- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/10/2016, 18 Deireadh Fómhair 2016
Na príomhthorthaí
Phléigh an Chomhairle síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe chuimsithigh eacnamaíoch agus trádála le Ceanada (CETA). Ba chéim thábhachtach é an cruinniú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach agus chun teacht ar chomhaontú coiteann.
Léirigh formhór mór na n-airí a gcuid tacaíochta, agus gan ach Ballstát amháin ann nach féidir tacaíocht a thabhairt ag an bpointe seo. Leanfaidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún lena gcuid oibre chun teacht ar chomhaontú iomlán a luaithe is féidir.
Ní ghlacfaidh an Rómáin ná an Bhulgáir leis an gcomhaontú ach amháin má dhéanann Ceanada an dearbhú maidir le cómhalartacht víosaí.
Is iomaí gníomhaíocht atá ar bun le roinnt uaireanta agus laethanta anuas chun go síneofar CETA an tseachtain seo chugainn. An dea-scéal is ea go bhfuilimid gar don chuspóir soiléir seo a bhaint amach. Ach ní féidir linn dhá leath a dhéanamh dár ndícheall, ar ndóigh, ná luí ar na maidí.
Peter Žiga, aire geilleagair agus uachtarán na Comhairle
Pléifidh an Chomhairle Eorpach an tsaincheist seo ag an gcruinniú a bheidh aici ar an 20-21 Deireadh Fómhair.
Is tosaíocht don Aontas é go síneofar CETA. Féadfaidh an tAontas an caidreamh atá aige le Ceanada a neartú agus a dhoimhniú mar thoradh air.
Ba cheart dúinn cuimhneamh ar bhuntáistí na saorthrádála. Beidh deiseanna nua sa ré dhomhanda ag gabháil le CETA, agus déanfar caighdeáin Eorpacha a urramú ag an am céanna. Is comhaontú nua, cothrom é atá an-uaillmhianach go deo.
Peter Žiga, aire geilleagair agus uachtarán na Comhairle
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024