Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16/4/2018, 16 Aibreán 2018

Na príomhthorthaí

An tSiria

Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais an méid a thit amach sa tSiria le déanaí, i ndiaidh do SAM, don Fhrainc agus don Ríocht Aontaithe aerthuairgneáil a dhéanamh ar shaoráidí arm ceimiceach. Roimh chomhdháil na Bruiséile II maidir le 'Tacaíocht a thabhairt don tSiria agus don réigiún amach anseo', phléigh siad a riachtanaí atá sé dul i mbun réiteach polaitiúil arís faoi chuimsiú phróiseas na Ginéive, arna stiúradh ag na Náisiúin Aontaithe. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tSiria.

Is é an t-aon bhealach amháin chun deireadh a chur le fulaingt mhuintir na Siria oiread brú is féidir a chur ar na páirtithe, agus go háirithe ar réimeas na Siria, teacht chuig an nGinéiv agus rún acu caibidlíocht mhacánta a dhéanamh. In éagmais an bhrú, leanfar leis an scrios mar is gnách. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An Iaráin

Phléigh an Chomhairle an Iaráin. D'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad ar aon intinn go hiomlán maidir le socrú núicléach na hIaráine (JCPOA) a chur chun feidhme. Mhol siad na hiarrachtaí taidhleoireachta atá á ndéanamh chun a áirithiú go leanfaidh na páirtithe uile a bhfuil baint acu leis an gcomhaontú de bheith lántiomanta ina thaobh.

"Gheallamar go léir arís go leanfaí le cur chun feidhme iomlán gach cuid den chomhaontú. Tugaimid tacaíocht, mar sin, don obair atá á déanamh go háirithe ag an bhFrainc, ag an nGearmáin, agus ag an Ríocht Aontaithe le rialtas SAM chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na hábhair imní a chuir an tUachtarán Trump in iúl, faoi chuimsiú an chomhaontaithe atá ann cheana. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Phléigh na hairí saincheisteanna eile freisin lasmuigh de raon feidhme JCPOA, go háirithe ról na hIaráine i gcoinbhleachtaí sa réigiún, go háirithe sa tSiria agus in Éimin, mar aon leis an imní atá ar an Aontas faoi chlár diúracán balaistíoch na hIaráine agus faoin staid sa tír sin maidir le cearta an duine. Tugtar aghaidh ar na saincheisteanna sin lasmuigh de JCPOA, lena n-áirítear trí na smachtbhannaí atá á bhforchur cheana féin ag an Aontas.

An Rúis

Rinne an Chomhairle malartú tuairimí maidir leis an Rúis. D'athdhearbhaigh na hairí gnóthaí eachtracha, d'aon toil, ábharthacht na gcúig threoirphrionsabal, a comhaontaíodh i mí an Mhárta 2016, maidir le beartas an Aontais i dtaca leis an Rúis. Cuirtear creat solúbtha ar fáil leo sin don chaidreamh idir an tAontas agus an Rúis, creat inar féidir a bheith daingean maidir le luachanna an Aontais agus a bheith rannpháirteach, ar bhonn roghnach, i gcás ina bhfuil sé soiléir gur chun leas an Aontais é.

Le linn an phlé, a rinneadh i ndiaidh ionsaí Salisbury agus i bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach, leag na hairí béim go háirithe ar an ngá go neartófaí teacht aniar an Aontais agus a thíortha comharsanachta i gcoinne bhagairtí na Rúise, lena n-áirítear bagairtí hibrideacha. San áireamh leis sin, tá feachtais bhréagaisnéise de chuid na Rúise, ar i ndáil leo siúd a mhol na hairí an obair a rinne tascfhórsa thoir na cumarsáide straitéisí sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Ina theannta sin, chuir na hairí i bhfios a thábhachtaí atá sé tacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na Rúise agus leanúint den fhorbairt ar theagmháil idir daoine.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025