Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 25/06/2018, 25 Meitheamh 2018

Na príomhthorthaí

An comhar slándála agus cosanta

Inniu, in éineacht le hairí gnóthaí eachtracha agus airí cosanta araon, ghlacamar cinntí tábhachtacha chun ár gcuid oibre maidir le cúrsaí cosanta an Aontais a thabhairt chun cinn mar ullmhúchán don Chomhairle Eorpach. Chinneamar freisin an comhar atá againn le ECAT a mhéadú a thuilleadh. Tá rún daingean againn leanúint leis an gcomhar sármhaith sin, mar tá dúshláin ollmhóra os ár gcomhair agus mar sin ní mór dúinn a bheith iomlán tiomanta obair as lámh a chéile. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Agus comhar slándála agus cosanta an Aontais á phlé acu, luaigh airí gnóthaí eachtracha agus airí cosanta príomhthionscnaimh chosanta, lena n-áirítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO), an tsoghluaisteacht mhíleata, na tionscnaimh atá beartaithe faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil amach anseo (an Ciste Eorpach Cosanta agus an tsaoráid síochána Eorpach), an comhrac i gcoinne bagairtí hibrideacha agus a thábhachtaí atá sé teacht aniar an Aontais a neartú ar bhagairtí den chineál sin, agus forbairt na gcumas sibhialtach.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le slándáil agus cosaint. Ghlac sí freisin cinneadh freisin lena leagtar amach rialacha rialachais le haghaidh tionscadal a dtabharfaidh PESCO fúthu, agus d'fhormheas sí an chuid ardleibhéil uileghabhálach de na ceanglais mhíleata maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata laistigh agus lasmuigh den Aontas.

Roimh chruinniú mullaigh ECAT amach anseo (11-12 Iúil), bhí malartú tuairimí ag na hairí gnóthaí eachtracha agus cosanta maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg. I bhfianaise na ndúshlán a bhí ann le déanaí i ndáil leis an gcaidreamh trasatlantach, leag siad béim ar an gcomhar maith leanúnach maidir le cúrsaí slándála agus cosanta idir an dá eagraíocht, agus comhlántacht iomlán eatarthu. Leag siad béim ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir leis na 74 bheart nithiúla lena gcuirtear chun feidhme an Dearbhú Comhpháirteach ó Uachtarán na Comhairle, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardrúnaí ECAT i mí Iúil 2016. Spreag siad tuilleadh comhair, go háirithe maidir le soghluaisteacht mhíleata agus cur i gcoinne bagairtí hibrideacha.

Éimin

Phléigh airí gnóthaí eachtracha na forbairtí is déanaí in Éimin in éineacht le Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe Martin Griffiths, a chuir ar an eolas iad maidir leis an bplean síochána atá aige. Bhí malartú tuairimí ag na hairí i ndáil leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Aontas, lena n-áirítear for-rochtain pholaitiúil, agus go háirithe an t-idirphlé réigiúnach leis an Iaráin maidir le hÉimin, chomh maith le tacaíocht dhaonnúil agus forbartha. Bhreathnaigh siad ar bhealaí chun an próiseas atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe a neartú. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hÉimin.

Maenmar/Burma

Chuir an Chomhairle seachtar faoi réir bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Maenmar/Burma. Orthu seo a leanas a forchuireadh na smachtbhannaí sin: oifigigh de chuid arm Mhaenmar/Burma (Tatmadaw), oifigigh de chuid gharda teorann Mhaenmar/Burma agus oifigigh phóilíneachta Mhaenmar/Burma, a cuireadh ar an liosta de bhrí go raibh siad rannpháirteach in ainghníomhartha coiriúla ollmhóra agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, in aghaidh phobal Rohingya, nó go raibh baint acu leo, i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Glacadh an cinneadh sin gan díospóireacht.

Veiniséala

Chinn an Chomhairle bearta sriantacha a chur i bhfeidhm ar 11 dhuine a bhfuil poist oifigiúla acu. Tá na daoine a liostaítear freagrach as cearta daonna a shárú agus as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Glacadh an cinneadh sin gan díospóireacht.

Corn na hAfraice agus an Mhuir Rua

Rinne an Chomhairle conclúidí a phlé agus a ghlacadh maidir le Corn na hAfraice agus an Mhuir Rua. Chuir airí gnóthaí eachtracha i dtreis tábhacht straitéiseach an réigiúin don Aontas. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le hiarrachtaí atá dírithe ar fhóram réigiúnach atá eagraithe agus cuimsitheach le haghaidh idirphlé agus comhar maidir leis an Muir Rua.

Straitéis Dhomhanda an Aontais

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar chur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais bunaithe ar an dara tuarascáil ar dhul chun cinn. Ba dhíol sásaimh do na hairí an dul chun cinn tábhachtach a baineadh amach agus d’iarr siad go leanfaí le cur chun feidhme i ngach ceann de na réimsí tosaíochtaí a sainaithníodh sa straitéis.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024