Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 11/11/2016, 11 Samhain 2016

Na príomhthorthaí

Ionstraimí cosanta trádála agus an mhodheolaíocht nua frithdhumpála

Phléigh na hairí an togra ón gCoimisiún le haghaidh ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú. Díríodh sa phlé ar riail na dleachta níos lú, ar bhonn páipéar comhréitigh a thíolaic an Uachtaránacht. Chuir na hairí in iúl i gcoitinne go bhfuil siad toilteanach comhréiteach a aimsiú roimh dheireadh na bliana maidir le gnéithe uile nuachóiri ionstraimí cosanta trádála, comhréiteach ar thug an Chomhairle Eorpach sainordú ina leith.

“Is é is cúram dúinn féachaint le teacht ar réiteach dlúth go mear, a chuideoidh le táirgeoirí an Aontais dul i ngleic le hiomaíocht éagórach agus le cleachtais éagóracha. Sílim gur chóir a rá go bhfuil muid níos gaire anois do mhaontú a bheidh indéanta faoi dheireadh na bliana seo, comhaontú ar thug ár gceannairí sainordú dúinn ina leith ag cruinniú mullaigh mhí Dheireadh Fómhair. Tá rún ag an Uachtaránacht é sin a bhaint amach.”

Aire na Slóvaice atá freagrach as an trádáil agus Uachtarán na Comhairle Peter Žiga

Thug na hairí freisin an togra ón gCoimisiún le haghaidh modheolaíocht nua frithdhumpála agus dar leis an Uasal Žiga tá an Chomhairle réidh chun plé leis go gasta. Ní bheadh i gceist leis an togra sin go dtabharfaí stádas geilleagair margaidh d’aon tír. Bheadh sé neodrach ó thaobh tíortha de agus d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm a lánoiread ar gach ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Thoiligh an Chomhairle leanúint ar aghaidh leis an bplé ar an leibhéal teicniúil.

An Eagraíocht Dhomhanda Trádála: obair leantach mar thoradh ar Chomhdháil Nairobi

Phléigh an Chomhairle cúrsaí mar a bheidh i ndiaidh Phróiseas Nairobi, ag díriú go háirithe ar phacáiste a d’fhéadfadh a bheith ann don 11ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, comhdháil atá beartaithe a bheith ar siúl in 2017.

Tá roinnt réimsí a ndírítear i gcur chuige an Choimisiúin amhail fóirdheontas iascaigh, trédhearcacht agus dea-chleachtais rialála, rialáil intíre ar sheirbhísí, r-thráchtáil agus tacaíocht don talmhaíocht teaghlaigh.

Thíolaic an Coimisiún freisin an staid mar atá i dtaca leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú maidir le trádáil seirbhísí (TiSA) agus ar chomhaontú maidir le hearraí comhshaoil (EGA).

Caibidlíocht dhéthaobhach ar an trádáil

Mheas an Chomhairle an méid a thit amach sa chaibidlíocht maidir leis an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta ar a dtugtar TTIP, go háirithe i bhfianaise na dtoghchán i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“Beidh gá leis na chéad chéimeanna eile sa chaibidlíocht sin a mheas a luaithe a bheidh rialtas nua SAM i bhfeidhm.”

Aire na Slóvaice atá freagrach as an trádáil agus Uachtarán na Comhairle Peter Žiga

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin maidir leis an staid mar atá sa chaibidlíocht leis an tSeapáin agus le Mercosur.

Síniú Phrótacal Aontachais Eacuadór leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus an Cholóim agus Peiriú

Shínigh an tAontas Eorpach, a chuid Ballstát, Eacuadór, an Cholóim agus Peiriú Prótacal Aontachais Eacuadór le Comhaontú Saorthrádála an Aontais leis an gColóim agus Peiriú. Is é cuspóir na bpáirtithe ar fad go gcuirfí i gcrích na céimeanna deiridh nós imeachta faoi dheireadh na bliana sa chaoi go mbeifear in ann tosú leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar an 1 Eanáir 2017.

“Is dea-scéal eile é seo a thagann tar éis do shíniú chomhaontú CETA a bheith déanta. Cruthaíonn sé sin go ndéanann an tAontas beart de réir a bhriathair i réimse a phríomhbheartais, sa chás seo réimse na saortrádála córa is fearr beart n foclaíocht.”

Aire na Slóvaice atá freagrach as an trádáil agus Uachtarán na Comhairle Peter Žiga 

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025