- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 6 Nollaig 2016 16:10
Comhar AE-ECAT: Glacann an Chomhairle conclúidí chun an Dearbhú Comhpháirteach a chur chun feidhme
Dearbhú Comhpháirteach AE-ECAT: cur chun feidhme (Grafaic faisnéise)
1. Meabhraíonn an Chomhairle na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2016 inar iarradh go bhfeabhsófaí tuilleadh an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus ECAT trí oibriú le gach Ballstát chun tairbhe gach Ballstát, i bhfianaise na n-aidhmeanna agus na luachanna atá i gcoitinne againn agus na ndúshlán gan fasach atá os comhair an dá eagraíocht. Tá ár slándáil idirnasctha: le chéile, is féidir linn leas a bhaint as raon leathan uirlisí agus an úsáid is éifeachtúla a bhaint as acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun slándáil ár saoránach a fheabhsú. I ndáil leis sin, tá gá le bealaí nua feabhsaithe chun oibriú le chéile ar bhealach uaillmhianach agus pragmatach agus é mar chuspóir foriomlán leo fíorchaidreamh a fhorbairt idir na heagraíochtaí.
2. Leanfar den chomhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT a dhéanamh de mheon lánoscailte agus trédhearcach agus uathriail agus nósanna imeachta cinnteoireachta an dá eagraíocht á n-urramú go hiomlán. Beidh sé bunaithe ar phrionsabail na cuimsitheachta agus na cómhalartachta gan dochar do chineál ar leith bheartas slándála agus cosanta aon Bhallstáit.
3. Is díol sásaimh don Chomhairle an Dearbhú Comhpháirteach a shínigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardrúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i Vársá ar an 8 Iúil 2016. Tugtar leis spreagadh agus tathag nua don chomhar idir an tAontas agus ECAT i réimsí amhail cur i gcoinne bagairtí hibrideacha; comhar oibríochtúil lena n-áirítear ar muir agus, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle ó mhí na Samhna 2016, maidir le himirce neamhrialta; cibearshlándáil agus cibearchosaint; cumais chosanta; an tionscal cosanta agus taighde cosanta; freachnaimh; tacú le hiarrachtaí fothaithe acmhainní ár gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus i gcomharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt agus a dteacht aniar a neartú.
4. Príomhthosaíocht pholaitiúil don Aontas Eorpach is ea cur chun feidhme an Dearbhaithe Chomhpháirtigh. Is gné lárnach é d’iarrachtaí níos leithne atá dírithe ar chumas an Aontais gníomhú mar sholáthróir slándála a neartú, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i réimse na Slándála agus na Cosanta agus maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Cosanta don Eoraip.
5. Is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus ECAT a bhrú ar aghaidh, go háirithe ó síníodh an Dearbhú Comhpháirteach lena n-áirítear maidir le nósanna imeachta agus le leabhair teaicticí comhthreomhara a chur chun feidhme agus a chur faoi lán seoil don idirghníomhaíocht i ndáil le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha; comhar agus comhordú oibríochtúil a fheabhsú ar shaincheisteanna muirí lena n-áiritear idir oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir Láir-Theas (EUNAVFOR MED) Sophia agus Oibríocht Sea Guardian sa Mheánmhuir chun a gcuid sainorduithe a chur chun feidhme, ag forbairt ar an gcomhar rathúil idir an tAontas Eorpach agus ECAT sa Mhuir Aeigéach; freachnaimh chomhthreomhara chomhordaithe a fhorbairt, i réimse na cumarsáide straitéisí chomh maith, d’fhonn teacht aniar a chothú. Déanfar an comhar idir an tAontas agus ECAT i réimse na bhfreachnamh agus urraim iomlán á tabhairt do Chreat an Aontais um Beartas Freachnamh.
6. D’fhonn an dul chun cinn sin a chomhdhlúthú agus dul chun cinn breise a áirithiú sna réimsí uile a liostaítear sa Dearbhú Comhpháirteach, formhuiníonn an Chomhairle an tsraith chomhchoiteann tograí atá i gceangal san Iarscríbhinn. Gníomhaíochtaí nithiúla is ea iad do chur chun feidhme an Dearbhaithe Chomhpháirtigh a d’fhorbair an tAontas Eorpach (SEGS agus seirbhísí an Choimisiúin, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint) in éineacht le ECAT. Ní doiciméad leithleach í an tsraith chomhchoiteann tograí agus caithfear í a léamh i gcomhar leis na conclúidí seo ón gComhairle agus cuirfear iad araon chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach thuas.
7. Tá an tsraith chomhchoiteann tograí á formhuiniú ag ECAT i bpróiseas comhthreomhar trí Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh.
8. Cuireann an Chomhairle in iúl go bhfuil ‘tacar aonair fórsaí’ ag na Ballstáit ar féidir leo a úsáid i gcreataí éagsúla. Le forbairt chomhleanúnach ar chumais na mBallstát trí phróisis an Aontais agus ECAT faoi seach, cabhrófar freisin chun na cumais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don dá eagraíocht a neartú agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don éagsúlacht sa dá chineál eagraíocht agus do na freagrachtaí éagsúla atá acu. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh don Chomhairle an dlúthchomhar leantach neartaitheachle ECAT i réimsí leasa choitinn, go straitéiseach agus go hoibríochtúil araon, sa bhainistiú géarchéimeanna ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta agus i bhforbairt na gcumas cosanta nuair is ionann a n-éilimh.
9. Iarrann an Chomhairle ar an Ardionadaí/Leas-Uachtarán/ar Cheannaire na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tús a chur láithreach leis an obair chun an tsraith chomhchoiteann tograí a chur chun feidhme agus a áirithiú, ar an gcaoi sin, go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán agus go mbeidh siad trédhearcach. Ba cheart tuarascálacha ar chur chun feidhme a chur ar fáil, lena n-áirítear moltaí féideartha don chomhar amach anseo, ar bhonn débhliantúil ag tosú faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2017.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024