- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16/07/2018, 16 Iúil 2018
Na príomhthorthaí
An Libia
Phléigh an Chomhairle cúrsaí na Libia i bhfianaise na cuairte a thug an tArdionadaí, Federica Mogherini, ar an tír sin ar an 14 Iúil chun an foirgneamh a bheidh ag Toscaireacht an Aontais Eorpaigh i dTripilí a oscailt go hoifigiúil. Ba dhíol sásaimh d'airí gnóthaí eachtracha an Aontais an tAontas a bheith ar fáil arís ar thalamh na Libia, rud a léiríonn a thábhachtaí atá saothar an Aontais do chobhsaíocht, do shlándáil, agus do rathúnas na tíre sin.
Maidir leis an bpróiseas polaitiúil, is dóigh linn nach mór dlús a chur leis an obair a bhaineann le toghcháin a chur ar siúl; obair í sin a dtacaímid léi. Is dóigh linn freisin nach mór go mbeadh creat bunreachtúil agus dlíthiúil ceart ann sula dtarlóidh na toghcháin sin. I dtaca leis an ngeilleagar, bhíothas ar aon fhocal gur cheart dúinn cur leis an obair a dhéanaimid i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe ar mhaithe lena áirithiú go mbeifear in ann ioncaim na hola a dháileadh go trédhearcach. I dtaca le cúrsaí imirce, cinneadh béim a choinneáil anois agus feasta ar an gcomhar agus ar an gcomhpháirtíocht – ní hé amháin leis an Libia – ach thar aon dream eile, le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus leis an Aontas Afracach. Federica Mogherini, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
A dtacaíocht d'Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ghassan Salamé athdhearbhaithe ag na hairí gnóthaí eachtracha. Is mór an díol sásaimh dóibh go bhfuil réiteach anois ar an ngéarchéim a tharla le gairid i gCorrán na hOla; leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an méid ba shiocair leis an ngéarchéim sin. Leag siad béim freisin ar an toradh a bhí ar obair an Aontais i dtaca le cúrsaí imirce, go háirithe ar an tacaíocht a thug sé don Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus do UNHCR. I ngeall ar an obair sin, bhíothas in ann 28 000 imirceach a ligean ar ais chuig a dtír dhúchais dá ndeoin féin.
Comhpháirtíocht an Oirthir
Phléigh an Chomhairle Comhpháirtíocht an Oirthir de théisclim don chruinniú a bheidh ag airí na Comhpháirtíochta i mí Dheireadh Fómhair. D'athdhearbhaigh na hairí gnóthaí eachtracha tiomantas an Aontais i leith an réigiúin, i leith chlár oibre an athchóirithe, i leith na dtosaíochtaí dá ngairtear na '20 sprioc insoláthartha don bhliain 2020', agus i leith geilleagar, rialachas, nascacht, agus sochaí níos tréine a bhaint amach. Rinne an Chomhairle athdhearbhú ar a ábhartha atá an cur chuige saincheaptha difreáilte chun gur féidir le gach aon cheann de shé thír na Comhpháirtíochta (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin) a gcinneadh féin a dhéanamh maidir lena bhfuil á shantú acu mar chaidreamh leis an Aontas.
Thug na hairí dá n-aire an dul chun cinn atá déanta ag na sé thír sin. Ina theannta sin, chuir siad i dtreis a riachtanaí atá sé dlús a chur leis an athchóiriú i réimsí an rialachais agus an cheartais, i gcomhrac an éillithe, in athchóiriú an gheilleagair, agus sa timpeallacht ghnó. Chuir siad in iúl go raibh imní ar leith orthu faoina bhfuil ag titim amach i bPoblacht na Moldóive.
Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé an deis a thapú, ach a mbeidh 10 mbliana den chomhpháirtíocht á cheiliúradh in 2019, aird a tharraingt ar thiomantas an Aontais i leith an réigiúin.
An Chóiré Thuaidh
Le linn lóin, phléigh na hairí gnóthaí eachtracha cúrsaí i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC). D'athdhearbhaigh siad a lántiomantas tacú le pé iarrachtaí a dhéanfaí chun dí-armáil núicléach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe a bhaint amach ar Leithinis na Cóiré. D'athdhearbhaigh siad freisin go raibh an tAontas ar tinneall chun éascú a dhéanamh ar pé bearta ba ghá chun an cuspóir sin a bhaint amach. I gcomhréir le beartas an Aontais teagmháil chriticiúil a dhéanamh le DPDC, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé brú a choinneáil i gcaitheamh an ama ar an gCóiré Thuaidh trí bhíthin smachtbhannaí ach na bealaí cumarsáide a choinneáil ar oscailt san am céanna. Ina theannta sin, d'aontaigh siad d'aon toil moladh do DPDC an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha a shíniú agus a dhaingniú mar chéim loighciúil ionsar gealltanais infhíoraithe dhlícheangailteacha a dhéanamh as na ráitis pholaitiúla atá déanta aici le tamall anuas.
- Bileog eolais faoin Aontas agus faoi DPDC (SEGS)
- Bearta sriantacha an Aontais i gcoinne na Cóiré Thuaidh (eolas cúlra)
An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), 20 bliain tar éis ghlacadh Reacht na Róimhe (17 Iúil). Béim á leagan ag an gComhairle ar anobair mhór a rinne an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir leis an an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis. Tráth a bhfuil brú níos mó ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh an córas dlí choiriúil a neartú. Meabhraítear don Chomhairle go bhfuil an tAontas Eorpach ag tacú leis an gCúirt ón uair a cruthaíodh é agus bhain sé úsáid as na hionstraimí atá aige chun cabhrú le leibhéal tacaíochta ar son na Cúirte a mhéadú. Glacadh, gan díospóireacht, na conclúidí seo.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024