Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15/12/2014, 15 Nollaig 2014

Straitéis réigiúnach de chuid AE don tSiria agus don Iaráic

Ba iad an tSiria agus an Iaráic príomhthéamaí na Comhairle Gnóthaí Eachtracha. Eagraíodh an chéad Chomhairle Comhlachais AE-na hÚcráine freisin agus cruinniú na Comhairle ar siúl.

An tSiria agus an Iaráic

Léirigh airí Gnóthaí Eachtracha AE an athuair, ag an gcruinniú a bhí acu sa Bruiséil, go dtacaíonn siad go hiomlán le Staffan de Mistura, Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe le haghaidh na Siria, agus é i mbun an foréigean a mhaolú agus an bonn do phróiseas polaitiúil níos leithne a shocrú. Oibreoidh AE leis na gníomhaithe uile a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den réiteach ar ghéarchéim na Siria.

Tháinig airí AE ar chomhaontú freisin maidir le bearta nithiúla:

  • tacú le pleananna chun stop a chur leis an gcogaíocht, go háirithe in Aleppo
  • maidir le cabhair dhaonnúil  

Gheall na hairí go dtacóidís go hiomlán le rialtas na hIaráice maidir le beartais chuimsitheacha a fhorbairt agus maidir le dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le hathmhuintearas.

Beidh a dtiocfaidh as plé airí an Aontais ina chuidiú le hullmhú straitéise réigiúnaí cuimsithí de chuid AE maidir leis an tSiria agus an Iaráic mar aon le bagairt ISIL/Da’esh.

Ítimí eile ar an gclár oibre

Phléigh airí gnóthaí eachtracha AE ionchais na Boisnia agus na Heirseagaivéine maidir le ballraíocht AE a bhaint amach. Bheartaigh siad próiseas a sheoladh ar bhonn nua gan athrú a dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann le próiseas an mhéadaithe.

Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm Comhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nuair a thacóidh ceannairí uile BiH agus Parlaimint BiH leis na hathchóirithe riachtanacha.

Ar deireadh, rinne comhordaitheoir an Aontais don Ebola faisnéis a thabhairt do na hairí faoin bhfreagairt Eorpach ar an ráig.

Maidir leis an Úcráin, dhearbhaigh an Chomhairle gur thángthas ar chomhaontú i bprionsabal faoi thogra le haghaidh bearta sriantacha breise de chuid AE mar fhreagairt ar nasc-ghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol.

D’fhormheas airí AE roinnt míreanna eile gan iad a phlé ("ítimí-A"):

  • conclúidí maidir le Poblacht na hAfraice Láir
  • conclúidí maidir leis an tSúdáin Theas
  • conclúidí maidir le tionscnamh infheistíochta na Meánmhara Theas (AMICI)
  • ceapadh an Ghinearáil Mikhail Kostarakos ón nGréig mar Chathaoirleach nua ar Choiste Míleata AE
  • Bearta AE i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta, agus na mionarm agus i réigiún na Saiheile

An chéad chruinniú de Chomhairle Comhlachais AE-na hÚcráine

An 15 Nollaig, d'aithin an Chomhairle Comhlachais gur gá dlús a chur le hathchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha san Úcráin chun an Comhaontú Comhlachais a chur chun feidhme. 

Phléigh an Príomh-Aire Yatsenyuk agus an tArdionadaí Mogherini an choinbhleacht atá ar siúl faoi láthair in oirthear na hÚcráine chomh maith le neamhaitheantas a bheith á thabhairt ag AE don nasc-ghabháil mhídhleathach a rinne an Rúis maidir leis an gCrimé agus Sevastopol.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025