- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 06/03/2018, 6 Márta 2018
Na príomhthorthaí
Buanchomhar struchtúrtha (PESCO)
Inniu, bhí cruinniú stairiúil againn faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha, an chéad chruinniú den Chomhairle in éineacht leis na hairí cosanta. Tá freagracht chomhchoiteann orainn na cinntí a glacadh a chur chun feidhme agus na gealltanais a thug na Ballstáit atá rannpháirteach in PESCO a chomhlíonadh. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Tháinig na hairí cosanta le chéile i "bhformáid PESCO" den chéad uair. Ciallaíonn sin gurb iad na hairí a bhí ann thar ceann na mBallstát atá rannpháirteach in PESCO amháin a bhí bainteach le glacadh na ngníomhartha dlí, ainneoin go raibh airí as gach uile Ballstát i láthair. Ghlac siad cinneadh inniu lena ndéantar liosta na dtionscadal a bheidh le forbairt faoi PESCO a bhunú go foirmiúil agus ghlac siad moladh maidir le treochlár cur chun feidhme.
Chuir na hairí cosanta i dtreis, sa phlé a bhí acu, a thábhachtaí atá sé tionscadail PESCO a chur chun feidhme agus obair a dhéanamh chun próisis agus rialachas a leagan amach sna míonna amach romhainn.
Comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT
Ní raibh an comhar idir ECAT agus an tAontas Eorpach riamh chomh maith agus atá sé ar an aimsir seo. Tá comhlántacht agus comhleanúnachas iomlán ann idir an obair a dhéanaimid le slándáil an Aontais Eorpaigh a neartú agus cosaint agus comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT a neartú. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Phléigh na hairí cosanta an comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT le Leas-Ardrúnaí ECAT, Rose Gottemoeller. Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá an obair leanúnach ar na 74 thogra i 7 réimse éagsúla — obair atá á reáchtáil ag an Aontas le ECAT, agus a bhuí leis an obair sin is gaire an gaol atá idir an dá eagraíocht ná riamh. Chuir na hairí i bhfáth gur ghá obair a dhéanamh ar chur chun feidhme chun torthaí nithiúla a chur ar fáil. Chuir siad an comhar i dtreis i réimsí amhail teacht aniar, cibearshlándáil agus cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, agus leag siad béim ar an tsoghluaisteacht mhíleata go háirithe.
Thug na hairí le fios dá láidre an comhar Eorpach is ea is stóinsithe an colún Eorpach laistigh de ECAT, agus go ndéantar an obair sin i gcomhlántacht iomlán le ECAT. Agus é á thabhairt dá n-aire go dtabharfadh sé ugach nua polaitiúil don chomhar idir an dá eagraíocht, ba dhíol sásaimh dóibh an comhaontú idir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardrúnaí ECAT tús a chur leis an obair i dtreo dearbhú nua a fhéadfar a shíniú ar imeall chruinniú mullaigh ECAT a bheidh ann go luath i mí Iúil.
An tslándáil agus an chosaint
Bhí malartú tuairimí ag airí cosanta an Aontais maidir leis na gnéithe níos leithne a bhaineann le comhar slándála agus cosanta, lena n-áirítear comhsheasmhacht a bheith ann idir tionscadail leanúnacha cosanta an Aontais. Cumhdaíodh sa díospóireacht ábhair amhail an Ciste Eorpach Cosanta agus an obair leanúnach atá á déanamh chun an rialachán maidir leis an gclár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a ghlacadh.
Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht mhíleata ar tosaíocht thábhachtach í chun go mbeidh comhar níos fearr ann idir Ballstáit an Aontais agus idir an tAontas agus ECAT chomh maith. Ina theannta sin, luadh go gcaithfidh dóthain acmhainní agus ionstraimí airgeadais a bheith ann chun leibhéal nua uaillmhian an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta a bhaint amach. Ós amhlaidh atá, chuir an tArdionadaí a tionscnamh maidir le togra le haghaidh saoráid síochána Eorpach faoi bhráid na n-airí, ar saoráid í nach dtiocfadh faoi bhuiséad an Aontais, agus leanfar leis an obair ullmhúcháin air sin sna míonna amach romhainn.
Misin oiliúna
Le linn an lóin, rinne na hairí cosanta athbhreithniú ar mhisin agus ar oibríochtaí EU CSDP. Dhírigh siad ar na trí mhisean míleata neamhfheidhmiúcháin i bPoblacht na hAfraice Láir, i Mailí agus sa tSomáil.
Ba dhíol sásaimh do na hairí cosanta breisluach an chumais mhíleata pleanála agus seolta (MPCC), a bhí freagrach as pleanáil agus seoladh oibríochta na dtrí mhisean sin ó bunaíodh é bliain ó shin. Chuir na hairí i dtreis a thiomanta atá siad leanúint de bheith ag tacú le MPCC agus leis na foirne oiliúna ar an talamh agus líon foirne leordhóthanach a bheith acu.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025