na príomhthorthaí

An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta

Phléigh an Chomhairle an chaoi ina bhféadtar an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta san Aontas a chomhlánú leis an mbeartas eachtrach.

Den chéad uair riamh, aithníodh go gcaithfimid obair le chéile chun bagairt chomónta a chomhrac. Chinneamar sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha comhoibriú ar bhealach i bhfad níos gníomhaí ná mar a rinneamar go dtí seo. Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála  

Ba cheart go ndéanfaí gníomhartha ar leibhéil dhifriúla, ó leibhéal na slándála - faisnéis a roinnt ar bhealach níos fearr, ní hamháin idir na Ballstáit ach le tíortha comhpháirtíochta freisin agus déanfar dea-chleachtas a roinnt mar chuid de sin- go comhar atreisithe le tíortha Arabacha agus tíortha na Meánmhara maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus le níos mó iarrachta a dhéanamh i ndáil le coimhlintí oscailte agus géarchéimeanna.

"Ní mór dúinn comhghuaillíocht,idirphlé a chothú leis na tíortha sin mar go bhfuil dúshláin chomónta os ár gcomhair", arsa an tArdionadaí, Federica Mogherini.

Tabharfaidh Comhairle Gnóthaí Eachtracha mhí Feabhra moltaí iomlána uaithi don chruinniú a bheidh ag Ceannairí Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh an 12 Feabhra 

An Rúis

Bhí díospóireacht ag an gComhairle inar pléadh caidreamh an Aontais leis an Rúis go mion.

Seo mar a dúirt an tArdionadaí, Federica Mogherini: "Níl i gceist agus ní raibh riamh i gceist ár gcaidreamh leis an Rúis a athrú, trí dhíospóireacht straitéiseach a thosú. Seasfaimid an fód."

Chuir sí in iúl go láidir nach féidir an caidreamh a athrú ach i gcás ina gcuirfear na gealltanais ó Minsk chun feidhme nó tráth a gcuirfear chun feidhme iad. Bhí na hairí ar aon intinn gur gá iarrachtaí taidhleoireachta a atreisiú chun teacht ar réiteach ar an ngéarchéim san Úcráin ar bhealach síochánta. Leanfar leis an idirphlé polaitiúil leis an Rúis maidir le géarchéimeanna domhanda. Fiosrófar roghanna le haghaidh idirphlé earnálach leis an Rúis ar an leibhéal teicniúil i líon teoranta réimsí, amhail fuinneamh.

"Sheasamar le chéile agus seasaimid le chéile i gcónaí," arsa an tArdionadaí. "Ní fhillfimid ar ghnáthobair an lae." Tabharfaidh an Comhairle Gnóthaí Eachtracha aghaidh ar an tsaincheist sin arís, lena n-áirítear an cheist faoi chumarsáid straitéiseach, roimh an gComhairle Eorpach a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025