Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19/03/2018, 19 Márta 2018

Na príomhthorthaí

Cúrsaí reatha

Ag tús an chruinnithe, phléigh an tArdionadaí agus airí eachtracha an Aontais an t-ionsaí a rinneadh i Salisbury. Ghlac siad ráiteas inar cuireadh in iúl gur sheas an tAontas i ndlúthpháirt go huile agus go hiomlán leis an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear le hiarrachtaí na Ríochta Aontaithe iad siúd atá freagrach as an gcoir seo a thabhairt chun ceartais.

An tSiria

Pléifidh na hairí gnóthaí eachtracha an méid a tharla le déanaí sa tSiria le Staffan de Mistura, Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe don tSiria. Mhol na hairí na dianiarrachtaí atá déanta aige chun go dtiocfar ar réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán leis na hiarrachtaí sin, agus meabhraíonn siad go raibh an tAontas an-soiléir i gcónaí nuair a dúirt sé nach féidir gur réiteach míleata a bheidh ar an gcoinbhleacht seo.

Chuir na hairí in iúl go bhfuil imní orthu faoin staid dhaonnúil atá ag dul in olcas, go háirithe in Afrin agus in Oirthear Ghouta. D’áitigh siad orthu sin ar fad lena mbaineann rún 2401 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme ina iomláine agus láithreach bonn. Phléigh siad freisin na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an staid sa tSiria don réigiún i gcoitinne.

Phléigh an Chomhairle an dara comhdháil a bheidh ar siúl sa Bhruiséil maidir le “Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin” ar an 24-25 Aibreán 2018, faoi chomhchathaoirleacht an Aontais agus na Náisiúin Aontaithe.

Ba mhaith linn leas a bhaint as an gcomhdháil sa Bhruiséil le teachtaireacht shoiléir a thabhairt ón bpobal idirnáisiúnta go gcaithfear stad den chogaíocht agus nach mór tús a chur leis an bpróiseas polaitiúil. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An Iaráin

Phléigh an Chomhairle an Iaráin. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá socrú núicléach na hIaráine, an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta do shlándáil an réigiúin agus lastall den réigiún. Chuir siad in iúl nach mór a áirithiú go leanfaidh gach comhpháirtí lena mbaineann de bheith tiomanta don chomhaontú.

“Is den tábhacht straitéiseach é go gcuirfidh gach comhpháirtí an comhaontú seo chun feidhme ina iomláine. Is ceist slándála againn í, don Eoraip agus don chuid eile den domhain araon. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Phléigh na hairí saincheisteanna eile freisin lasmuigh de raon feidhme an Phlean Cuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta, go háirithe cláir diúracán balaistíoch na hIaráine, chomh maith le ról na hIaráine sa teannas méadaitheach sa réigiún, sa tSiria agus in Éimin san áireamh. Luaigh an tArdionadaí ina preasagallamh go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin lasmuigh de raon feidhme an chomhaontaithe núicléach, agus dúirt sí go rabhthas aontaithe faoin ngá atá ann an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta a chaomhnú agus faoin gá díriú ar shaincheisteanna réigiúnacha le hIaráin trí idirphlé.

Leithinis na Cóiré

Bhí lón neamhfhoirmiúil ag airí gnóthaí eachtracha an Aontais agus an tArdionadaí le Kang Kyung-wha, Aire Gnóthaí Eachtracha na Cóiré Theas. Dhírigh siad ar an staid ar leithinis na Cóiré, i bhfianaise na bhfógraí a rinne ceannaireacht Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) le déanaí.

Tá na hairí ag díriú ar an gcruinniú mullaigh idir Kim Jong-un agus Uachtarán na Cóiré Theas, Moon Jae-in, a bheidh ar siúl i mí Aibreáin, agus ar an cruinniú a fógraíodh idir Kim Jong-un agus Donald Trump, Uachtarán SAM, mar go bhféadfadh sé go gcruthófaí dálaí sna cruinnithe mullaigh sin a bheidh riachtanach chun go mbainfear réiteach daonlathach amach a bheidh dírithe ar dhí-armáil núicléach iomlán, infhíoraithe agus do-athraithe a bhaint amach ar leithinis na Cóiré.

Ba dhíol sásaimh d’airí an Aontais na hiarrachtaí atá déanta ag an gCóiré Theas lena ndírítear ar an teannas a mhaolú sa leithinis agus ar chaidrimh níos fearr laistigh den Chóire.

Na príomhphointí ó na preasráitis ón Ardionadaí Federica Mogherini agus Kang Kyung-wha, Aire Gnóthaí Eachtracha na Cóiré Theas (FÍSEÁN)

An Úcráin

Roinn an Chomhairle tuairimí maidir leis an Úcráin. Chuir na hairí in iúl gur mór acu cuairt an Ardionadaí ar Chív ar an 11-12 Márta. Phléigh siad na forbairtí a rinneadh le déanaí, go háirithe i bpróiseas an athchóirithe. Roimh an gcomhdháil maidir le hathchóiriú san Úcráin a bheidh ar siúl i gCóbhanhávan ar an 27 Meitheamh, ba dhíol sásaimh dóibh an dul chun cinn atá déanta maidir le hathchóiriú eacnamaíoch, agus leag siad béim ag an am céanna ar a riachtanaí atá sé dlús a chur le hiarrachtaí i réimsí áirithe eile, lena n-áirítear an breithiúna agus frithchalaois.

Lá amháin agus ceithre bliana ó ionghabháil neamhdhleathach na Crimé, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas dá beartas neamhaitheantais agus a tacaíocht do chur chun feidhme Chomhaontuithe Minsk ina n-iomláine. Chuir an hairí in iúl go raibh imní orthu faoin staid dhaonnúil in Oirthear na hÚcráine agus d’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad go hiomlán leis an obair atá ar bun ag an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) sa réigiún.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025