- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14-15/11/2016, 14-15 Samhain 2016
Na príomhthorthaí
14 Samhain
Slándáil agus cosaint
Bhí seisiún comhpháirteach ag na hairí gnóthaí eachtracha leis na hairí cosanta faoin bplean cur chun feidhme maidir le slándáil agus cosaint faoi straitéis dhomhanda AE. Ghlac an Chomhairle conclúidí ina socraítear leibhéal na huaillmhéine agus an bealach chun tosaigh maidir le forbairt bheartas slándála agus cosanta AE san am atá amach romhainn.
"Is iad an plean cur chun feidhme maidir le slándáil agus cosaint agus na conclúidí atá glactha ag an gComhairle an ráthaíocht is fearr atá ann go seasfaimid leis na gealltanais a thugaimid dár saoránaigh agus dár gcomhpháirtithe maidir le slándáil agus cosaint. Seo í an Eoraip i mbarr a maitheasa: as láimh a chéile is fearr a dhéanaimid an beart"
Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
- Conclúidí ón gComhairle maidir le cosaint agus slándáil
- An plean cur chun feidhme maidir le cosaint agus slándáil
An Tuirc
Luaigh na hairí an athuair an imní atá orthu faoin méid a tharla le gairid sa Tuirc, agus a ndearna an tArdionadaí trácht air sa dearbhú a rinne sí thar ceann AE ar an 8 Samhain 2016. Sa díospóireacht a bhí eatarthu, leag siad suntas faoi leith ar an machnamh atá á dhéanamh an athuair sa Tuirc maidir le bille a thionscnamh sa pharlaimint chun pionós an bháis a thabhairt ar ais. Chuir siad i dtreis freisin go bhfuil an Tuirc ina príomh-chomhpháirtí ag AE i réimsí an gheilleagair, na slándála, na himirce agus an bheartais eachtraigh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tSiria agus leis an Iaráic. Mheabhraigh an Chomhairle an cáineadh a rinneadh AE ar an iarracht ar coup a rinneadh ar an 15 Iúil. Cé gur aithin siad go gcaithfeadh an Tuirc gníomhaíocht chomhréireach a ghlacadh, mheabhraigh na hairí freisin go mbeifí ag súil leis go gcloífeadh an Tuirc, mar thír is iarrthóir, leis na caighdeáin is airde daonlathais, lena n-áirítear urramú chearta an duine, an smacht reachta, na saoirsí bunúsacha agus ceart cách chun triail chóir a fháil. D'aontaigh airí AE go raibh sé fíorthábhachtach go leanfaí leis an idirphlé polaitiúil leis an Tuirc, ar gach leibhéal.
Comharsanacht an Deiscirt
Phléigh na hAirí Comharsanacht an Deiscirt, agus iad ag díriú ar an tSiria. D'inis an tArdionadaí don Chomhairle go raibh iarrachtaí for-rochtana déanta le gairid aici leis na príomhghníomhaithe sa réigiún, i gcomhréir le sainordú na Comhairle Eorpaí, agus í ag tacú go hiomlán leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe, Staffan de Mistura. Rinne an tArdionadaí tagairt, go háirithe, don dá chuairt is deireanaí a thug sí, ar an Iaráin ar an 29 Deireadh Fómhair, agus ar an Araib Shádach ar an 31 Deireadh Fómhair. I gconclúidí na Comhairle maidir leis an Iaráin, a glacadh gan díospóireacht, d'fháiltigh an Chomhairle roimh an bhfor-rochtain sin agus d'iarr sí ar an Ardionadaí leanúint leis an obair a bhí ar siúl aici. Chuir an Chomhairle in iúl gur ábhar imní di go raibh géarú ar an teannas sa réigiún, agus d'iarr sí go mbeadh timpeallacht réigiúnach níos cuidithí ann, go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean sa tSiria agus go rachfaí i mbun próiseas polaitiúil an athuair.
Ghlac an Chomhairle cinneadh freisin lena ndéantar 17 n-aire agus Gobharnóir Bhanc Ceannais na Siria a chur le liosta na ndaoine atá faoi réir na smachtbhannaí arna bhforchur ar réimeas na Siria mar gheall ar an gcos ar bolg atá á déanamh ar an bpobal sibhialta sa tSiria.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Phléigh an Chomhairle staid an chaidrimh iltaobhaigh agus dhéthaobhaigh reatha atá ann leis na sé cinn de thíortha i gComhpháirtíocht an Oirthir- an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive, agus an Úcráin. Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi chur chun feidhme na Comhpháirtíochta, agus faoi na torthaí a d’fhéadfaí a bhaint amach in 2017, go háirithe ag féachaint don chéad chruinniú mullaigh eile a bheidh ag Comhpháirtíocht an Oirthir i mí na Samhna 2017 sa Bhruiséil.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir.
15 Samhain (cosaint)
Comhar AE-ECAT
Phléigh an Chomhairle comhar AE-ECAT le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg. Rinne na hairí cosanta breithniú ar an gcomhar idir AE agus ECAT i gcomhthéacs chur chun feidhme straitéis dhomhanda an Aontais maidir le slándáil agus cosaint agus i gcomhthéacs dhearbhú comhpháirteach AE-ECAT. D'inis an tArdionadaí agus Ard-Rúnaí ECAT faoin obair atá ar siúl a mhéid a bhaineann leis seo, agus 40 togra nithiúla á bhforbairt sna seacht réimse a sainaithníodh sa dearbhú comhpháirteach mar réimsí inar cheart comhar a dhoimhniú tuilleadh. Táthar ag súil go ndéanfar na tograí sin a thíolacadh agus a ghlacadh ag na comhairlí a bheidh ag na heagraíochtaí sin i dtús mhí na Nollag. Chuir airí AE béim ar an ngá atá le comhar agus comhlánú cuimsitheach AE-ECAT agus le tiomantas AE do dhlúthchaidreamh trasatlantach.
Oibríochtaí CBSC
Ina dhiaidh sin, phléigh na hairí staid na himeartha i ndáil le hoibríochtaí CBSC, ag díriú ar an staid sa Libia agus sa Mheánmhuir. Bhí Ard-Rúnaí ECAT i láthair freisin don phlé sin. Sa chomhthéacs sin, bhí ábharthacht faoi leith ag baint leis an gcomhar leanúnach idir oibríocht chabhlaigh AE chun smuigléirí agus gáinneálaithe a chomhrac sa Mheánmhuir Láir, Oibríocht SOPHIA, agus Oibríocht Sea Guardian ECAT maidir le feasacht staide agus lóistíocht.
Thug an tArdionadaí an nuacht is deireanaí do na hairí faoin dá chúram tacaíochta a ghabhann le hOibríocht Sophia. Tá an oiliúint atá á cur ar 78 ngarda cósta bhordáilte de chuid na Libia agus ar chabhlach na Libia agus ar a meantóir ar siúl i gcónaí. Tá an oibríocht seo ag cuidiú freisin le cur chun feidhme thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia i gcomhréir le Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; tá an chéad chigireacht ar bhád déanta ar an 14 Meán Fómhair 2016 aici i ndiaidh di 7 soitheach trádála a sheiceáil agus 122 soitheach trádála a cheistiú faoin gcreat seo.
Bord Stiúrtha GEC
Sula raibh an Chomhairle ann, tháinig na hairí cosanta le chéile i bhformáid Bhord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), faoi chathaoirleacht Federica Mogherini ina cáil mar cheann ar an ngníomhaireacht. Bíonn na Ballstáit go léir rannpháirteach, cé is moite den Danmhairg. Phléigh na hairí agus d’fhormheas siad buiséad ginearálta na gníomhaireachta do 2017, buiséad a bhfuil méadú tagtha air den chéad uair ó 2010, agus a bhfuil luach €31 milliún anois ann.
Beoshruthú, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 14 agus an 15 Samhain 2016
- Clár sealadach oibre, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14-15 Samhain 2016
- Cúlra faisnéise
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14-15 Samhain 2016
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 14-15 Samhain 2016
- Liosta na rannpháirtithe - 14 Samhain 2016
- List of participants - 15 November 2016
Preaseisiúintí
- Conclúidí ón gComhairle - Coinbhinsiún ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe
- 15/11/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i réimse na slándála agus na cosanta
- 14/11/2016
- An tSiria: Cuireann an tAontas Eorpach 17 n-aire agus Gobharnóir an Bhainc Cheannais leis an liosta smachtbhannaí
- 14/11/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir
- 14/11/2016
- Tá an t-Aontas le tús a chur le hidirbheartaíocht maidir le comhaontú nua leis an Asarbaiseáin
- 14/11/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le creat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála
- 14/11/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Iaráin
- 14/11/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025