Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Bealtaine 2017 12:15

“Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do neartú na slándála agus na cosanta”: Glacann an Chomhairle conclúidí

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le slándáil agus cosaint i gcomhthéacs Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh. Sna conclúidí aithnítear an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an comhar a neartú i réimse na slándála agus na cosanta, agus leagtar amach treoir don obair amach anseo. Áirítear ar na réimsí a chumhdaítear:

- Feabhas a chur ar struchtúir bainistithe géarchéime CBSC, go háirithe an obair atá á déanamh chun cumas míleata pleanála agus seolta (MPCC) a bhunú i bhfoireann mhíleata an Aontais (mar chuid den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí), agus a bheidh i gceannas mhisin mhíleata neamhfheidhmiúcháin CBSC (faoi láthair: EUTM an tSomáil, EUTM RCA, EUTM Mailí), mar a comhaontaíodh an 6 Márta 2017;

- Comhar CBSC a neartú le tíortha comhpháirtíochta, agus é mar aidhm cur chuige níos straitéisí a ghlacadh i ndáil le comhpháirtíochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, d’fhonn an comhar a fheabhsú, ag díriú ar thíortha comhpháirtíochta ar mór acu freisin na luachanna is dual don Aontas, lena n-áirítear an urraim don dlí idirnáisiúnta, agus tíortha atá in ann agus atá toilteanach rannchuidiú le misin agus oibríochtaí CBSC;

- Fothú acmhainní don tslándáil agus don fhorbairt (CBSD), d’fhonn gach ceanglas a chumhdach go hiomlán chun tacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta le go mbeidh siad in ann géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú iad féin;

- Cumais shibhialta a fhorbairt agus freagrúlacht bainistithe géarchéime sibhialtaí a fheabhsú, lena n-áirítear go bhféadfaí croí-acmhainn freagrúlachta a bhunú;

- Mearfhreagairt mhíleata a neartú, lena n-áirítear cathghrúpaí an Aontais, d’fhonn a thuilleadh forbartha a dhéanamh, ar bhealach pragmatach, ar a módúlacht agus chun na socruithe maoiniúcháin a chur in oiriúint de réir mar is gá;

- Comhar cosanta na hEorpa a dhoimhniú, measúnú a dhéanamh agus treoir a chur ar fáil maidir leis an mbealach ar aghaidh

  • i ndáil le buanchomhar struchtúrtha cuimsitheach (PESCO), lena gcuirfí ar chumas na mBallstát sin atá toilteanach agus in ann leanúint den chomhoibriú lena chéile i réimse na slándála agus na cosanta, agus lena gcabhrófaí le hiarrachtaí comhpháirteacha eile, comhar breise agus tionscadail eile a chruthú.
  • go bhféadfaí athbhreithniú bliantúil comhordaithe, ar bonn deonach, a dhéanamh ar an gCosaint (CARD), a bheadh mar phróiseas chun léargas níos fearr a fháil, ar leibhéal an Aontais, ar an gcaiteachas ar chosaint, an infheistíocht náisiúnta agus na hiarrachtaí i dtaca le taighde ar chosaint. Leis sin, thabharfaí tacaíocht do na Ballstáit chun acmhainní a sholáthar le déileáil le treochtaí agus dúshláin straitéiseacha anois agus amach anseo agus chun an comhar cosanta a chur chun cinn agus a fheabhsú ar bhealach gníomhach i measc na mBallstát.
  • an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint ón gCoimisiún Eorpach, lena bhforáiltear d’uirlisí nua airgeadais i ndáil le forbairt cumais agus comhar cosanta chun tacú le tionscal cosanta na hEorpa agus leis an nuálaíocht teicneolaíocha.

Cúlra

Ar an 14 Samhain 2016, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme i réimse na slándála agus na cosanta. Leagtar amach leis na conclúidí sin méid na huallmhéine, is é sin na príomhaidhmeanna is mian leis an Aontas agus na Ballstáit a bhaint amach i réimse na slándála agus na cosanta. Leag an Chomhairle trí thosaíocht straitéiseacha amach: freagairt do choinbhleachtaí seachtracha agus do ghéarchéimeanna seachtracha, cur le hacmhainní na gcomhpháirtithe, agus an tAontas Eorpach agus saoránaigh an Aontais a chosaint. Aithníodh an dul chun cinn agus cuireadh treoir bhreise ar fáil trí bhíthin na gconclúidí ón gComhairle ar an 6 Márta 2017.

Rinne an tArdionadaí, ag gníomhú di ina cáil mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach agus mar Cheann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint freisin, an plean cur chun feidhme maidir le cúrsaí slándála agus cosanta a chur faoi bhráid na mBallstát. Is cuid é den obair leantach ar straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála a chuir an tArdionadaí faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ar an 28 Meitheamh. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis dhomhanda ar an 17 Deireadh Fómhair 2016.

Tá i gceist freisin le cur chun feidhme straitéis dhomhanda an Aontais Eorpaigh breis oibre a dhéanamh ar athléimneacht a fhorbairt agus ar chur chuige comhtháite a fhorbairt i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna, an nasc a neartú idir beartais inmheánacha agus beartais sheachtracha, straitéisí réigiúnacha agus téamacha a thabhairt chun dáta nó straitéisí nua den sórt sin a ullmhú agus iarrachtaí a threisiú i dtaca le taidhleoireacht leis an bpobal.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024