Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 29/01/2015, 29 Eanáir 2015

Príomhthorthaí na Comhairle Gnóthaí Eachtracha

Tháinig an Chomhairle le chéile le haghaidh seisiún urghnách chun géarú an fhoréigin san Úcráin a phlé. Cháin an Chomhairle go láidir an tuairgneáil neamh-idirdhealaitheach a rinneadh ar na limistéir chónaithe, go háirithe i Mariupol, agus cháin sí an géarú a tháinig le déanaí ar an troid i réigiún Donetsk agus Luhansk.

Tá súil ag an gComhairle go mbainfidh an Rúis leas as an tionchar atá aici a chur ina luí ar na scarúnaithe na gealltanais faoi chomhaontuithe Mhionsc a chomhlíonadh ina n-iomláine. Áirítear orthu sin, go háirithe, deireadh a chur leis an gcogaíocht agus na hairm throma a tharraingt siar ón gcrios slándála mar na chéad chéimeanna is práinne.

 "Tá súil againn gur féidir linn brú a chur, go háirithe ar an Rúis, céimeanna dearfacha a ghlacadh agus ní na céimeanna diúltacha atá feicthe againn le cúpla lá anuas. Ardionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini

Na bearta sriantacha atá ann faoi láthair a leathnú

Tacóidh an tAontas Eorpach go gníomhach leis na hiarrachtaí taidhleoireachta nua uile a chabhróidh le dlús nua polaitiúil a chruthú agus gníomhóidh sé tuilleadh, de réir mar is gá. D’fhonn cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc mar bhonn do réiteach polaitiúil inbhuanaithe a bhaint amach i ndáil leis an gcoinbhleacht, agus urraim á tabhairt do neamhspleáchas agus do shláine chríche na hÚcráine, ní mór díriú ar na cainteanna sin.

I bhfianaise na Staide atá ag dul in olcas, ghlac an Chomhairle cinntí maidir le bearta sriantacha. Dúirt Ardionadaí AE do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Federica Mogherini, an méid a leanas: "Tá súil againn gur féidir linn brú a chur, go háirithe ar an Rúis, céimeanna dearfacha a ghlacadh agus ní na céimeanna diúltacha atá feicthe againn le cúpla lá anuas."

Chomhaontaigh an Chomhairle na bearta sriantacha atá ann faoi láthair a leathnú, lena ndírítear ar 132 duine agus 28 eintiteas i ndáil le gníomhaíocht in aghaidh sláine chríche na hÚcráine, go dtí mí Meán Fómhair 2015.  Déanfar é seo ar aon dul leis na ceanglais dhlíthiúla.

Bhí sí ag iarraidh freisin go mbeadh togra ann i gceann seachtaine maidir le smachtbhannaí breise dírithe, le haghaidh cinnidh ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 9 Feabhra.

Ar deireadh thiar, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí réamhobair a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht iomchuí lena áirithiú go gcuirfear comhaontuithe Mhionsc chun feidhme ar bhealach cuimsitheach agus go pras.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025