- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12/12/2014, 12 Nollaig 2014
Phléigh an Chomhairle creat forbartha an Aontais ó 2015 ar aghaidh
Ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le saincheisteanna forbartha, phléigh Airí an Aontais creat nua faoina ndéanfar iarrachtaí ar chabhair idirnáisiúnta a chomhordú. Ghlac siad freisin conclúidí maidir leis an imirce i gcomhar AE don fhorbairt.
An clár oibre forbartha ó 2015 ar aghaidh
Phléigh na hAirí an tuarascáil sintéise ó na Náisiúin Aontaithe agus ról an Aontais i dtaca le spriocanna domhanda a leagan síos maidir le díothú na bochtaineachta agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe, i measc rudaí eile.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: "Leis an gcéad chreat domhanda eile, níltear ag iarraidh go bhfágfaí duine ar bith ar lár, ní díreach i gcodanna áirithe den domhan, ach ar fud an domhain go léir. A bhuíochas do na conclúidí nua ón gComhairle, seasfaidh an tAontas go tréan, d'aonghuth, maidir le clár oibre forbartha ó 2015 ar aghaidh"
Is cosúil go nglacfar na conclúidí ón gComhairle ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 16 Nollaig.
Freagairt an Aontais in éadan na géarchéime Ebola
Chuir Christos Stylianides, Comhordaitheoir an Aontais i dtaca le Ebola agus an Coimisinéir um Chabhair Dhaonnúil, na hAirí ar an eolas faoi phleananna meántéarmacha agus fadtéarmacha an Aontais chun tacú leis an atógáil agus leis an téarnamh in Iarthar na hAfraice.
Imirce, dídeanaithe agus forbairt
Chuir Airí an Aontais i dtreis go gcaithfear tabhairt faoin imirce, ní hamháin mar dhúshlán slándála ach mar dheis chun forbartha, agus mhol siad cúrsaí imirce a chorprú in idirphlé an Aontais le tíortha comhpháirtíochta agus i gcúnamh forbraíochta an Aontais.
Ghlac siad freisin conclúidí maidir le roinnt ítimí eile gan iad a phlé ("ítimí A")
- Conclúidí ón gComhairle faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Cothú
- Conclúidí ón gComhairle maidir le ról níos láidre ag an earnáil phríobháideach i gcomhar um fhorbairt
- Conclúidí ón gComhairle faoin tuarascáil bhliantúil maidir le beartais forbartha AE agus cur chun feidhme na mbeartas sin in 2013
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025